An chéad reilig phríobháideach sa Ghaeltacht le hoscailt ar an gCeathrú Rua

Osclóidh an tAire Stáit Kyne reilig nua phríobháideach i gCladhnach i gConamara Dé Luain seo chugainn

An chéad reilig phríobháideach sa Ghaeltacht le hoscailt ar an gCeathrú Rua

Osclófar agus beannófar reilig nua phríobháideach i gConamara an tseachtain seo chugainn.

Aire Stáit Gaeltachta Seán Kyne a bheidh ag cur tús le seal saoil na reilige i gCladhnach ar an gCeathrú Rua.  Ócáid ar leith a bheidh inti mar ní dóigh go bhfuil a leithéid seo de reilig in áit ar bith eile i gcontae na Gaillimhe ná ar fud na Gaeltachta.

Reilig í seo a ndearnadh forbairt uirthi go príobháideach.  Bobby Mac Donnchadha, fear gnó as Eanach Mheáin i gceantar na nOileán i gConamara a chaith a chuid airgid féin ar fhorbairt na reilige ar a chuid talún féin.  Díreach le hais na reilige atá i gCladhnach cheana féin, reilig atá ionann agus a bheith plódaithe anois, atá an reilig nua.  Tá spás inti le haghaidh 650 uaigh agus beidh spás do 1,000 corp inti ach a mbeidh sí críochnaithe.

Fógróidh an tAire Stáit Kyne an reilig oscailte ar maidin Dé Luain seo chugainn, an 9 Nollaig, agus beannófar an talamh an uair sin chomh maith. As sin amach beidh áirithintí dá dtógáil ar phlásóga ar €1,250 agus íocfaidh sé sin as dhá uaigh.  Beidh €350 le n-íoc as oscailt agus dúnadh isteach uaighe.

Tá cead pleanála faighte le haghaidh na reilige ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus tá na plásóga marcáilte amach cheana féin.  Tá cosán coincréite curtha ar chúl na bplásóg rud a fhágann gur féidir clocha cuimhneacháin a leagan ar an mbunchloch sin.

Beidh spás suite i lár na reilige do dhaoine a bheadh ag freastal ar shochraid nó a bheadh ag tabhairt cuairte ar uaigh.

Breathnaíonn sé go bhfuil obair mhaith déanta ar an bpíosa talún seo atá gearrtha amach as an sliabh i gCladhnach.

Fiú in aimsir fhliuch mhí na Samhna, bhí an fód go breá tirim faoi do chois nuair a thug Tuairisc.ie cuairt ar an reilig nua.

Beidh costas dá chur ar oscailt agus ar dhúnadh uaigheanna mar go mbeidh meaisín beag á úsáid.  Dúirt Bobby Mac Donncha go bhféadfadh baol timpiste a bheith ag baint leis na seanbhealaí oibre – cur i gcás go dtitfeadh bruach isteach ar dhaoine a bheadh ag sluaisteáil.  De bharr coinníollacha sláinte agus sábháilteachta caithfear a bheith airdeallach faoi seo agus tá cúrsaí árachais le cur san áireamh freisin.

Dúirt Bobby Mac Donnchadha go mbeadh sé sásta an reilig a dhíol le Comhairle Chontae na Gaillimhe bunaithe ar ghnáthchleachtais ghnó.  Ach mura bhfuil an Chomhairle sásta iarraidh a thabhairt faoi sin leanfar ar aghaidh ag láimhsiú na reilige ar bhonn príobháideach.

Cé nach é seo an bealach traidisiúnta a ndéantaí riaradh ar reiligeacha, d’fhéadfadh an fhorbairt seo a bheith ina sampla d’fhiontraithe eile.

Tarraingíodh cruinniú do Chomhairleoirí Contae Chonamara in aon turas le gairid faoin nganntan spáis i reiligeacha an cheantair.  Is beag dul chun cinn a rinneadh agus deirtear nach bhfuil an t-airgead ná an talamh ag an gComhairle Contae faoi láthair chun an fhadhb a leigheas.

Cuireann forbairt na reilige nua agus an oscailt oifigiúil Dé Luain seo chugainn cor nua i scéal na reiligeacha – agus sa saol freisin b’fhéidir – i gConamara.

Fág freagra ar 'An chéad reilig phríobháideach sa Ghaeltacht le hoscailt ar an gCeathrú Rua'