Nuair a luaitear an Blascaod Mór, cuimhníonn daoine áirithe ar Peig agus foghlaim na Gaeilge ar scoil agus droch-chuimhní a bhíonn i gceist go minic. Ach is ar an oileán ársa céanna a reáchtálfar cúrsa nua spioradálta agus teanga an mhí seo chugainn a bhfuil sé mar aidhm aige an dúchas a dhúiseacht i ndaoine atá ar bheagán Gaeilge.
Tá sé i gceist ag lucht eagraíochta ‘Dúisigh do Dhúchas’ clár imeachtaí ceithre lá (8-11 Meán Fómhair) a chur le chéile a mhúsclóidh grá i ndaoine don Ghaeilge agus a thabharfaidh deis dóibh nasc níos láidre a chruthú leis an teanga agus leis an nádúr.
Tá aithne mhaith ag duine den lucht eagraithe, Diarmuid Lyng, ar an mBlascaod Mór agus sealanna tugtha aige ina chónaí ann le cúpla bliain anuas agus deir sé nach bhfuil aon áit níos fearr chun an cúrsa a reáchtáil. Tá trí sheanteach ar fáil ar an oileán, teach Pheig Sayers ar cheann acu, agus atmaisféar speisialta ann.
“Tá seal caite agam ar an mBlascaod le trí shamhradh anuas agus cím an draíocht atá ar an oileán,” a deir iariománaí Loch Garman. “Bhí tumadóirí amuigh ann anuraidh, 30 duine acu, agus chonacas na tithe agus na coinnle ann agus an ceol agus an scéalaíocht agus bhraith mé gur áit dhochreidte é seo chun rud éigin mar seo a dhéanamh.”
Cé go bhfuil foghlaim agus labhairt na Gaeilge mar bhunchloch an chúrsa, ní bheidh ranganna ar leith ann agus is ag díriú ar an tumoideachas chun an Ghaeilge a spreagadh go nádúrtha a bheidh Lyng agus a chomhghleacaithe.
“Áit a bheidh ann chun seans a thabhairt do dhaoine an Ghaeilge a ligean amach in áit cúrsa gramadaí nó mar sin a dhéanamh. Sin an tuiscint atá ag daoine, go gcaithfidh siad í a fhoghlaim,” a deir sé. “Ach, cosúil leis an gceol nó an spórt, is é an rud is luachmhaire ná í a ligean amach asat féin. Sin an taithí atá againne mar dhaoine nach raibh an teanga againn go nádúrtha, gur féidir é sin a dhéanamh.”
Agus an teagasc iomlán trí mheán na Gaeilge, deir Lyng go mbeadh orthu siúd a bheidh ag freastal ar an gcúrsa taithí a beith acu ar an nGaeilge, cé nach gá go mbeadh siad á húsáid. “Is leor an Ardteist a bheith déanta acu nó go ndearna siad Gaeilge uair éigin ar scoil, go dtuigeann siad na rudaí bunúsacha,” a deir sé.
Tá an cúrsa curtha le chéile ag Lyng in éineacht leis an ealaíontóir Siobhán de Paor agus an luibheolaí Cearbhuil Ni Fhionnghusa. Díreofar sna himeachtaí ar thrí réimse ar leith, sláinte choirp, spioradáltacht agus bia, ach beidh nasc ag an uile rud leis an nGaeilge.
Má fheictear scata mór daoine ag iománaíocht ar an trá ar an mBlascaod Mór an deireadh seachtaine áirithe sin, ní ar mhaithe le spraoi amháin a bheidh siad. Dar le Lyng, tá an camán chomh maith le haon áis teagaisc eile agus é ag iarraidh a thaispeáint nach bhfuil aon ghá faitíos a bheith ar dhuine roimh an teanga.
Déanann sé comparáid idir an sásamh a fhaigheann duine nach bhfuil aon chleachtadh acu ar an iomáint as a bheith ag pocáil thart agus an sásamh a fhaigheann duine nuair a éiríonn leo an beagán Gaeilge atá acu a úsáid.
“Tá muid ag iarraidh go mbainfidh daoine triail as rudaí nach ndéanann siad go hiondúil nó nach mbíonn deis acu a dhéanamh,” a mhíníonn sé. “Cím leis an iomáint agus leis an gcamán, go háirithe, daoine nach bhfuil taithí acu ar a bheith ag imirt, nuair a chuireann tú camán ina lámh, baineann siad an oiread taitnimh as. Is dóigh liom go bhfuil sé cineál cosúil leis sin leis an teanga.”
Níl bheidh ann ach ceithre lá acu agus ní dhéanfaidh ‘Dúisigh do Dhúchas’ as féin cainteoir líofa de dhuine ach deir Lyng gurb é an rud is tábhachtaí is féidir le duine a fhoghlaim ar an oileán ná luach na teanga.
“Go gcruthóidh sé grá iontu don teanga agus go ndéanfaidh sé ‘lifelong learners’ díobh, sin an sprioc. Ní toisc go bhfuil an Ghaeilge úsáideach i gcúrsaí gnó nó chun airgead a dhéanamh ach mar go mbraithfidh siad gur rud draíochtúil é a bheith ábalta cúpla abairt a chur le chéile i ndiaidh cúpla lá.”
Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi ‘Dúisigh do Dhúchas’ anseo.
Fág freagra ar 'An camán agus teach Pheig Sayers – áiseanna teagaisc nua na Gaeilge'