An chúis go mbíonn fear Arsenal ag súil le cúl ó Harry Kane

Is breá le gach duine beagán iomaíochta, ach is fearr leo buachaint, go háírithe má tá d’athair sa tsraith chéanna leat sa Fantasy Football

Screen Shot 2015-02-27 at 11.13.10
An fhoireann a rachaidh chun páirce an tseachtain seo do Dinny Ó hÉallaithe

Is cluiche é Fantasy Football a bunaíodh i Sasana i 1991, nuair a chonaic daoine an méid éilimh a bhí ar chluichí fantaisíochta sna Stáit Aontaithe bunaithe ar an bpeil Mhiriceánach agus daorchluiche.

Ní raibh aon rath rómhór ar an gcluiche i dtús aimsire, ach le cúnamh an idirlín, tá sé anois mar chaitheamh aimsire ag beagnach 3.5 milliún duine. I mo thuairimse, an fáth go bhfuil an oiread sin ratha air ná go bhfuil sé éasca fáil isteach air, go dtugann sé cúis eile dúinn breathnú ar chluichí sacair na seachtaine, agus, an rud is tábháchtaí, go mbíonn iomaíocht idir cairde i gceist. Is féidir leat sraith a chur bun duit féin agus do chairde, agus fáil amach cén duine agaibh is fearr.

Is breá le gach duine beagán iomaíochta, ach is fearr leo buachaint. Go háirithe má tá airgead air.

Harry Kane celebrates scoring his sides 3rd goal 15/12/2011
Harry Kane, tá sé ar an bhfoireann ag Dinny Ó hÉallaithe, ach faraor cheannaigh a athair chomh maith é.

Bhíodh geall €20 agam féin agus mo chara ar cé a chriochnódh leis an méid is mó pointí ag deireadh na bliana. Seans nach bhfuil mórán i scór euro do dhaoine a bhíonn ag cur síos geallta go minic, ach do dhuine le fiacal milis, agus gan post aige, bhí a ndóthain i €20 dhom chun ceathrú uaire a chaitheamh gach maidin Sathairn ag cur feabhais ar m’fhoireann.

Bhuaigh mé an t-airgead, agus fiú amháin gur choinnigh sé ag imeacht ag an siopa ar feadh míosa mé, ní hí an choimhlint le mo chara an ceann is tábhachtaí a bhíonn agam i bpeil fantasíochta. B’in é le m’athair. Mise a thaispeáin an cluiche dó cúig bliana ó shin, agus ó thosaigh sé bhí troid fhiachmhar eadrainn agus sinn ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar a chéile.

Bhuaigh mise é an chéad trí huaire ach tháinig sé ar ais anuraidh, agus i mbliana tá muid gob ar ghob.

Do dhaoine nach dtuigeann “Fantasy Football” is cluiche ar an idirlíon é ina bpioctar 15 imreoir, 11 ag tosnú agus ceathrar ionadaí. Tá méid áirithe airgid agat chun d’fhoireann a cheannach agus ar ndóigh ta na himreoirí maithe níos daoire. Is féidir athrú nó dhó a dhéanamh ar d’fhoireann gach seachtain. Bailítear pointí nuair a dhéanann do chuid imreoirí go maith i pé ar bith cluiche atá acu an deireadh seachtaine sin. Mar shampla, scóráil Edin Dzeko cúl in aghaidh Newcastle an tseachtain seo caite, agus aon duine a raibh Dzeko ar a fhoireann aige, fuair siad ceithre phointe. Is é David Silva a chuir an pas aige, agus mar sin fuair seisean trí phointe. Tá pointí le fáil ar gan aon chúl a scaoileadh isteach, sábháilt a dhéanamh, imirt go maith, nó fiú amháin as bheith roghnaithe. Ar an lámh eile, cailltear pointí ma scaoiltear isteach cúl, ma fhaigheann d’imreoir cárta buí nó dearg, nó má scóráileann siad cúl tuathail.

Tá cúpla cleas ann le haghaidh breis pointí a fháil. Mar shampla, ceannaím Leighton Baines, an cúlaí ar chlé a imríonn d’Everton, gach bliain. An fáth leis seo ná go dtógann sé na ciceanna saoire, na ciceanna píonóis agus na ciceanna coirnéil le haghaidh na ‘Toffees’, agus faigheann sé neart cúil agus pasanna cúnta ar an mbealach seo. Faigheann imreoirí láir páirce níos mó pointí le haghaidh cúl ná na tosaithe, agus faigheann na cosantóirí níos mó arís. Mar sin, má tá cosantóir ar nós Baines agat, nó fear Chelsea, Branislav Ivanovic, a scórálann chuile re cluiche, beidh tú ar mhuin na muice.

Cleas eile a úsáidim ná imreoirí atá mar chúlaithe ar Fantasy Football, ach a imríonn i láir páirce go hiondúil, a cheannach.

Ar an mbealach céanna, tá neart imreoirí a bhíonn ag imirt sna tosaithe, ach atá liostáilte i Fantasy Football mar imreoirí lár páirce. Ina measc siúd, tá Alexis Sanchez, fear nua Arsenal, an t-imreoir óg is mó a bhfuil gealladh faoi ag Liverpool, Raheem Sterling, agus fear mór na hÉireann, Jonathan Walters, a scóráil tréchleas agus é ag imirt chun tosaigh le Stoke, ag deireadh na míosa seo caite. Mar imreoir lár páirce fuair sé pointí breise dá ghaisce scórála, cé gur sna tosaithe a d’imir sé.

Beirt Éireannach a scóráil tréchleas sa phríomroinn roimhe seo, Robbie Keane, agus fear nach bhfuil feicthe le píosa againn, Leon Best. Chríochnaigh Walters ar 19 pointe, an méid is mó a fuair aon imreoir an tseachtain sin. Faraor, nach raibh sé agam ag an am, ach cheannaigh mé féin, agus os cionn 50,000 duine eile, an tseachtain ina dhiaidh sin é. Bhí gach duine ag súil le breis pointí uaidh, ach níl ach trí phointe faighte aige ó shin. Sin mar a bhíonn sa Fantasy Football!

Ach fiú mura n-éiríonn le roinnt de na himreoirí a cheannáitear, tá roinnt a oibríonn go hiontach. Cheannaigh mé Sergio Aguero chomh luath is a tháinig sé ar ais ó ghortú, agus tá trí chúl agus trí phas cúnta faighte aige i gceithre chluiche.

An fhadb a bhíonn uaireanta ná go bhfuil roinnt imreoirí a bhíonn ag beagnach gach duine agus bíonn sé deacair dul chun cinn a dhéanamh nuair atá do chéilí comhraic ag fáil na pointí céanna leat.

Tá Harry Kane ó Spurs, mar shampla, ar fhoireann 46.5% de dhaoine. An fáth leis seo ná nach raibh sé chomh tábhachtach sin ar fhoireann Spurs i dtús aimsire, agus níor chosain sé ag €5 mhilliún dá bharr.

Le haghaidh infheistíocht €5 mhilliún ag tús na bliana, fuair ‘bainisteoirí’, (mar a ghlaonn muid orainn féin) fear a scóráil 14 cúl go dtí seo, agus a bhfuil 130 pointe aige.

Is cluiche iontach é Fantasy Football má tá spéis agat i sacar, agus bíonn gach cluiche a imrítear níos spéisiúla má bhíonn tú páirteach i do shraith bheag féin.

Uaireanta bím fiú amháin ag iarraidh go n-aimseodh Harry Kane cúl do Tottenham, cé gur fear Arsenal mé! Is fearr liom, áfach, nuair a scóráileann Aguero dom. Tá Harry ag m’athair chomh maith, ach níl Sergio!

Fág freagra ar 'An chúis go mbíonn fear Arsenal ag súil le cúl ó Harry Kane'