Fear as Ard Mhaca ceaptha ina chéad oifigeach Gaeilge ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste

Tá Colm Mag Uiginn as an Lorgain in Ard Mhacha ceaptha mar Oifigeach Gaeilge ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste

Bhí na hoifigigh Ghaeilge Erin Hamilton, Fiona Crudden, Colm Mag Uiginn agus Kevin Goodwin i dteannta Ard-Mhéara Bhéal Feirste, Deirdre Hargey ag ócáid de chuid Fhoras na Gaeilge i Halla na Cathrach i mBéal Feirste inné

Tá Colm Mag Uiginn as an Lorgain in Ard Mhacha ceaptha mar Oifigeach Gaeilge ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste, an chéad uair riamh a ceapadh duine sa ról sin sa chomhairle. 

D’oibrigh Mag Uiginn leis an eagraíocht teanga Líofa roimhe seo agus tá sé ag cur faoi i gcathair Bhéal Feirste le deich mbliana anuas.

Tá céim amach sa Ghaeilge aige agus rinne sé dochtúireacht sa teangeolaíocht in Ollscoil na Banríona.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Deirdre Hargey, Ard-Mhéara Bhéal Feirste, go gcuireann sí fáilte roimh cheapachán an chéad oifigeach Gaeilge riamh i gComhairle Cathrach Bhéal Feirste.

Dúirt sí go bhfuil “teanga dhúchais na tíre fréamhaithe i stair Bhéal Feiste” agus go dtugtar aitheantas don mhéid sin san inscríbhinn i nGaeilge atá ar shlabhra an Ard-Mhéara féin.

Dúirt sí go bhfuil sí ag súil go mbeidh an teanga “níos feiceálaí” sa chathair agus go gcuirfidh an tOifigeach Gaeilge ar chumas na comhairle “comhionannas a fhorbairt sa phobal trí chéile”.

Thug an Chomhairle Chathrach le fios gur ceapadh dhá oifigeach teanga le déanaí mar chuid de phlean teanga na comhairle a aontaíodh anuraidh.

“Mar chuid den phlean gnímh sa straitéis teanga, ar ghlac Comhairle Cathrach Bhéal Feirste leis in 2017 ,ceadaíodh oifigeach Gaeilge a earcú chomh maith leis an dara hoifigeach teanga a bheadh ag obair ar theangacha éagsúla, ina measc an Ultais agus an teanga chomharthaíochta. Fógraíodh na poist sin níos túisce i mbliana agus tá an earcaíocht déanta anois,” a dúirt urlabhraí na Comhairle.

I mí na Bealtaine 2017 a vótáil comhairleoirí cathrach Bhéal Feirste ar son an rúin go gceapfaí Oifigeach Gaeilge sa Chomhairle.

Léiríodh i bpróiseas comhairliúcháin a reáchtáladh ina dhiaidh sin gur thacaigh 61% de mhuintir na cathrach le ceapachán an Oifigigh Gaeilge.

Agus an post á fhógairt ag an chomhairle ag tús an tsamhraidh i mbliana dúradh go mbeadh an té a cheapfaí freagrach as “timpeallacht dhearfach a chur chun cinn ó thaobh chuimsiú na Gaeilge i soláthar sheirbhísí agus fhaisnéis na comhairle”.

Tugadh le fios san fhógra go raibh “political sensitivity skills”, “cumas plé le ceisteanna leochaileacha”, “feasacht pholaitiúil” agus “ardchumas sa Ghaeilge labhartha agus scríofa” riachtanach don phost.

Naonúr Oifigeach Gaeilge atá fostaithe go lán-aimseartha ag comhairlí ó thuaidh agus i gcúig cinn cúig cinn de chomhairlí áitiúla atá na hoifigigh sin. Tá maoiniú á chur ar fáil ag Foras na Gaeilge do cheithre cinn de na poist sin.

Tá beirt Oifigeach Gaeilge fostaithe ag ceithre chomhairle: Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin, Comhairle Chathair Dhoire agus Ceantair an tSratha Báin, Comhairle Ceantair Láir Uladh agus Comhairle Ceantair Fhear Manach agus na hÓmaí. Agus Oifigeach Gaeilge ceaptha anois ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste. tá ceithre chomhairle fós gan aon oifigeach Gaeilge acu.

Fág freagra ar 'Fear as Ard Mhaca ceaptha ina chéad oifigeach Gaeilge ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste'