An Chéad Fhoclóir Gaeilge LGBTQ seolta ag Aire Stáit na Gaeltachta

Sheol Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh ‘An Foclóir Aiteach’ inniu agus dúirt go n-éireodh leis an bhfoilseachán nua an ‘teanga bheo’ a choinneáil ‘gar don chroí’  

An Chéad Fhoclóir Gaeilge LGBTQ seolta ag Aire Stáit na Gaeltachta

Seoladh inniu an chéad fhoclóir téarmaíochta Béarla-Gaeilge a bhaineann le cúrsaí LGBTQ, nó LADTA.

Sheol Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh ‘An Foclóir Aiteach’ (The Queer Dictionary) in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus dúirt sé gur chun leas na Gaeilge a bhí foilsiú an fhoclóra, ina bhfuil breis agus céad iontráil mar thús.

“Tá sé tábhachtach an Ghaeilge a choinneáil slán agus tá rud éigin deas faoi sin a dhéanamh ón bhun aníos. Tá tú ag cur leis an teanga, tá tú á láidriú. Coinníonn fiontar mar seo an teanga bheo, agus gar don chroí.

“Tá díospóireacht ar siúl an t-am ar fad faoin teanga – an bhfuil muid ag déanamh neart mar Rialtas? – ach is linne uilig an dualgas. An rud a chaithfimid a dhéanamh mar Éireannaigh ná cinneadh a dhéanamh an Ghaeilge a úsáid, giota beag di, go laethúil, agus téann sé sin go lár na cúise,” a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh.

Dúirt Uachtarán Aontas na Mac Léinn in Éirinn, Michael Kerrigan, go raibh “ríméad” air go raibh an foclóir nua ar fáil.

“Creidimid gur cheart d’achan duine iad féin a aithint i dteanga ar bith, agus gur cheart dóibh an deis a bheith acu cur síos a dhéanamh orthu féin i dteanga ar bith freisin.

“Is fadhb í an easpa téarmaíochta don phobal LADTA in Éirinn. Beidh an foclóir seo mar acmhainn úsáideach do bhaill an phobail LADTA le haistriúchán na téarmaíochta go Gaeilge, agus céim chun tosaigh atá ann don Ghaeilge a bheith mar chuid den aitheantas do na daoine sin,” a dúirt Uachtarán Aontas na Mac Léinn in Éirinn, Michael Kerrigan.

Chuir Cearbhall Turraoin, ball de bhord TENI, an grúpa d’fhoilsigh an foclóir i gcomhar le BeLonG To Youth Services agus Aontas na Mac Léínn, fáilte chomh maith roimh theacht ar an saol ‘An Foclóir Aiteach’.

“Cuireann an liosta seo, a chuimsíonn téarmaí cosúil le Trasinscneach (Transgender) agus Neamh-dhénártha (Non-binary), béim ar an bheocht agus ar an uileghabhálacht a bhaineann leis an teanga maidir lenár n-aitheantas agus ár bhféinléiriú,” arsa Cearbhall Turraoin ó TENI.

Dúirt Moninne Griffith ó BeLonG To Youth Services gur fhág seoladh An Foclóir Aiteach nach mbeadh baill den phobal LADTA “fágtha gan focail acu níos mó inár dteanga dhúchais”.

“Tá focail agus frásaí againn anois a thabharfaidh cead do dhaoine iad féin a chur in iúl, agus cead dóibh a n-aitheantas féin a léiriú ar bhealach cruinn agus fiúntach,” a dúirt Moninne Griffith.

I measc na dtéarmaí san fhoclóir nua, tá Gan Inscne (Agender); Dá-inscneach (Bigender), Leath-inscneach (Demigenger); Inscne-aiteach (Genderqueer); agus Trasinscneach (Transgender).

Tá teacht ar na téarmaí ar fad anseo.

Fág freagra ar 'An Chéad Fhoclóir Gaeilge LGBTQ seolta ag Aire Stáit na Gaeltachta'

  • Fear aerach

    An é Joe McHugh féin a d’aistrigh an foclóir seo? Más é, tá a chuma air! Thóg sé fada go leor orm dul i dtaithí ar an bhfocal ait sin, aerach, le cur síos orm féin, gan an focal ‘ait’ féin a bheith in úsáid le cur síos orm. Má tá aiteachas ag baint liom níl aon bhaint aige le mo chlaonadh gnéis. Mo náire Joe McHugh, Aire na Gaeltachta, a sheolfadh a leithéid de rud nach bhfuil rian ar bith den Ghaeltacht air. Níor cheart a leithéid de rud a dháileadh ar mhic léinn óga goiliúnacha aeracha a bhfuil Gaeilge ó dhúchas acu. Masla ceart atá ann. Ba cheart an Foclóir Aiteach a dhó go poiblí os comhair Theach Laighean!

  • Fearn

    Sea! Tá sé deacair gan aontú leat, a fhir aeraigh.

    Foclóir? Shamhlaigh mé liosta focal i mbéarla agus Gaeilge chiotach siúntaithe leis.

    Díol grinn do Sheachtain na hÁbhachta san hollscoileanna?