An chéad chéim eile bainte amach ag Bille Uí Chuív faoi riachtanas Gaeilge in OÉG

Is mionathrú ar an reachtaíocht a bhí ann cheana atá i gceist le Bille an Choláiste Ollscoile, Gaillimh (Leasú), a chinnteodh go mbeadh Gaeilge líofa ag uachtaráin Ollscoil na hÉireann Gaillimh feasta

An chéad chéim eile bainte amach ag Bille Uí Chuív faoi riachtanas Gaeilge in OÉG

Vótáil móramh sa Dáil aréir ar son Bille a dhréachtaigh Éamon Ó Cuív a chinnteodh go mbeadh Gaeilge líofa ag uachtaráin Ollscoil na hÉireann Gaillimh feasta, agus rachaidh an bille ar aghaidh anois go dtí an chéad chéim eile, céim an choiste.

61 Teachta Dála a vótáil ar son an Bhille, agus tacaíocht Theachtaí Dála de chuid Fhianna Fáil agus Shinn Féin chomh maith le roinnt neamhspleách ag dréachtreachtaíocht Uí Chuív. 51 Teachta Dála a vótáil in aghaidh an Bhille agus cúigear de na Teachtaí Dála  a bhí i láthair a staon ón vótáil.

Is mionathrú ar an reachtaíocht a bhí ann cheana atá i gceist le Bille an Choláiste Ollscoile, Gaillimh (Leasú), a bhain an dara céim amach sa Dáil aréir. Sa chás go n-achtófaí an Bille nua, chuirfí abairt amháin bhreise leis an Acht a tugadh isteach in 2006:

“The governing authority shall ensure that the President of the college is competent to carry out all his/her daily responsibilities as President in both Irish and English,” an abairt a chuirfí leis an Acht de réir Bhille Uí Chuív.

Tháinig sé chun solais ar Tuairisc.ie ag tús na bliana seo go raibh deireadh á chur leis an riachtanas Gaeilge a bhaineann le post Uachtarán na hOllscoile.

Bhain conspóid mhór le cinneadh Údarás Ollscoil na hÉireann, Gaillimh anuraidh deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge, a d’fhág go mbíodh líofacht sa Ghaeilge i gcónaí ag an uachtarán.

Vótáil tromlach Údarás na hollscoile ar son moladh go gcuirfí deireadh leis an riachtanas Gaeilge don phost is sinsearaí san ollscoil.

Mheas siadsan a bhí ar son an athraithe gur bac a bhí sa riachtanas teanga ar dhaoine cur isteach ar an bpost, go háirithe iarrthóirí ó chríocha thar lear, ach bhí daoine eile den tuairim go ndéanfadh an cinneadh dochar mór do stádas na teanga san ollscoil.

Cháin idir pholaiteoirí agus lucht léinn an cinneadh, ach mhaígh lucht ceannais na hOllscoile go mbeadh an tábhacht chéanna i gcónaí leis an nGaeilge in OÉ, Gaillimh agus nár chéim síos don teanga a bhí ann. Bheadh sé mar dhualgas ar an Uachtarán nua, bíodh Gaeilge aige nó ná bíodh, an Ghaeilge agus polasaí teanga na hollscoile a chur chun cinn, a dúradh.

Mar a tharlaíonn sé, cainteoir líofa Gaeilge as cathair na Gaillimhe, Ciarán Ó hÓgartaigh, a roghnaíodh níos túisce i mbliana chun teacht i gcomharbacht ar Jim Browne mar Uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Fág freagra ar 'An chéad chéim eile bainte amach ag Bille Uí Chuív faoi riachtanas Gaeilge in OÉG'

  • Roddy

    Siombalachas é seo den cuid is mó díreach ar nós aidhm FF faoin Ghaeilge a atbheaochaint mar theanga náisiúnta. Teastaíonn ollscoil/ institiúd LánGhaeilge le gomairfeadh an Ghaeilge. Ollscoileanna lánBhéarla atá againn – NUIG san áireamh.