An ceathrú dáileog den vacsaín le tairiscint do gach duine atá 65 nó níos sine

De réir chomhairle NIAC ba chóir an dara teanndáileog a thabhairt do dhaoine 12 nó níos sine atá imdhíon-lagaithe

An ceathrú dáileog den vacsaín le tairiscint do gach duine atá 65 nó níos sine

Tá an ceathrú dáileog den vacsaín le tairiscint do gach duine sa stát atá 65 nó níos sine.

Dheimhnigh an tAire Sláinte Stephen Donnelly ar maidin gurb í sin comhairle NIAC, an Coiste Comhairleach Náisiúnta um Imdhíonadh, agus gur ghlac sé leis an gcomhairle sin.

Ag labhairt dó ar Morning Ireland ar RTÉ, dúirt Donnelly go raibh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag ullmhú cheana féin chun an ceathrú snáthaid a dháileadh.

De réir chomhairle NIAC ba chóir an dara teanndáileog a thabhairt do dhaoine atá 12 nó níos sine atá imdhíon-lagaithe. Ba chóir a deir siad bundáileog trí shnáthaid a thabhairt do pháistí atá idir 5-11 atá imdhíon-lagaithe.

Maidir leis an gceathrú snáthaid do dhaoine os cionn 65 is í comhairle NIAC ná go bhfágfaí sé mhí idir an tríú dáileog agus an ceann nua, ach go deir siad bhféadfadh go mbeadh ceithre mhí inmholta i gcásanna áirithe. 

Dúirt Stephen Donnelly go rabhthas ag súil moltaí NIAC a chur i gcrích “an-sciobtha”.

Dhéanfaí scagadh anois ar ar cheart vacsaín eile a dháileadh ar dhaoine in aoisghrúpaí eile, a dúirt sé.

Fág freagra ar 'An ceathrú dáileog den vacsaín le tairiscint do gach duine atá 65 nó níos sine'

  • Seán O Cuillin

    Ba cheart a mholadh do gach duine tástáil a dhéanamh orthu féin an oíche roimh an vacaín a fháil. Tharla sé dom féin gur tolgadh go dona mé le Covid dhá lá tar éis dom a bheith inteallaithe. Dúradh liom ag lucht leighis go raibh gach seans go rabhas tolgtha, in ainneoin dom féin, ar an lá a fuair mé an t-instealladh. Ní raibh fadhb agam leis na cinn a fuair mé roimhe sin.