An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (17 Aibreán 1915)

Uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris 'An Claiḋeaṁ Soluis'

Claíomh 13

6                    An Claidheamh                    Aibreán17 1519

Éire sa tSean-Aimsir

Le Caitlín Nic Ghabhann

(Duais-aiste an Oireachtais, 1914)

Na Fir Bolg

Rialaigh cúigear an tír i ndiaidh a chéile, agus i ndiaidh a mbáis siúd bhí triúr Ard-Rí eile ann. Eochaidh ab ainm don cheathrú Ard-Rí. Tailte ainm a mhná, iníon Rí na Spáinne. Dea-Rí a bhí in Eochaidh. Lena linn cuireadh éagóir agus drochiompar go mór ar gcúl, agus ordaíodh dlíthe córa sa tír. Bhí séan agus sonas ar an tír in aimsir Eochaidh go dtáinig dream eile thar lear le hÉire a ghabháil agus cé gur throid na Fir Bolg go cróga calma le seilbh an oileáin a choinneáil, buadh orthu sa deireadh.

Ar Mhaigh Tuireadh theas in aice le Conga a tugadh an cath mór idir Fir Bolg agus an ceathrú cóilíneacht seo ar a dtugtar na Tuatha Dé Danann. Cuireadh na Fir Bolg i ndiaidh a gcúl gur shroicheadar an fharraige in aice le Béal Easa Dara. Maraíodh Eochaidh san áit sin, agus tá a chairn ann fós. Tá seanleachta agus cairn a tógadh os cionn na marbh le feiceáil fós ó Mhaigh Tuireadh ó thuaidh ar fud machaire an áir.

Tuatha Dé Danann (3303 A.M.)

De shliocht Íobáith , de shíol Neimhidh Tuatha Dé Danann. Chaitheadar tamall fada sa Ghréig. Chuidíodar le muintir na tíre sin in aghaidh an Siriach, a tháinig le cogadh a dhéanamh leo. Briseadh ar na Gréigigh agus b’éigean do Thuatha Dé Danann éalú ón tír. Ghluaiseadar ó thuaidh gur shroicheadar an Iorua. Bhíodar seal sa tír sin ag teagasc aosa óig ann, mar bhíodar an-léannta agus oilte ar gach ealaín dá mbíodh ag an gcine daonna an uair sin. Ach ní raibh fúthu fanacht ann. Dála na bhFear Bolg, choinníodar cuimhne ar Inis Ealga, ar a gcloisidís a sheanaithreacha ag cur síos. Thugadar aghaidh ar Éirinn sa deireadh. Bhronn muintir Iorua seoid uaisle orthu ag imeacht dóibh. Bhí an Lia Fáil i. an chloch ar a suíodh Ríthe Éireann le linn a gcorónaithe ina measc siúd.

Ar shroicheadh Éire dóibh dhódar a gcabhlach mar chomhartha nach raibh fúthu imeacht arís. Ghluaiseadar rompu go dtáinig siad go Sliabh an Iarainn i mBreifne Uí Ruairc. Chuireadar teachta chuig an Rí, chuig Eochaidh, ag iarraidh air leath na tíre a thabhairt suas dóibh, nó troid ar son seilbhe na tíre go hiomlán. Thug na Fir Bolg a ndúshlán. Breas ó Thuatha Dé Danann agus Sreang ó na Fir Bolg thángadar le chéile ar fholáireamh na dTuatha féachaint an bhféadfaí an scéal a réiteach go síochánta. An Ghaeilge ba theanga dúchais dóibh araon, agus thuigeadar a chéile go maith. Ach níor thoil leis na Fir Bolg aon chuid den tír a thabhairt suas. Tugadh cath idir an dá shlua mar a dúradh cheana. Bhuaigh Tuatha Dé Danann agus ghabhadar flaitheas Éireann. Gearradh leathláimh dá Rí, de Nuadha, sa chath agus b’éigean dó éirí as an ríocht.

Fág freagra ar 'An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (17 Aibreán 1915)'