An cineál Uachtaráin atá uainn i ndiaidh éirí as Michael D? Duine cosúil le Michael D…

Tháinig an eite chlé le chéile le déanaí mar gheall ar chead cainte sa Dáil, an féidir leo iarrthóir aontaithe a chur chun cinn don uachtaránacht?

An cineál Uachtaráin atá uainn i ndiaidh éirí as Michael D? Duine cosúil le Michael D…

Cén cineál uachtarán atá uainn sa toghchán a reáchtálfar i bhfómhar na bliana seo, nuair a éireoidh an t-uachtarán reatha, Micheál D Ó hUigínn as?

Sin í an cheist a chuir an t-iriseoir Harry McGee san Irish Times an tseachtain seo caite.

Tá an-chion, ar ndóigh, ar Higgins mar uachtarán, in ainneoin go mbíonn sé á cháineadh go dian ag lucht stocaireachta Iosrael agus iad siúd a dteastaíonn uathu fáil réidh leis an neodracht, dlúthú na tíre le NATO a dhaingniú agus cur go mór leis an gcaiteachas ar ábhar cogaidh.

Ach an féidir duine cosúil leis a aimsiú le dul i gcomharbacht air?

Gan dabht, tá teorainn na hoifige brúite siar ag Higgins, ach ní hé féin an chéad duine a rinne a leithéid.  Ghlac idir Mary Robinson agus Mary McAleese seasamh láidir faoi cheisteanna polaitiúla áirithe agus iad in oifig.  Lean Michael D leis an nós sin, ach é níos láidre, níos cinnte agus i bhfad níos mó ar an eite chlé.

Tá sé spéisiúil sa gcomhthéacs sin nár chuir sé olc ar lucht an Atlantachais gur labhair McAleese go minic i bhfabhar an Aontais Eorpaigh, ach go gcuireann sé as dóibh nuair a dhéanann Michael D cáineadh ar NATO.

Ach an bhfuil éinne ann a dhéanfadh an jab mar a dhein Michael D é?  Agus, má tháinig an eite chlé le chéile mar gheall ar chead cainte sa Dáil, an féidir leo iarrthóir aontaithe a chur chun cinn don uachtaránacht?

Mo léan, níl na comharthaí go maith.  An mhí seo caite, d’iarr Ivana Bacik, ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, ar na Daonlathaithe Sóisialta agus ar an gComhaontas Glas labhairt léi faoi iarrthóir aontaithe a bheadh ar chlé ón lár.

Fágadh Sinn Féin as an scéal, mar is léir nach dteastaíonn ó Pháirtí an Lucht Oibre a admháil gurb iad Sinn Féin príomhpháirtí na heite clé.  Go deimhin deir Páirtí an Lucht Oibre nach den eite chlé ar chor ar bith iad Sinn Féin.  Sin ón bpáirtí a ghlac páirt le díograis agus fonn i bpolasaithe déine an chomhrialtais le Fine Gael ó 2011-2016.

Is é ról Pháirtí an Lucht Oibre sa rialtas sin is cúis leis an tubaiste a bhuail an páirtí ina dhiaidh, agus iad tite ó 19.45% den vóta céadrogha in 2011 go dtí 4.4% in 2020 agus 4.7% anuraidh.

Is dócha go bhfuil súil acu go dtosóidh Sinn Féin ag meath má choinnítear ó chumhacht iad, agus ansin go mbeidh an doras oscailte arís don seanchóras nuair a bhíodh Páirtí an Lucht Oibre sa rialtas ó am go céile.  Ach seachmall, ceapaim, atá sa dóchas sin.

Maidir le Sinn Féin níl mórán ráite acu faoin scéal go fóill, agus thug an ciúnas sin deis do Bacik a leagan féin den scéal a chur ar aghaidh.  Tá caint ann go bhféadfadh duine mar John Finucane, an feisire parlaiminte ó Bhéal Feirste, dul san iomaíocht ach cé go bhfuil aithne ag formhór daoine air ó thuaidh ní dóigh liom go bhfuil ó dheas.  Ní dóigh liom go ndéanfadh sé mórán níos fearr ná Liadh Ní Riada nár ghnóthaigh ach 6.38% de na vótaí céadrogha in 2018.

Ar ndóigh bhí Michael D sa rás an uair sin, ach creidim go mbeadh sé níos fearr do Shinn Féin iarracht a dhéanamh teacht ar iarrthóir aontaithe le páirtithe eile, le Pobal seachas Brabús agus leis na Daonlathaithe Sóisialta, b’fhéidir.

B’fhiú breathnú ar Catherine Connolly, an Teachta Dála neamhspleách, a bhfuil a meon ó thaobh na polaitíochta an-chosúil le Michael D, nó ar dhuine mar Frances Black, a raibh páirt mhór aici i mBille na gCríocha faoi Fhorghabháil a chur le chéile.

Cé eile, mar sin, a d’fhéadfadh a bheith ina n-iarrthóirí? Beidh Bacik ag iarraidh duine níos cóngaraí do Pháirtí an Lucht Oibre.  Tá Róisín Shortall luaite ag na Daonlathaithe Sóisialta, ach ní dóigh liom go dtaitneodh sin le Páirtí an Lucht Oibre.

Bhí a lán cainte i bhFianna Fáil faoi Bertie Ahern, ach bheadh sé seafóideach dóibh an scéal bréagach faoi Bertie ‘cam’ a mhúscailt arís. Luaitear Éamon Ó Cuív freisin, ach b’fhéidir go mbeadh sé níos ciallmhaire d’Fhianna Fáil teacht ar réiteach le Fine Gael le hiarrthóir aitheanta nach bhfuil luaite rómhór le ceachtar páirtí a chur chun cinn.

Tá Fine Gael ag caint faoi Mairéad McGuinness, Frances Fitzgerald nó Heather Humphreys, ach is dócha go mbeadh níos mó tacaíochta ag Seán Kelly, an feisire Eorpach a bhí ina uachtarán ar CLG.

Tá sé luath fós ar ndóigh, ach má tá feachtas le dealramh le rith ag aon pháirtí ba chóir dóibh tosú ar an ullmhúchán anois.

Fág freagra ar 'An cineál Uachtaráin atá uainn i ndiaidh éirí as Michael D? Duine cosúil le Michael D…'