‘Ní leor cur chuige fadtéarmach amháin sa dlí teanga agus an Ghaeltacht agus an Ghaeilge i mbaol’ – tuarascáil nua

Deir Comhchoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán i dtuarascáil a foilsíodh inniu gur chóir d’Aire na Gaeltachta agus don reachtaíocht teanga nua a aithint go bhfuil ‘géarchéim’ ann ó thaobh na Gaeilge

‘Ní leor cur chuige fadtéarmach amháin sa dlí teanga agus an Ghaeltacht agus an Ghaeilge i mbaol’ – tuarascáil nua

Ní aithníonn ceannteidil an bhille nua a bhfuil faoi leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla go bhfuil géarchéim ann ó thaobh na Gaeilge, dar le Coiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán.

D’fhoilsigh an Coiste sin a dtuarascáil tráthnóna faoin dréachtreachtaíocht teanga nua, tuarascáil ina bhfuil sraith moltaí déanta ag an gcoiste faoin mBille nua.

Deir Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly gur chóir don Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus a Roinn “an ghéarchéim reatha a gcaithfidh pobal na Gaeilge agus pobal na Gaeltachta dul i ngleic léi” a aithint “go poiblí” láithreach.

Deir Catherine Connolly gur léir do bhaill an choiste “gur cur chuige fadtéarmach amháin” atá léirithe i gceannteidil an Bhille a bhfuil fúthu, i measc rudaí eile, a chinntiú go mbeidh 20% d’earcaigh na státseirbhíse ina gcainteoirí líofa Gaeilge amach anseo.

Cé go ndeirtear sa tuarascáil go bhfuil cuid mhaith atá dearfach sna ceannteidil, cáintear go láidir an easpa cinnteachta a mhaítear a bhaineann le cur i bhfeidhm na sprice i dtaobh cúrsaí earcaíochta agus spriocanna eile sa dréachtreachtaíocht.

Deir Catherine Connolly gur “cur chuige iomlán easnamhach” atá sna ceannteidil “i gcomhthéacs na géarchéime sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht faoi láthair” agus nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil amhras ann faoi cé acu an mbeidh nó nach mbeidh an Ghaeilge agus an Ghaeltacht beo “i gceann tríocha bliain”.

Moltar sa tuarascáil dá réir go mbeadh spriocdhátaí níos cinnte le cuspóirí na gceannteideal agus go mbeadh forálacha na reachtaíochta nua “soiléir, sainiúil” agus “faoi réir spriocanna ama dochta”.

“Tá orainn gníomhú go tapaidh sa ghearrthéarma ar dtús, agus ag an am céanna a bheith ag féachaint ar an meántéarma agus ar an bhfadtéarma. Tá práinn láithreach ann agus tá gá le hidirghabháil dheimhneach láithreach in 2018. Beidh gá le hidirghabhálacha eile in 2028, in 2038 agus in 2048. Is é an prionsabal seo atá laistiar de mholtaí an Chomhchoiste. Is é atá i gceist sna ceannteidil ná cur chuige fadtéarmach, agus i gcomhthéacs na géarchéime reatha a gcaithfidh pobal na Gaeilge agus pobal na Gaeltachta dul i ngleic léi agus i gcomhthéacs inmharthanacht na Gaeltachta féin, ní leor é seo,” a deirtear i dtuarascáil Chomhchoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán ar foilsíodh inniu í.

I measc phríomhmholtaí na tuarascála, moltar go dtiocfadh forálacha an Bhille i bhfeidhm an lá tar éis a achtaithe.

Moltar go leagfaí síos sa reachtaíocht nua go mbeadh Gaeilge líofa agus Béarla líofa ag gach seirbhíseach poiblí a bheidh ag obair sa Ghaeltacht agus go dtiocfadh an fhoráil sin i bhfeidhm ina hiomlán ón 1 Eanáir 2021.

Moltar go mbeadh Gaeilge líofa agus Béarla líofa ag 20% de sheirbhísigh phoiblí a bheidh ag obair i ngach comhlacht poiblí ón 1 Eanáir 2024. Chuige sin, moltar go gcuirfí na forálacha agus na rialacháin a bhaineann leis an gcóras 20% i bhfeidhm i ngach comórtas earcaíochta i ngach comhlacht poiblí ón 1 Eanáir 2019.

Moltar chomh maith go gceapfadh gach comhlacht poiblí Oifigeach Forbartha Dátheangachais a chinnteodh go gcomhlíonfadh an comhlacht poiblí a chuid dualgas go léir faoin reachtaíocht. De réir mholtaí an choiste, bheadh dualgas ar gach comhlacht poiblí tuarascáil a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais gach bliain ina leagfaí amach na sonraí maidir le comhlíonadh a chuid dualgas i leith na reachtaíochta teanga.

Maidir leis an gcóras caighdeáin atá molta in áit chóras na scéimeanna teanga, moltar go mbeadh trí earnáil i gceist. Bheadh ar na comhlachtaí poiblí a chuirfí in Earnáil 1 na seirbhísí “go léir” a sholáthraíonn siad “a sholáthar in dhá theanga oifigiúla an Stáit”. Bheadh orthu na seirbhísí sin “a sholáthar ar comhchéim ó thaobh caighdeáin, inrochtaineachta, cáilíochta agus tráthúlachta de, is cuma cén teanga oifigiúil ina mbeidh sé ag soláthar seirbhíse”. Bheadh ar aon tríú páirtí a bhíonn ag obair thar ceann an chomhlachta phoiblí déanamh amhlaidh.

Bheadh ar na comhlachtaí poiblí a rangófaí in Earnáil 2 agus Earnáil 3 “líon comhaontaithe seirbhísí a sholáthar in dhá theanga oifigiúla an Stáit”.

Moltar sa tuarascáil go dtabharfaí cumhachtaí breise don Choimisinéir Teanga. De réir na moltaí bheadh cead ag an gCoimisinéir iniúchadh a dhéanamh ar gach Bille nua féachaint cén rian a d’fhágfadh sé ar stádas agus ar úsáid na Gaeilge agus bheadh ar a chumas chomh maith a leithéid d’iniúchadh a dhéanamh “ar gach straitéis de chuid an Stáit, an Rialtais nó aon chomhlachta phoiblí”.

Molann baill an choiste chomh maith go mbeadh foráil sa reachtaíocht nua a chinnteodh go mbeadh comhstádas ag an nGaeilge ar chomharthaí bóthair an stáit.

Tá moltaí eile déanta sa tuarascáil i dtaobh na gcúirteanna, moltaí a deirtear a chinnteodh go bhfaigheadh an Gaeilgeoir cothrom na Féinne sna cúirteanna agus go mbeadh an Ghaeilge mar theanga oibre i ngach cúirt sa Ghaeltacht, dá mba é sin rogha na rannpháirtithe i gcás.

Ag  labhairt di inniu i ndiaidh sheoladh na tuarascála nua, dúirt Cathaoirleach an Choiste Catherine Connolly:

“Is gá idirghabháil láithreach agus réamhghníomhach a chur i bhfeidhm agus ní mór an méid sin a bhaint amach laistigh de scálaí ama aitheanta. Ní mór an idirghabháil agus na scálaí ama sin a leagan amach go soiléir san Acht nua.

“Is iad na forálacha a bhaineann le hearcaíocht sa tSeirbhís Phoiblí agus caighdeán na seirbhísí atá le soláthar na forálacha is tábhachtaí agus ní mór na forálacha sin a neartú má tá na haidhmeanna san Acht nua le baint amach againn.”

Chuir Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Niall Comer, fáilte roimh fhoilsiú na tuarascála.

“Táimid an-sásta go n-aithnítear an gá le hearcaíocht Ghaeilge san earnáil phoiblí mar an tosaíocht is tábhachtachaí, ach beidh gá le spriocdháta leis an aidhm seo a bhaint amach agus a chinntiú.  Tacaíonn an tuarascáil freisin lenár n-aidhm go mbeadh gach oifigeach stáit in oifigí poiblí sna Gaeltachtaí ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge, ach arís, beidh gá le spriocdháta le brú a chur ar earnáil an sprioc seo a bhaint amach.

“Easnamh amháin atá sa Tuarascáil ná nach bhfuil sé luaite go mbeadh ionadaíocht ag an bpobal ar an gCoiste Earcaíochta a bhunófar le pleanáil don earcaíocht.  Tá ról fíorthábhachtach ag an bpobal sa phróiseas seo, agus caithfear cinntiú go mbeidh ionadaíocht acu ar an gCoiste le cinntiú go n-éireoidh leis an sprioc seo,” a dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge.

Tá sé i gceist an Bille teanga nua féin a fhoilsiú roimh shos an tsamhraidh i dTithe an Oireachtais.

Fág freagra ar '‘Ní leor cur chuige fadtéarmach amháin sa dlí teanga agus an Ghaeltacht agus an Ghaeilge i mbaol’ – tuarascáil nua'