An Coimisinéir Teanga ‘ar aon intinn’ le Coiste Oireachtais faoin ngá le ‘amchlár cinnte’ do reachtaíocht nua

Tá fáilte curtha ag an gCoimisinéir Teanga roimh fhoilsiú thuarascáil Chomhchoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2017

An Coimisinéir Teanga ‘ar aon intinn’ le Coiste Oireachtais faoin ngá le ‘amchlár cinnte’ do reachtaíocht nua

Deir an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill nár chóir go mbeadh “aon mhoill” ann maidir le feidhm a thabhairt don ghealltanas i ndréachtreachtaíocht nua go mbeadh 20% d’oibrithe na státseirbhíse ina gcainteoirí líofa Gaeilge.

Tá fáilte curtha ag an gCoimisinéir Teanga roimh fhoilsiú thuarascáil Chomhchoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2017 agus dúirt sé go raibh sé ar aon intinn le baill an choiste gur cheart “amchlár cinnte” a shocrú maidir leis an sprioc 20% a bhaint amach.

Moltar i duarascáil an Choiste go mbeadh Gaeilge líofa agus Béarla líofa ag 20% de sheirbhísigh phoiblí a bheidh ag obair i ngach comhlacht poiblí ón 1 Eanáir 2024. Chuige sin, moltar go gcuirfí na forálacha agus na rialacháin a bhaineann leis an gcóras 20% i bhfeidhm i ngach comórtas earcaíochta i ngach comhlacht poiblí ón 1 Eanáir 2019.

Thug Roinn na Gaeltachta le fios cheana i dTithe an Oireachtais nach bhfuil sé i gceist spriocdháta a chur leis an moladh sa reachtaíocht teanga nua go mbeadh 20% d’earcaigh nua sa státseirbhís ina nGaeilgeoirí.

Deirtear i gceannteidil an Bhille Teanga a bhfuil faoi leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla go gcinnteofaí go mbeadh 20% d’earcaigh nua na státseirbhíse ina nGaeilgeoirí amach anseo.

Dúirt an Coimisinéir “gur tuarascáil chuimsitheach chríochnúil” a bhí i saothar an Choiste agus go raibh ceannteidil an Bhille “meáite go cúramach ag an gComhchoiste agus moltaí fiúntacha déanta i dtaca le slite ina bhféadfaí na ceannteidil reatha a neartú agus a threisiú”.

Dúirt sé gur “céim thábhachtach” é foilsiú na tuarascála seo sa phróiseas reachtúil a bhaineann le hAcht leasaithe a thabhairt ar an bhfód.

“Táim ar aon intinn leis an gComhchoiste gur gá a chinntiú go mbeidh líon leordhóthanach foirne le Gaeilge sa tseirbhís phoiblí agus go bhfuil an fhoráil atá déanta ina leith seo ar an gceann is tábhachtaí de cheannteidil an Bhille.  Gan dóthain foirne le Gaeilge tá sé fánach a bheith ag súil go dtiocfaidh aon fheabhas, mar ba chóir, ar chumas na seirbhíse poiblí freastal ar lucht labhartha na Gaeilge.

“Mar a luann an Comhchoiste níor chóir go gcuirfí aon mhoill le feidhmiú an chuid seo, ná aon chuid eile, den Acht leasaithe.  Tacaím leis an moladh go socrófaí amchlár cinnte maidir lena fheidhmiú,” a dúirt Rónán Ó Domhanill.

Tá ráite ag Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh go bhfoilseofar an Bille roimh bhriseadh an tsamhraidh agus dúirt an Coimisinéir go bhfuil sé ag súil “go dtapófar an deis atá ann anois an tAcht a neartú ar bhealach a dhéanfaidh difríocht do sholáthar na seirbhísí poiblí trí Ghaeilge”. Chuige sin, ba chóir, a dúirt sé, “brí” a thabhairt do mholtaí an Chomhchoiste.

Fág freagra ar 'An Coimisinéir Teanga ‘ar aon intinn’ le Coiste Oireachtais faoin ngá le ‘amchlár cinnte’ do reachtaíocht nua'