An chéad ‘Pop-Up Gaeltacht’ sa Ghaeltacht féin ar siúl anocht

Deir Oifigeach Pleanála Teanga Chloich Cheann Fhaola, go bhfuil gá le himeachtaí a thugann tús áite don Ghaeilge

An chéad ‘Pop-Up Gaeltacht’ sa Ghaeltacht féin ar siúl anocht

Beidh ‘Pop-Up Gaeltacht’ ar siúl sa Ghaeltacht den chéad uair anocht.

Cé gur bunaíodh an ‘Pop-Up’ chun deis a thabhairt do dhaoine lasmuigh den Ghaeltacht an teanga a labhairt mar a bheidís sa Ghaeltacht don oíche, beidh ceann de na hócáidí ‘pop-up’, a bhfuil an tóir ar fud an domhain orthu, á eagrú anocht i nGaeltacht iarthuaisceart Dhún na nGall.

Is iad Coiste Pleanála Teanga Chloich Cheann Fhaola atá ag eagrú na hoíche Pop-Up sa Ghaeltacht, mar chuid d’Fhéile Ghort an Choirce.

Cé go mb’fhéidir go mba aisteach le daoine go mbeadh ‘Pop-Up Gaeltacht’ á reáchtáil sa Ghaeltacht féin, deir Mícheál Mac Aoidh, Oifigeach Pleanála Teanga Chloich Cheann Fhaola, go bhfuil “gá” lena leIthéid d’ócáidí. Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Mac Aoidh gur theastaigh ócáidí a mbeadh sé “intuigthe do dhaoine gurb í an Ghaeilge an teanga labhartha acu”.

“Tá an mhórtheanga ag brú isteach ar gach réimse den saol agus bíonn an lámh in uachtar aici ag go leor ócáidí sóisialta,” a dúirt Mac Aoidh.

Dúirt Mícheál Mac Aoidh go raibh “éileamh” i measc an phobail  ar ócáidí macasamhail oíche Pop-Up, ina mbeadh tús áite á thabhairt don Ghaeilge agus ag a mbeadh fáilte roimh fhoghlaimeoirí agus cainteoirí dúchais araon.

Dúirt sé gur tháinig an t-éileamh is mó don oíche Pop-Up “ó dhaoine atá ina gcónaí sa cheantar nach bhfuil Gaeilge ó dhúchas acu”.

“Tá daoine a bhog isteach sa cheantar, daoine a phós isteach san áit, daoine ón cheantar nár tógadh le Gaeilge, clanna a d’fhill abhaile, eachtrannaigh agus mar sin de. Tá Gaeilge mhaith ag formhór acu; tá Gaeilge iontach ag cuid eile, ach níl an mhuinín acu í a labhairt.

“Arís agus arís eile, chuir na daoine seo in iúl dúinn gurb í an chloch is mó ar a bpaidrín deiseanna a fháil leis an teanga a chleachtadh go nádúrtha agus deis a fháil labhairt le cainteoirí dúchais. Is chuige sin atá muid ag eagrú ócáidí agus deiseanna do na daoine seo – daoine atá ag iarraidh an Ghaeilge a labhairt go laethúil ach nach bhfaigheann an deis,” a dúirt Oifigeach Pleanála Teanga Chloich Cheann Fhaola.

Thagair Mac Aoidh chomh maith do thaighde a rinneadh agus plean teanga an cheantair á chur le chéile, taighde inar mhaígh 65% de phobal na háite go raibh “níos mó deiseanna” de dhíth chun an Ghaeilge a úsáid.

Dúirt Oifigeach Pleanála Teanga Chloich Cheann Fhaola go raibh na hoícheanta ‘Pop-up’ seo “mar chuid de shraith imeachtaí, agus ócáidí eile” a bheas á reáchtáil i nGaeltacht Dhún na nGall a thabharfaidh “an eochair d’fhoghlaimeoir chun bualadh le lucht labhartha na Gaeilge”.

Chuir Peadar Ó Caomhánaigh, duine de bhunaitheoirí ‘An Pop-Up Gaeltacht’ fáilte roimh an scéala go mbeadh an chéad oíche Pop-Up á reáchtáil sa Ghaeltacht.

“Is í an Ghaeltacht croílár na teanga agus nuair a thosaíomar na hoícheanta Pop-Up is í an aidhm a bhí againn ná go ndéanfadh muid Gaelú ar áit agus go ndéanfaimis beagáinín den Ghaeltacht a chruthú sa Ghalltacht. Pé rud a chuidíonn leis an teanga. Má tá muintir na Gaeltachta ag breathnú ar an gcoincheap seo agus ag rá go bhfuil maitheas ann dóibh tá sé sin go hiontach,” a dúirt Peadar Ó Caomhánaigh.

Tá Pop-Up sa Ghaeltacht Fhéile Ghort an Choirce ar siúl Teach Mhicí Mhic Ghabhainn anocht.

Fág freagra ar 'An chéad ‘Pop-Up Gaeltacht’ sa Ghaeltacht féin ar siúl anocht'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    A leithéid de cheap magaidh! Má tá preab nó ‘pop up’ (leagan breá Béarla nach cinnte) Gaeltacht ag tarlú sa ‘Ghaeltacht’ bhoil ar fiú Gaeltacht a thabhairt ar an áit!!

    Nach é an brí atá le ‘Gaeltacht’ ná go mbeadh saoirse agat an méid Gaeilg atá agat a chleachtadh san áit sin? Nach sin an fáth go dtagann na scolairí Gaeilge chun na háite sa tsamhradh?

    Shílfeá, ag léamh an scéil seo, nach raibh an Ghaeilg á labhairt ná a úsáid ar chóir ar bith sa ‘Ghaeltacht’ ach go mbeidh ort freastal ar an ‘ócáid’ seo le hí a labhairt!

    Agus nach maslach go mbeidh seo ag tarlú i gceantar láidir Gaeltachta – ceantar atá faoi chatagóir A de réir Údarás na Gaeltachta – agus ag teach Mhicí Mhic Gabhann! – tuilleadh ‘brú isteach’ ón Bhéarla!!

    Nach dtig oíche chéilí nó oíche amhránaíocht nó lá spóirt nó lá siopadóireachta ar An Fál Carrach/ i nGort a’ Choirce nó aifreann a eagrú sa ‘Ghaeltacht’ áit nach mbeidh ach an Ghaeilg a labhairt agus go mbeadh na himeachtaí seo mar ‘dheiseanna leis an teanga a chleachtadh go nádúrtha’ sa ghnáth shaol??

    Idir seo agus na comharthaí atá ar chuntair sna siopaí/gnóanna áitiúla ‘Gaeltachta’ ag tabhairt leid go bhfuil ‘Seirbhís le Gaeilg anseo’ – agus ag an am céanna ag deighilt na foirne oibre sna heagraisí céanna sin – idir iad siúd a bhfuil labhairt na Gaeilge acu agus iad siúd nach bhfuil (ach i ndeireadh na dála is Béarla a labhraíonn siad uilig eatarthú féin) níl mé ródhóchasach go mbuanófaí an Ghaeilg sa Ghaeltacht…

    ‘…tá Gaeilge iontach ag cuid eile, ach níl an mhuinín acu í a labhairt.’ ???

    Fágann scéalta mar seo mé in ísle brí nó is cosúil nach bhfuil sa ‘phleanáil teanga’ sa ‘Ghaeltacht’ ach scéim d’fhoghlaimeoirí Gaeilge agus modh eile leis an dátheangachas a thabhairt isteach. Ní fheicim béim ar bith ar chomhairle ná ar chuidiú a thabhairt do chainteoirí dúchasacha – iad siúd a tógadh sa Ghaeltacht agus a úsáideann an Ghaeilg go laethúil. Tá muid uilig ag sodar i ndiaidh agus ag plásaíocht na bhfoghlaimeoirí…. Go sábh’l’aí muid.

    COINNÍOLL GAEILGE DON GHAELTACHT ANOIS!!!

  • Victor

    A Mhéabh, a chara, bhí pop-up Gaeltacht ar siúl i mí Mhárta i mBaile an Sceilg. Ba é sin an chéad cheann. )

  • Domhnall Ó hÁbhartaigh

    Is maith liom é sin a fheiceáil, ach tá sé an-bhrón i ndáiríre. Léiríonn sé go bhfuil an líon gaeilgeoirí sa Ghaeltacht (agus na deiseanna an Ghaeilge a úsáid go laethúil) ag laghdú fós.

  • Oisin

    It’s a shame that so many people without Irish have moved to Gaeltacht areas. Now everyone there speaks English and the language is nearly gone.