An crochadh póstaer toghcháin a chrochfaidh Paschal Donohue? 

Tá an tAire Caiteachais Phoiblí Paschal Donohue le ráiteas eile a dhéanamh sa Dáil inniu le ceisteanna a fhreagairt faoi shíntiús polaitíochta nár cláraíodh

An crochadh póstaer toghcháin a chrochfaidh Paschal Donohue? 

Tá conspóid ar siúl in Washington D.C. faoi láthair maidir le cáipéisí rúnda a aimsíodh i dteach agus in oifig phríobháideach an Uachtaráin Joe Biden. Tháinig an chonspóid sin sna sála ar an gconspóid faoin iar-Uachtarán Donald Trump a bheith ag coinneáil cáipéisí le heolas tábhachtach agus rúnda iontu. Ceapadh Fiosraitheoir Speisialta chun féachaint ar an dá chonspóid, agus déanfar cúiseanna dlí a thionscnamh más gá.

Sa Bhreatain, tá ceisteanna á gcur faoi chúrsaí cánach an iar-aire airgeadais, Nadhim Zahawi. Tá lucht an fhreasúra ag cur ina leith gur theip air a dhóthain cánach a íoc, agus achainí á déanamh ar na húdaráis fiosrúchán a bhunú.

Anseo in Éirinn, tá an tAire Caiteachais Phoiblí Paschal Donohue le ráiteas eile a dhéanamh sa Dáil inniu le ceisteanna a fhreagairt faoin síntiús polaitíochta a raibh luach €1,057 curtha leis, nár cláraíodh i gceart nuair a fuair sé é sa bhliain 2016. Tuigtear go bhfuil an scéal faoin síntiús as póstaeir thoghcháin a chrochadh á mheas ag an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (SIPO) agus cinneadh le déanamh faoinar cheart fiosrúchán a bhunú ina leith.

Le seachtain anuas, tá iarrachtaí ar bun ag Paschal Donohue agus ag a chomhghleacaithe sa chomhrialtas a iontaofacht, nár ceistíodh go dáiríre go dtí seo, a chruthú. Bhí preasócáid ag an Aire Donohue go gairid i ndiaidh fhoilsiú na dtuairiscí nár chuir a fheachtas an t-eolas iomlán chuig SIPO tar éis an toghcháin sa bhliain 2016. Ocht lá níos déanaí agus tá muid fós ag caint ar an gceist seo – agus ní comhartha maith é sin do Paschal Donohoe.

Cuireadh tús leis an gcéad seisiún Dála den athbhliain an tseachtain seo caite, leis an gcéad díospóireacht na gceannairí faoi cheannaireacht Leo Varadkar mar Thaoiseach nua. Díríodh go príomha ar shíntiús polaitíochta Paschal Donohoe. Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald go bhfuil smál ar an rialtas seo mar gheall ar na ‘scannail’ a bhíonn ag cur as dó agus thagair sí do chonspóid Damien English, a d’éirigh as a ról mar aire stáit an tseachtain seo caite mar gheall ar neamhréireanna in iarratas pleanála a rinne sé.

Ní léir fós an fáth nár thug Paschal Donohoe freagraí ar na ceisteanna réasúnta seo…

Ní hionann an dá cheist, go deimhin.

D’admhaigh Damien English gur chuir sé iarratas ar chead pleanála isteach chuig Comhairle Chontae na Mí, agus fios aige go raibh eolas míchruinn ann a chabhródh leis an cead sin a fháil, ach maíonn Paschal Donohue i gcónaí nár thuig sé nach obair dheonach a bhí i gceist leis an obair thoghcháin a rinneadh ar a shon, nó go raibh air an obair a chlárú mar shíntiús polaitíochta.

An cuma leis an bpobal faoin scéal seo, áfach? An mbreathnóidh lucht cáinte an rialtais ar an scéal seo mar shampla den ealaín a bhaineann, dar leo, le saol na polaitíochta? An seasfaidh daoine le Paschal Donohue, a bhfuil blianta caite aige ina aire airgeadais, blianta inar tháinig geilleagar na tíre chuige féin tar éis na géarchéime eacnamaíochta, fear a bhfuil meas air go hidirnáisiúnta de bharr a róil mar Uachtarán ar an ngrúpa Euro? Nó an dtuigeann an gnáthdhuine ról agus cúraimí Uachtarán an Ghrúpa Euro, fiú?

Deirtear sa bpolaitíocht – más ag míniú scéil a bhíonn tú gur ag snámh in aghaidh an easa atá tú.

Tá ceisteanna a chomhghleacaithe le freagairt ag Paschal Donohoe sa Dáil inniu, léiriú ann féin go dtuigeann sé féin nach raibh an leithscéal a ghabh sé nó an míniú a thug sé roimhe seo sásúil. Chinntigh an teip sin go mbeadh an scéal i mbéal an phobail seachtain eile, ar a laghad.

Cuirtear i leith Paschal Donohoe go mbíonn leathshúil i gcónaí aige ar chúrsaí idirnáisiúnta, agus go bhfuil an seans ann go meallfaí i dtreo na hEorpa é gan mhoill.

An é go raibh a aird dírithe chomh mór sin ar cheisteanna móra thar lear, nár thug sé faoi deara chomh mór is a bhí sé i bponc ag baile?

Fág freagra ar 'An crochadh póstaer toghcháin a chrochfaidh Paschal Donohue? '

  • Antain Mac Lochlainn

    Imeartas focal deas ansin. Is deacair ceannlíne chliste a chumadh, ach sin sampla breá.