An comórtas club – seans áit bhuan a bhaint amach i scéal an pharóiste agus onóir a thabhairt don phobal

Tá scéalta móra ag gach paróiste faoi chluichí stairiúla agus foirne speisialta, agus an aisling a bhíonn ag imreoirí óga ná go mbeidh siad féin páirteach sa stair sin lá éigin

An comórtas club – seans áit bhuan a bhaint amach i scéal an pharóiste agus onóir a thabhairt don phobal

Brian Hayes ag imirt do Naomh Fionnbarra in 2022. Pic: INPHO/Ken Sutton

An Domhnach seo caite, scóráil mo chlub, Naomh Fionnbarra, sé chúl chun cáiliú do bhabhta leathcheannais chraobh shinsir  peile an chontae. Agus amárach beidh siad ag imirt i gcluiche chraobh na hiománaíochta. Chuir sé i gcuimhne dom nuair a bhí an t-ádh orm blianta ó shin a bheith ar an dá fhoireann, ag imirt sa dá chluiche ceannais arís agus arís eile, mar aon le cúpla craobh na Mumhan agus uile-Éireann.

B’iontach an ré é sa chlub. Mar an gcéanna, bhí laethanta móra ag Loch Mór–Caisleán Laighnigh, ag Nás, ag Cill Mochuda–Na Crócaigh, agus ag Sleacht Néill, i measc chlubanna eile, sa dá chód. Cuireann sé i gcuimhne dom arís cé chomh tábhachtach is atá an club i mbeagnach gach pobal sa tír. Agus de réir mar a théann na clubanna chun cinn i gcontae agus i gcúige, agus b’fhéidir ar an stáitse náisiúnta, an tslí a cheanglaíonn sé pobail le chéile.

Is beag comórtas i saol spóirt na hÉireann a bhfuil an meáchan agus an traidisiún céanna ag baint leis is atá le craobhchomórtas sinsir iománaíochta (agus peile, dar ndóigh) an chontae. Do na himreoirí, ciallaíonn dul isteach i stair a shíneann siar ar feadh na nglúnta. Ceann de na buanna is tábhachtaí  ag an gcomórtas ná áit bhuan a bhaint amach i scéal an pharóiste agus onóir a thabhairt, ní hamháin don imreoir féin ach don teaghlach ach do na comharsana agus don phobal go léir. 

Ina chroílár, baineann craobh an chontae le muintearas. Caitear na dathanna club mar shiombail aitheantais. Tá scéalta móra ag gach paróiste faoi chluichí stairiúla agus foirne speisialta, agus fásann an aisling a bhíonn ag imreoirí óga go mbeidh siad féin páirteach sa stair sin lá éigin. Nuair a shroicheann imreoir an leibhéal sinsearach, tá sé leas na nglúnta roimhe ar iompar aige. 

Is cathanna diana iad na cluichí. Is féidir le cluiche i gcoinne paróiste comharsanach teaghlaigh agus cairdeas a roinnt ar feadh seachtainí.  Tugann an chraobh an cluiche ar ais go dtí a bhunús , paróiste i gcoinne paróiste, fear ar fhear. 

Is í aisling gach imreora ná lá na craoibhe, an corn a ardú, glór an phobail a chloisteáil, agus fios aige go mbeidh an bua sin i stair an chlub go deo. Ní boinn amháin a bhíonn i gceist leis an mbua ach oidhreacht a fhágáil I do dhiaidh. Uaireanta éiríonn na buanna ina scéalta béaloidis, á n-insint arís agus arís eile, ag nascadh glúnta le chéile. 

Tagann an bua ó íobairt agus dianobair mórán daoine. Ach is cuid den scéal é an caillteanas chomh maith. Tugann go leor iománaithe blianta dá saol don chraobh gan í a bhuachan riamh. Tá an caillteanas géar, ach fiú i ndiaidh an teipe tá bród ann, agus cuimhnítear ar na himreoirí, fiú mura gcuireann siad lámh ar an gcorn. 

Téann an chraobh níos faide ná an pháirc. Tugann sí aitheantas don pharóiste, cúis a aontaíonn daoine óga agus aosta. Tugann na cluichí an pobal le chéile, líonann siad na hallaí áitiúla le spraoi, agus cruthaíonn siad scéalta a mhaireann ar feadh an tsaoil. Tá a fhios ag na himreoirí go bhfuil siad ag imirt ar son níos mó ná a n-uaillmhianta féin. I saol atá ag athrú go tapa, is traidisiún beo é an Craobhchomórtas Sinsir Contae.  

Nascann sé an t-am atá caite leis an lá inniu agus spreagann sé an todhchaí. Cuimhnítear ar na seanfhondúirí, cruthaítear laochra nua, agus foghlaimíonn na himreoirí óga cad is brí leis an bpobal agus leis an gclub. 

Dos na himreoirí, is éacht é imirt sa chraobhchomórtas sinsir agus éacht eile bonn sinsir a thógaint abhaile. 

Leanann an t-aicsean ar aghaidh ar fud na tíre an deireadh seachtaine seo agus na haislingí fós beo do mhórán clubanna. 

Fág freagra ar 'An comórtas club – seans áit bhuan a bhaint amach i scéal an pharóiste agus onóir a thabhairt don phobal'