‘An cúnamh iontach seo leis an gcuartú do Mháire, neartódh sé do mhuinín i nádúr breá an duine’ 

Chuaigh Máire Úna Ní Fhátharta, 31 bliain d’aois, as Doire Locháin sna Forbacha ar iarraidh amach ó chósta Chonamara Dé Máirt seo caite agus tá na céadta á cuardach moch is deireanach, ar muir is ar tír, ó shin 

‘An cúnamh iontach seo leis an gcuartú do Mháire, neartódh sé do mhuinín i nádúr breá an duine’ 

Deir muintir Mháire Ní Fhátharta, snámhaí mná a chuaigh ar iarraidh san uisce i gConamara sé lá ó shin go bhfuiltear dóchasach i gcónaí go n-éireoidh leis an chuardach.  

Chuaigh Máire Úna Ní Fhátharta, 31 bliain d’aois, as Doire Locháin sna Forbacha ar iarraidh Dé Máirt seo caite ag Trá na gCeann i mBearna agus tá na céadta á cuardach moch is deireanach, ar muir is ar tír, ó shin.  

In agallamh ar RTÉ inniu, rinne deirfiúracha Mháire, Fionnuala agus Maighréad, cur síos ar an iarracht mhór phobail atá ar bun le beagnach seachtain anuas agus ghabh siad buíochas mór le chuile dhuine atá ag tacú leis an chuardach.  

 “Ní chreidfeá go deo an chaoi ar tháinig daoine a chúnamh dúinn.  Cuireadh fios ar na seirbhísí agus mar sin ach leis an bhfírinne a dhéanamh is é an pobal féin a bhain an chaint dínn agus ní bheadh muid mar atá muid inniu murach na daoine sin uilig. 

 “Tá a fhios agam go bhfuil muid fós ag cuartú ach tá dul chun cinn déanta agus chuile lá foghlaimíonn muid rud éicint eile agus tá muid ag cur feabhas ar na cuardaigh agus le cúnamh Dé gheobhaidh muid toradh na hoibre sin uilig go luath,” a dúirt Fionnuala Ní Fhátharta.  

Dúirt Fionnuala go bhfuil dhá sheisiún cuardaigh á n-eagrú gach lá, ceann sa lá agus ceann eile san oíche agus gur údar mór misnigh líon na ndaoine a thagann amach sa drochaimsir agus sa dorchadas.  

 “Nuair a fheiceann muid na scuainí fada daoine ina seasamh ansin agus iad réidh le ghabháil ag cuartú Mháire, baineann sé an mothú asainn. 

 “Bhí 600 duine amuigh ansin ag cuartú le solas an lae agus suas le 400 ag cuartú san oíche. Níl oíche nach mbíonn ar a laghad 250 duine amuigh sa gcladach anróiteach agus é fuar fliuch. Murach na daoine sin ar fad chlisfeadh ár misneach agus ár ndóchas agus ní fhéadfadh muid coinneáil ag imeacht,” a dúirt Fionnuala Ní Fhátharta.  

Ní taobh le muintir na háite é, tá daoine ag taisteal ó cheann ceann na tíre le bheith páirteach sa chuardach agus tá an scéal á scaipeadh ar líne.  

 “Bhí 25 drón san aer againn agus go leor de na daoine sin, is amhlaidh a chonaic siad na postálacha a bhí againn ar na meáin shóisialta nó chuala siad fúinn ó chairde nó cairde a lucht aitheantais. D’fhág siad chuile shórt agus tháinig siad anseo le bheith páirteach sa gcuartú.  

 “Amuigh ar an uisce ní raibh againn ach cúig nó sé de bháid an chéad lá, bhí suas le scór ann an dara lá agus arú inné sílim go raibh thart ar 120 soitheach amuigh ansin ag cuartú Mháire agus chuile chineál trealamh a d’fhéadfaidís a fháil acu – báid, scairdscíonna, cláracha céaslóireachta, aon rud a d’fhéad daoine a aimsiú.  

“Cinnfidh sé go brách orainn ár mbuíochas a ’spáint dóibh as a ndearna siad dúinne. Tá rud amháin faoin gcúnamh iontach seo uilig, neartódh sé do mhuinín i nádúr breá an duine. Is uafásach go deo an tubaiste í seo ach tá daoine chomh lách agus chomh maith.” 

Agus cur síos á dhéanamh aici ar Mháire, dúirt a deirfiúr Mairéad gur “iontach go deo an duine” í agus go raibh “cion an tsaoil” ag éinne a chas léi uirthi.  

“Duine speisialta a bhí inti.  Is léiriú ar an gcion sin an méid daoine atá ag teacht anseo á cuartú. Bhí sí ar an duine is cineálta, is barrúla agus is speisialta dár chas riamh orm nó a chasfas go deo, is dóigh.  

“Deirfiúr iontach a bhí inti agus páirtí maith ag Dan [King, páirtí Mháire]. Beidh sé fíorchrua orainne tabhairt faoin saol dá huireasa ach ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil lenár muintir, lenár gcairde agus leis na mílte eile a tháinig anseo le Máire a fháil. Déarfainn go ndéarfadh chuile dhuine gur duine ar leith ab ea Máire agus bhí an t-ádh glan orainne go raibh aithne againn uirthi.” 

Dúirt Mairéad Ní Fhátharta nach stopfaidh an teaghlach go dtí go bhfaighidh siad Máire ar ais.  

“Tuigeann muid go maith go bhfuil an aimsir go dona agus go bhfuil ar dhaoine a ghabháil ar ais ag obair an tseachtain seo ach tá muid ag iarraidh coinneáil leis an gcuartú agus ní stopfaidh muid go dtí go bhfaighidh muid Máire,” ar sí.  

Tá breis agus €200,000 bailithe trí fheachtas GoFundme ‘Tugadh muid Máire abhaile’, ó seoladh é Dé hAoine seo caite le cuidiú leis na bádóirí atá á cuartú ó shin íoc as an mbreosla agus an trealamh tarrthála atá ag teastáil le haghaidh an chuardaigh. 

Mí Lúnasa seo caite a thosaigh Máire ag obair mar oifigeach pleanála teanga le ‌Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga. 

Tá dhá chorp faighte san uisce ó cuireadh tús leis an chuardach do Mháire san fharraige amach ó chósta na Gaillimhe tráthnóna Dé Máirt seo caite.  

Fuarthas corp mná (45 bliain d’aois) amach ó Inir Oírr Dé Sathairn, bean a bhí ar iarraidh i gCorcaigh le beagnach seachtain.    

Tá imscrúdú ar bun ag na Gardaí ó thángthas ar chorp fir ag Cé an Chladaigh i nGaillimh inné. 

 

 

 

 

Fág freagra ar '‘An cúnamh iontach seo leis an gcuartú do Mháire, neartódh sé do mhuinín i nádúr breá an duine’ '