An ‘Corrán Dearg’ níos deirge le fearg ar lá na Gaeilge i Nua-Eabhrac

Is é seo an dara bliain ar bhailigh slua ag Rocky Sullivans i Red Hook le máirseáil ar son cearta teanga. Tuairisc ó Nua-Eabhrac

Rocky Sullivans

Mháirseáil 50 duine ar son cearta teanga na Gaeilge i mBrooklyn, Nua-Eabhrac an tseachtain seo. Bhailigh an slua do Lá Dearg Nua-Eabhrac 2015 le luí na gréine ag teach tábhairne Rocky Sullivans sa Chorrán Dearg (Red Hook) le máirseáil i gcoinne easpa tacaíochta an Stáit don teanga.

Lean an mháirseáil an Ceann Feadhna, Aingeal de Brún, bean óg atá ag freastal ar ranganna Gaeilge i Rocky Sullivans ón uair a thosaigh siad cúpla bliain ó shin agus a bhain amach scoláireacht Fulbright anuraidh le freastal ar chúrsa Gaeilge i nGleann Colm Chille.

Labhair sí le Tuairisc.ie faoin mbród a bhraith sí mar Cheann Feadhna na paráide.

Dúirt sí gurb í an teanga croílár chultúr na hÉireann agus gurbh onóir a bhí ann a bheith á céiliúradh.

Is é seo an dara bliain ar bhailigh slua ag Rocky Sullivans le máirseáil ar son cearta teanga. Eagraíodh Lá Dearg eile anuraidh mar chomhartha tacaíochta leis na hagóidí móra a tharla i mBéal Feirste, Gaillimh agus Baile Átha Cliath.

Labhair cuid den slua amach faoin MP ón DUP Gregory Campbell, ag rá gurb é a ráiteas “Curry my yoghurt can coca coalyer” a spreag iad leis an dara siúlóid a eagrú.

Luaigh fear, nach raibh sásta a ainm féin a roinnt linn, gur masla ollmhór a bhí ann agus dúírt sé go raibh sé ag iarraidh ionadaíocht a dhéanamh ar son na nGael i Nua-Eabhrac agus a fhógairt nach raibh siad sásta glacadh le hiompar Campbell.

Is múinteoir Gaeilge é Daithí Mac Lochlainn a bhíonn ag cur comhairle ar fhoghlaimeoirí Gaeilge in Rocky Sullivans uair in aghaidh na seachtaine. “Tá an dream seo an-díograiseach, is mór an tsuim atá acu (sa teanga). Tá siad an-dáiríre faoin nGaeilge cé go dtuigeann siad an focal is tábhachtaí – an chraic,” a dúirt Mac Lochlainn.

Labhair sé faoin spraoi a bhíonn ag na Gaeil i Meiriceá agus iad ag foghlaim na Gaeilge.

“Sin é an fáth nach bhfuil an ghráin ag na Meiriceánaigh ar an nGaeilge. Tá daoine ag foghlaim na Gaeilge anseo ó 1872. Tá an Lá Dearg tábhachtach ionas go dtuigfidh muintir na hÉireann go bhfuil sí (an Ghaeilge) fiúntach agus go bhfuil sí tábhachtach.”

Luann sé na pleannanna eile atá acu don teanga i Nua-Eabhrac chomh maith.

“Dar le Chris Byrne (úinéir Rocky Sullivans) go mbeidh sé anseo gach uile bhliain. Fuair Chris inspioráid ón Lá Gaeilge i mBaile Átha Cliath, agus dúirt leis féin: ‘Cén fáth nach féidir linn é a dhéanamh anseo?’ Baineann muid craic as, baineann an dream seo taitneamh as an nGaeilge.”

Tá George Kornienko ag obair i Rocky Sullivans le 25 bliana. Is leath-Éireannach é a bhfuil dúil aige sa teanga a chur chun cinn. Agus é ag labhairt faoin Lá Dearg, dúirt sé gur thug sé deis do gach éinne a n-oidhreacht Éireannach agus a n-oidhreacht mar Ghael-Mheiriceánaigh a chur in iúl.

“Is féidir linn céiliúradh a dhéanamh tríd an teanga a labhairt, breathnú ar scannáin agus craic a bheith againn ag an am céanna,” a dúirt sé.

Dar leis gur iomaí teanga atá i mbaol agus gur trua dá gcaillfí iad. Caithfear iad a choinneáil beo ach go háirithe i Meiriceá, áit a nglactar leis go bhfuil Béarla ag gach éinne, a dúirt Kornienko.

Cuireadh clabhsúr ar an lá le ceol, amhránaíocht agus damhsa i Rocky Sullivans agus grúpa ceoil Chris Byrne ina measc siúd a chuir siamsaíocht ar fáil do Ghaeil Mheiriceá.

Fág freagra ar 'An ‘Corrán Dearg’ níos deirge le fearg ar lá na Gaeilge i Nua-Eabhrac'