An craiceann agus a luach liteartha: tá go leor den fhírinne gharbh i Skintown

LÉIRMHEAS LEABHAIR: Tá súil agus cluas aisteora ag Ciaran McMenamin, údar ‘Skintown’, úrscéal nua as Inis Ceithleann

An craiceann agus a luach liteartha: tá go leor den fhírinne gharbh i Skintown

Skintown? Inis Ceithleann atá i gceist. Sea, tá úrscéal nua as Inis Ceithleann againn agus níor scríobh Séamus Mac Annaidh é. Aisteoir, Ciaran McMenamin a scríobh Skintown, scéal Vinny Duffy, ógánach náisiúnach atá ag teacht in aois fir tráth na sosanna comhraic sa Tuaisceart, sna 1990í luatha.

Tá an choimhlint ag teacht chun deiridh – ar dhóigh – ach ní heol do Vinny ná dá chomrádaithe gurb amhlaidh an scéal. Tá siadsan gafa go fóill san fhoréigean laethúil – foréigean an stáit, foréigean a bpobail féin, foréigean an phobail ar an pháirc thall. Ólann siad agus ceolann siad. Tá Duffy sotalach ina chuid ceoil; taitníonn cineál áirithe ceoil leis – The Who, The Cure, The Stone Roses – agus tá gráin aige ar gach aon rud nach sásaíonn an caighdeán sin. Lena chois sin, tá a chroí in Man Utd agus is fuath leis an Eaglais Chaitliceach.

Saol garbh atá ag Duffy, saol gan mhúineadh, saol gan airgead, saol gan dóchas, saol gan chreideamh, saol nach bhfuil mórán lena mholadh ach go bhfuil cairde maithe aige, cairde a thógann an cian de. Leoga, tá an saol chomh garbh sin ag Duffy go gcreideann sé go bhfuil saol níos fearr le fáil i mBéal Feirste. Is beag a chiall! Scéal faoi fhir atá ann mar Skintown. Is ar éigean gurb ann do na mná. Tugann Duffy neamhaird ar mhianta a mháthar go leanfadh sé leis an oideachas agus níl sna cailíní áitiúla ar comhaois leis ach ábhar eile craicinn.

Tá drugaí ann fosta – cannabas den chuid is mó – ach tugann socrú le beirt dílseoirí deis do Duffy cúpla pingin a dhéanamh as piollaí eacstaise. Sea, tá seicteachas agus seicteachas ciallmhar ann ach seift dheas atá sa mhír seo – agus seift inchreidte – a chuireann cor sa scéal.

Tá paisean agus greann i Skintown agus sleachta garbha cainte, sleachta ina ligeann an t-údar a liú ach ina gcailleann sé smacht ar an scéal: “In this particular seat of learning, the learning didn’t actually matter as long as you excelled at Gaelic football. In fact, you could fail all of your exams in your vital year and be brought back the following September anyway if you were good enough for the school team. Every lunchtime the playing fields are policed by a gang of intimidating sixth-years, with full beards and cocks down to their knees, who are re-sitting their GCSEs for the third year in a row because they can kick the ball over the bar from forty yards.”

GCSEs trí bliana i ndiaidh a chéile? Is beag seans nó scriosfadh a leithéid de ‘scoláire’ dea-staitisticí na scoile, dá fheabhas mar pheileadóir é, agus cad é an comórtas scoile peile a ghlacfadh le déagóir a bhí naoi mbliana déag d’aois?

Rianta beag den chineál seo áibhéile a mhilleann an leabhar anois agus arís. Ní loiteann siad ar fad é nó tá go leor den fhírinne gharbh ann leis an léitheoir a choinneáil ar an chosán chruthaitheach.

Tá sleachta áille próis ann fosta. Tá dúil mhór ag Duffy san iascaireacht – dúil atá ag an údar féin – agus is léir a dháimh lena cheantar dúchais: “A startled heron appears out of the rushes in front of us and slopes off over the water, like a pterodactyl. Nothing has changed here for ever. One hundred and fifty-four islands, twenty-six miles of open water and no people. The August breeze is lukewarm and we strip to the waist to let it under our arms and into our pores. The rushes stand proud, burned brown against the vivid green hills. The big lough stones reach out from the low summer waters, bleached white by the sun.”

Ní nach ionadh agus an t-ábhar atá ann, tá daoine ag cur leabhar McMenamin i gcomparáid le Trainspotting Irvine Welsh. Tá sin intuigthe. Is dócha go gcuirfear gach aon leabhar i mBéarla a bhaineann leis an óige éadóchasach i gcomparáid le Welsh. Thuigfeá as an chomparáid sin gur moladh atá ann. Bíodh sin mar atá, tá deis ag McMenamin a lorg féin a fhágáil ar an litríocht agus, b’fhéidir, rud níos fiúntaí arís a scríobh. Tá súil agus cluas aisteora aige; tá sé iontach maith ag cur síos ar radharcanna, ar chaint na ndaoine, ar chíréibeacha, ar íomhánna de gach aon sórt.

Níl sé go díreach chomh maith ag tabhairt léargais ar anam an duine. Cad é an sórt leabhair a bheadh againn dá mbeadh sé in ann anam an duine a aimsiú mar a aimsíonn sé anam na dúiche?

Fág freagra ar 'An craiceann agus a luach liteartha: tá go leor den fhírinne gharbh i Skintown'

  • Éadóchasach

    An colún is déanaí de chuid Thuairisc.ie: Léirmheasanna fé leabhair…i mBéarla! An é sin an rud atá uainn agus neart leathanach tugtha do litríocht an Bhéarla gach seachtain? An é sin an rud a theastaíonn ón dteanga agus í ag dul i dtrá? Nach scríbhneoir de shaghas éigin thú, a Phóil? Má tá rud rí-mhaith léite agat i mBéarla, aistrigh é agus cur le saibhreas an teangan. Ach é aistrithe go Gaeilge, bheinn sásta léirmheas a léamh faoi.

  • Stilla

    Aontaím le hÉadóchasach, faraoir.