An Buailtín in éagmais siopa grósaera agus preab bainte as muintir na háite

Tá na doirse iata le déanaí ar dhá shiopa grósaera i mBaile an Fheirtéaraigh a bhíodh ag freastal ar pharóistí an cheantair

An Buailtín in éagmais siopa grósaera agus preab bainte as muintir na háite

Tá muintir Pharóistí an Fheirtéaraigh, Mhárthan agus Dhún Chaoin in Iarthar Duibhneach in éagmais siopa grósaera agus a ndoirse iata le déanaí ag an dá shiopa grósaera i mBaile An Fheirtéaraigh, nó An Buailtín, a bhíodh ag freastal ar mhuintir na háite.

Coicís ó shin is ea a d’iaigh Éamon agus Valerie Ó hUallacháin a siopa siúd ‘An Cat Dubh’ a bhí daichead éigin bliain ag fónamh ar mhuintir na háite. Dúradar beirt go dteastaíonn uathu a maidí a ligean le sruth, ar feadh tamaill, ach go háirithe.

Ansin tháinig an scéal an deireadh seachtaine seo caite go bhfuil a siopa féin, faoi scáth Gala, iata ag muintir Lubhaing, tar éis dóibh tamall de bhlianta a thabhairt i mbun an ghnó sin.

Bhain iamh an dá shiopa preab nach beag as muintir na háite agus tá muintir Pharóistí Dhún Chaoin, An Fheirtéaraigh agus Mhárthan fágtha anois gan aon siopa ina gcomharsanacht acu.

Tá dhá shiopa ag gníomhú i bparóistí na Cille agus Fhionntrá araon, ach níl aon cheann acu i ngiorracht scread asail don mBuailtín.

Bhí tráth go raibh ar a laghad ceithre shiopa i gcomharsanacht an Bhuailtín agus bail mhaith orthu go léir. Bhí leithéidí shiopa Sheáinín na mBánach Ó Conchúir – áit a mbíodh gach rud a bhí ag teastáil ón bpobal ar díol, ó bhlúire feola go buataisí – an-lárnach i saol na háite.

Níl aon oifig phoist ar an mBuailtín ach an oiread le tamall de bhlianta agus níl a leithéid i nDún Chaoin, leis, le tamall níos faide fós.

Is íorónach an scéal é go bhfuil oifigí breá nua-aimseartha oscailte ag Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne díreach lasmuigh den mBuailtín, tráth a bhfuil deireadh ag teacht le gnóthaí atá seanbhunaithe sa phobal.