An chéad fhear a d’iomair ó Nua-Eabhrac go Gaillimh tagtha i dtír sa Ghaeltacht

Cuireadh fáilte mhór roimh Damian Browne, iar-imreoir rugbaí, i nGaillimh inné tar éis dó 112 lá a chaitheamh ag rámhaíocht ó Nua-Eabhrac

An chéad fhear a d’iomair ó Nua-Eabhrac go Gaillimh tagtha i dtír sa Ghaeltacht

Twitter/@GalwayWalks

Tháinig fear a chaith ceithre mhí ag rámhaíocht trasna an Atlantaigh i dtír inniu i nGaeltacht Chonamara.

Cuireadh fáilte mhór roimh Damian Browne, iar-imreoir rugbaí, i nGaillimh ar maidin tar éis dó 112 lá a chaitheamh ag rámhaíocht ó Nua-Eabhrac.

Bhí sé i gceist ag Browne teacht isteach ag dugaí na Gaillimhe inniu ach tháinig deireadh lena thuras go moch ar maidin nuair a sheol gaoth láidir agus tonnta i dtír é gar do Thrá na bhForbacha i gConamara. Tháinig baill den Gharda Síochána i gcabhair ar Browne thart ar 1.00rn ach níor gortaíodh é.

I dteachtaireacht ar Facebook, dúirt Browne gur oíche “chorraithe agus strusmhar” a bhí inti.

“Chomh luath agus a chuaigh mé taobh thoir d’Inis Oírr, bhuail gaoth láidir a bhí ag séideadh idir an t-oileán agus cósta chontae an Chláir mé. Ba chuma céard a rinne mé, ní raibh mé in ann an bád a chur soir i dtreo na Gaillimhe,” a mhínigh Browne.

“Tobann go leor, bhí mé gar don chósta, níor gaire ná mar a cheap mé mar gheall ar an dorchadas.”

Dúirt Browne go ndearna sé iarracht teacht i dtír ag an Spidéal agus ansin i mBearna ach nár éirigh leis.

Agus é á lascadh ag tonnta gar don chósta sna Forbacha, d’iompaigh an bád béal fúithi agus, cé gur cheartaigh sé féin í, bhí ceann dá chuid maidí rámha briste agus bhuail sé in aghaidh carraigeacha go luath ina dhiaidh.

In ainneoin an méid a tharla aréir, cuireadh fáilte mhór roimh Browne ag ócáid cheiliúrtha a reáchtáladh ag dugaí na Gaillimhe ar maidin.

Is é Browne an chéad duine riamh a d’iomair ó Nua-Eabhrac go Gaillimh agus tá sé ar dhuine den bheagán a bhfuil an tAtlantach trasnaithe an dá threo acu i mbád rámhaíochta. In 2018, chuaigh Browne ó San Sebastián na Spáinne chomh fada le hAntigua sa Mhuir Chairib i mbád aonair.

Is ar an 14 Meitheamh i mbliana a d’fhág Browne Chelsea Piers i Nua-Eabhrac agus é ag tabhairt faoin turas is déanaí seo aige. Bhí sé i gceist aige féin agus cara leis, Fergus Farrell, an turas a dhéanamh taobh istigh de 55 lá, curiarracht nua, ach bhí ar Farrell éirí as théis coicíse mar gheall ar chúrsaí sláinte.

Chaith Browne 2,686 uair an chloig ar an bhfarraige ina bhád Cushlamachree  agus d’iomair sé breis is 3,450 muirmhíle.

Tá Browne ag bailiú airgid do roinnt carthanachtaí éagsúla mar chuid dá thuras – Clann Shíomóin, Éirim an Iarthair, Madra agus Fondúireacht an Ospidéil Náisiúnta Athshlánúcháin.

Fág freagra ar 'An chéad fhear a d’iomair ó Nua-Eabhrac go Gaillimh tagtha i dtír sa Ghaeltacht'