An chéad chlaí curtha di ag May agus a mbeannacht tugtha ag Rialtas na Breataine don mhargadh Breatimeachta

Is mó fós an chéad dúshlán eile atá le sárú ag Príomh-Aire na Breataine, an margadh imeachta a chur trí Pharlaimint Westminster

An chéad chlaí curtha di ag May agus a mbeannacht tugtha ag Rialtas na Breataine don mhargadh Breatimeachta

Tá an chéad chlaí ar chúrsa mhargadh an Bhreatimeachta curtha di ag Theresa May agus beannacht a rialtais faighte aici don mhargadh imeachta a aontaíodh leis an Aontas Eorpach an tseachtain seo.

Fágann cinneadh Rialtas na Breataine, a fógraíodh tráthnóna tar éis cruinniú rialtais a mhair cúig uair a chloig, gur féidir an margadh a chur faoi bhráid cruinniú mullaigh de cheannairí an Aontais a bheidh ar siúl sa Bhruiséil ar an 25 Samhain.

Cuirfear an margadh imeachta faoi bhráid Pharlaimint Westminster agus Pharlaimint na hEorpa ina dhiaidh sin agus beidh plé agus vóta sa Dáil faoin margadh chomh maith.

Agus cinneadh na comhaireachta á fhógairt tráthnóna, dúirt May gur thuig sí go raibh laethanta crua corraitheacha roimh a plean fós ach gur chreid sí “ina croí” agus “ina hintinn” gurb é seo leas a tíre agus an margadh ab fhearr agus “an t-aon mhargadh” a bhí ar fáil. Dúirt sí go raibh cruinniú fada lán paisin ag an Rialtas inniu agus go mbeadh ráiteas á dhéanamh aici faoin scéal in Westminster amárach.

“Ba dheacair iad na cinntí a bhí le déanamh, go háirithe maidir le cúlstop Thuaisceart Éireann, ach rinne an Rialtas cinneadh le chéile gur cheart don Rialtas glacadh leis an dréachtsocrú imeachta agus an dearbhú imlíneach polaitiúil,” arsa May tráthnóna.

Cé gur bua maith é ag Príomh-Aire na Breataine gur éirigh léi an margadh a dhíol le dóthain de lucht an amhrais sa chomhaireacht, tá sí faoi bhrú i gcónaí agus dhá mhórdhúshlán le sárú go fóill aici.

Tá a dúshlán mar cheannaire á thabhairt ag cuid den dream is diongbháilte ar son an Bhreatimeachta ina páirtí féin agus tuairiscí an faoi vóta mímhuiníne agus, ina theannta sin, tá ráite ag an DUP, ar a bhfuil a Rialtas ag brath, go gcuirfidh siad i gcoinne an mhargaidh in Westminster.

Chun go n-éireodh leis an margadh in Westminster chaithfeadh May tathant ar fheisirí de chuid ghrúpaí éagsúla vótáil ar a shon. Meastar go bhfuil idir 40 agus 80 feisire ina páirtí féin sa ghrúpa is diongbháilte ar son an Bhreatimeachta agus gur ar éigean go n-éireodh léi mórán acu siúd a mhealladh.

Bheadh uirthi an plean a dhíol chomh maith leis an DUP, leis na Tóraithe atá go mór ar son na hEorpa (thart ar dhosaen feisirí) agus leis an 13 Tóraí as Albain, dream a thug le fios inniu nach nglacfaidís le margadh ar bith a chuirfeadh isteach ar chearta iascaireachta.

Dúirt an t-iar-rúnaí gnóthaí eachtracha Boris Johnson, duine de na daoine is righne ar son an Bhreatimeachta,  gur “fostát”, nó ‘vassal state’ a bheadh sa Bhreatain dá nglacfaí leis an margadh imeachta. Dúirt sé nach mbeadh an t-údarás ag an mBreatain maidir lena dlíthe féin den chéad uair le 1,000 bliain dá nglacfaí le plean May go bhfanfadh an Ríocht Aontaithe san aontas custaim ar bhonn sealadach i ndiaidh an Bhreatimeachta.

Dúirt Johnson chomh maith go bhfágfadh an margadh go mbeadh níos mó cumhachta ag ‘Baile Átha Cliath’ ná ag ‘Londain’ i rialú Thuaisceart Éireann den chéad uair ó deineadh an tír a chríochdheighilt.

Ba láidre fós caint Jacob Rees-Mogg, duine eile den dream is diongbháilte atá ar son an Bhreatimeachta.

Ní “vassal state” a bheadh sa Bhreatain a thuilleadh ach “sclábhaí de stát”, a dúirt seisean.

“Tá na bratacha bána curtha anairde ar fud Whitehall.  Feall ar iontaoibh atá ann ar an Aontas [an Ríocht Aontaithe],” arsa Rees-Mogg.

Cúlstop amháin atá sa mhargadh a d’aontaigh lucht idirbheartaíochta na Breataine agus an Aontais Eorapigh chun teorainn chrua in Éirinn a sheachaint i ndiaidh an Bhreatimeachta.

Faoin gcúlstop bheadh socrú sealadach ann go bhfanfadh an Ríocht Aontaithe san aontas custaim ach bheadh socruithe speisialta breise ann do Thuaisceart Éireann ó thaobh chustam agus rialacha an aontais.

Bheadh córas athbhreithnithe ann i dtaobh an chúlstop.

Níl aon dáta éaga luaite leis an gcúlstop, áfach, ná ní bheadh cead ag aon dream an socrú a chaitheamh i dtraipisí as a gconlán féin, dhá mhóréileamh ag lucht an Bhreatimeachta.

Thug an DUP droim láimhe leis an margadh fiú sula raibh sé feicithe acu.

Dúirt Jeffery Donaldson, duine den deichniúr feisirí parlaiminte ón DUP a bhfuil Rialtas May ag brath orthu, go bhféadfadh go scriosfaí an Ríocht Aontaithe dá nglacfaí leis an margadh.

Dúirt ceannaire an DUP Arlene Foster inniu gur “tráth na himní móire atá ann, gan aon agó”.

Dúirt sí nach bhféadfaí glacadh le margadh ar bith ina mbeadh socruithe ar leith i gceist do Thuaisceart Éireann.

Idir an dá linn, dúirt ceannaire an SNP in Westminster, Ian Blackford gur chóir go mbeadh socrú speisialta ann d’Albain i bhfianaise na socruithe a bhí á ndéanamh do Thuaisceart Éireann.

Fág freagra ar 'An chéad chlaí curtha di ag May agus a mbeannacht tugtha ag Rialtas na Breataine don mhargadh Breatimeachta'