Uimhir 895, Cláraithe mar pháipéar nuachta Bealtaine, 22 1915 Pingin
Cúrsaí an tSaoil
Gaeltacht
Luimneach
Níl aon nuacht is binne linn na haimsire seo ná nuacht na Gaeilge. I “Luimneach na Long” agus na nGael tá an t-oideachas Éireannach ag dul chun cinn go tréan gan staonadh. Tá ranga Gaeilge ar siúl do gach uile shaghas daoine, d’oidí scoile, don aos óg, d’fhir agus do mhná. Agus i dteannta na ranganna bíonn obair mhaith eile á déanamh ag lucht na gcraobh: léachta, coirmeacha ceoil, drámaí agus gnóthaí nach iad a chuireann spiorad sna daoine agus a thugann eolas agus misneach dóibh. Bhí feis mhór i Luimneach an tseachtain seo a ghabh tharainn. Mhair sí trí lá. Bhí ceistiúchán sa Ghaeilge, sa stair, sa litríocht agus comórtais sa cheol agus san amhránaíocht. Bhí comórtais idir oidí scoile sa modh múinteoireachta agus bhí scéalaithe agus lucht canta dán ag canadh go binnbhéalach. Bronnadh duaiseanna go fairsing, leabhair, boinn óir, airgead agus scoláireachta i gColáiste Uí Chomhraidhe. Níor chlis Craobh Luimnigh ar Chisteoir an Chonartha riamh agus bhí lucht na craoibhe chomh fial i mbliana le haon bhliain fós. Táid le ceithre fichid punt a chur chuige, agus thugadar cabhair airgid do chumainn eile leis. Tá lucht stiúrtha na craoibhe ar feabhas chun gnó. Bíonn airgead acu don Fheis, don tiarna talún, dá n-oidí Gaeilge féin, do Choláiste Uí Chomhraidhe, agus don Chonradh.
Ta bainisteoirí agus oidí agus lucht na Gaeilge ag obair go dílis le chéile agus mór-shuim ag gach dream acu san oideachas. Is í an Ghaeltacht atá uathu, í a thabhairt isteach sa chathair agus a fhréamhú arís ansin. Tá fréamh bheag curtha uaithi síos cheana agus tá an phlandóg á cothú go dúthrachtach ag lucht oideachais – na bráithre, na mná rialta, agus na hoidí go léir. Tá a fhios ag an aos óg gur cuid d’Éirinn Luimneach agus gur clann de Chlanna Gael iad féin.
Scoil Shamhraidh
I dtús an Iúil fosclóidh an scoil Gaeilge ar oileán Reachlann. Níl an t-oileán ach achar beag ó chósta Aontroma agus tá na céadta Gaeilgeoir ann fós. Bíonn an samhradh go soineanta grianmhar, iascaireacht don duine leisciúil ann, siúlóid don duine tréan, comhrá Gaeilge don duine lách agus céilí oíche don duine meidhreach.
Cúldoire
Baile beag i lár na hÉireann is ea Cúldoire. Níl mórán le léamh ina thaobh ar pháipéir na hImpireachta ach in ainneoin sin tá obair na Gaeilge ag dul ar aghaidh ann. Is fadó anois ó bhí an Ghaeilge le clos sa cheantar. Ruaigeadh as an áit í. Tá sí anois ag éalú isteach arís ann. Tá cumann báire ag na hógánaigh ach má tá ní dhéanann siad faillí san oideachas.
Trá Lí
Lá Féile Peadair is Póil atá leagtha amach d’fheis Thrá Lí. Le blianta gairidie tá guth agus glór ag teacht do lucht labhartha na teanga dúchais sa bhaile mór agus sa cheantar timpeall air. Níl sé rófhada siar ó bhí an Ghaeilge go binnghlórach sa bhall ach ní chloistí uaithi ach cogar an t-am inar thosaigh Craobh Thrá Lí ar oideachas Éireannach a chur ar siúl. Feicfear toradh a saothair lá na feise.
Cluain Dolcáin
Cad a dhéanfadh Gaeil Bhaile Átha Cliath an Domhnach seo caite ach seolta a ardú agus dul amach go Cluain Dolcáin. Bhí súil leo ann agus súil go ndéanfaidís greann agus ceol agus rince. Bhí ‘An Dá dhúil’ sin ag 450 daoine a tháinig go dtí Halla n aLeabharlainne go dtí an choirm cheoil. Ní rómhaith a thaitníonn an Galldachas le muintir na Cluana, is gile leo an tÉireannachas. Thuig Gaeil na cathrach an scéal go maith agus d’éirigh leo go breá. Nach iomaí baile beag agus sráid in aice le Baile Átha Cliath ina gcuirfí fáilte roimh siamsóirí an Choiste Cheantair dá dtéidís amach iontu?
Seandráma Gaeilge
Léireoidh mic léinn Scoil Éanna blúire de sheandráma Gaeilge, i. “Dúnlaing Óg agus an Leannán Sí” san amharclann Gaeilge an tseachtain seo i dteannta dhá dhráma diaga Phádraic Mhic Phiarais. Ceaptar go bhfuil an blúire trí chéad bliain d’aois ar a laghad. Léirítí i gCiarraí é anuas go dtí leathchéad bliain ó shin, ach is í seo an chead uair dhá léiriú é ó tosnaíodh ar an nGaeilge a athshaothrú. Ba cheart…
Fág freagra ar 'An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (22 Bealtaine 1915)'