An coraintín i gcomhluadar Dhoireann Uí Ghlacáin, Kanye West, Mary Aggie, Cian Ó Cíobháin agus Nuala Ní Dhomhnaill

Sa mhír nua seo insíonn daoine éagsúla dúinn faoi na leabhair, scannáin, albaim, podchraoltaí agus eile atá ag tabhairt faoiseamh, spreagadh nó lón machnaimh dóibh

An coraintín i gcomhluadar Dhoireann Uí Ghlacáin, Kanye West, Mary Aggie, Cian Ó Cíobháin agus Nuala Ní Dhomhnaill

Tá an t-ádh dearg orm go bhfuil siúlóidí breátha cois na farraige cóngarach do mo theach agus mar sin de, tá mé ag éisteacht le cuid mhór ceoil san am i láthair agus mé ar an trá – cuireann ‘Jenny’s Welcome to Charlie’ le The Bonnymen luas faoi mo chuid siúil i gcónaí,  thit mé ar ais arís i dtiúin le cuid de na clasaicí a bhí ag Kanye West ‘All falls Downs’ agus ‘Flashing Lights’ ,‘Mary Keane’s Introduction’ le Daithí agus ‘Somhairle’ le Niteworks agus mé ag smaoitiú ar Fhéile na Gealaí agus Electric Picnic.

Bíonn an clár An Taobh Tuathail le Cian Ó Cíobháin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta thar barr i gcónaí, ach ó thosaigh Cian ag craoladh ón bhaile, tá an ceol ag gabháil i bhfeidhm orm agus suím ag éisteacht leis, ní miste mura bhfuil an ceol ar m’eolas, tá sé deadly.

Bainim sult iontach as podchraoladh Dhoireann Uí Ghlacáin ‘Mise Éire’, bíonn aíonna iontacha aici. Choinnigh a hagallamh le Breanndán Ó Beaglaoich faoina fhadhbanna leis an gcóras pleanála m’aird agus agus bhí mé ag titim thart ag gáirí fán chraic a bhí eatarthu freisin. Tá trua agam don fhear a chonaic uaidh mé ar an trá le linn an eagráin sin!

Nuair nach bhfuil deis agam castáil le cairde, bíonn muid i dteagmháil rialta le chéile (grúpa WhatsApp Beo ar Éigean a chuireann ag scig-gháirí mé gach uair an chloig)  agus ag moladh leabharthaí agus cláracha dá chéile: léigh mé Where the Crawdads Sing le Delia Owens, leabhar deas atá suite i gceantar bocht iargúlta ar imeall na farraige i Meiriceá agus Normal People le Sally Rooney, a chuir frustrachas agus ísle brí orm (ní fhaca mé an tsraith teilifíse a go fóill) agus fuair mé an cnuasach filíochta Duanaire an Chéid ó mo chara Hannah, agus tá na dánta le Máirtín Ó Direáin agus Nuala Ní Dhomhnaill go háirithe ag tabhairt sásamh iontach dom.

Ó thosaigh an ghlasáil seo i mí an Mhárta, tá go leor d’fhilíocht Uí Dhomhnaill léite agam agus mé gafa agus faoi dhraíocht ag na mothúcháin a léiríonn sí, agus a mhúsclaíonn a saothar.

Tá na físeáin ghreannmhara ar Facebook ag Mary Aggie, ón Pholl Dóite, ag tabhairt tógáil croí don oiread daoine agus tá súil agam go leanfaidh sí uirthi i ndiaidh an ama seo.

Giota ar ghiota, beidh rudaí i gceart agus súil agam teaghlach agus cairde a fheiceáil go luath.

Fág freagra ar 'An coraintín i gcomhluadar Dhoireann Uí Ghlacáin, Kanye West, Mary Aggie, Cian Ó Cíobháin agus Nuala Ní Dhomhnaill'