An Bille Teanga le plé sa Seanad agus a aistear ag teacht chun críche

Beidh an Bille Teanga á phlé sa Seanad inniu agus dóchas ann go mbeidh sé achtaithe roimh dheireadh na bliana. Ceithre chéim eile sa Seanad atá roimh an mBille a bhfuil sé mar sprioc leis gur cainteoirí Gaeilge a bheadh i 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoin mbliain 2030. Nuair a bheidh deireadh déanta […]

An Bille Teanga le plé sa Seanad agus a aistear ag teacht chun críche

Beidh an Bille Teanga á phlé sa Seanad inniu agus dóchas ann go mbeidh sé achtaithe roimh dheireadh na bliana. Ceithre chéim eile sa Seanad atá roimh an mBille a bhfuil sé mar sprioc leis gur cainteoirí Gaeilge a bheadh i 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoin mbliain 2030.

Nuair a bheidh deireadh déanta sa Seanad, tabharfaidh an Bille seal gairid eile sa Dáil sula gcuirfear ar aghaidh go dtí Áras an Uachtaráin, áit a mbeidh sé le síniú ag Uachtarán na hÉireann.

Tá go dtí an 17 Samhain ag an Rialtas agus páirtithe an fhreasúra le leasuithe a mholadh do Chéim an Choiste sa Seanad. Níor ghlac an Rialtas le haon leasú de chuid an fhreasúra ag an dá chéim dheireanacha den Bhille, ach chuir siad roinnt mhaith leasuithe chun cinn iad féin.

Cé gur measadh nach ndéanfaí aon leasú eile ar an mBille as seo go ceann scríbe, tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil roinnt leasuithe le moladh ag an Rialtas ag céim an tSeanaid.

Tá sé i gceist freisin ag Sinn Féin thart ar 30 leasú dá gcuid féin a mholadh. Breis is 230 leasú a mhol Sinn Féin ag an gcéim dheireanach sa Dáil, Céim na Tuarascála, ach dúirt an Seanadóir Niall Ó Donnghaile, ceannasaí Shinn Féin sa Seanad, le Tuairisc.ie go mbeifí ag díriú ar na leasuithe is práinní a d’eascair ón bplé sa Dáil.

Mheas an Seanadóir Ó Donnghaile nach dtiocfadh aon cheann de na leasuithe atá le moladh ag Sinn Féin “aniar aduaidh” ar an Rialtas agus plé déanta orthu roimhe seo agus an bille ag dul trí Thithe an Oireachtais.
Dúirt Ó Donnghaile go raibh sé ag súil le tús an phlé sa Seanad agus dóchas aige go n-aithneodh an Rialtas go bhfuil “gá” leis an mBille “a neartú” a thuilleadh.

“Tá súil agam go mbeidh plé dearfach agus plé fiúntach againn sa Seanad leis an Bhille seo. Tá súil agam freisin go n-aithneoidh an Rialtas go bhfuil ráchairt amuigh ansin i measc phobal labhartha na Gaeilge go mbeadh an Bille seo níos láidre, mar sin atá de dhíth.

“Beidh muidne ag déanamh ár ndíchill, ó thaobh na leasuithe de, cur leis an reachtaíocht seo agus í a dhéanamh níos láidre. Sin an teachtaireacht atá ag teacht ó Shinn Féin agus sin an teachtaireacht atá ag teacht ón phobal amuigh ansin fosta, go bhfuil an Bille seo tábhachtach agus gur maith an rud é go bhfuil sé ag teacht chun cinn ach go bhfuil dualgas orainn a chinntiú go bhfuil an reachtaíocht chomh láidir agus chomh maith agus is féidir léi a bheith.”

Chomh maith leis an sprioc go mbeadh 20% d’earcaigh nua na státseirbhíse ina gcainteoirí líofa Gaeilge, faoi leasú a ritheadh le linn Chéim na Tuarascála sa Dáil, thabharfaí ordú go mbeadh ar gach oifig agus seirbhís stáit sa Ghaeltacht a bheith ábalta feidhmiú trí Ghaeilge.

I measc na leasuithe eile a ritheadh, leagfar síos go mbeidh ar chomhlachtaí poiblí 20% dá bhfógraíocht a dhéanamh i nGaeilge gach bliain agus go mbeadh ar gach comhlacht poiblí 5% dá gcuid fógraíochta in aon bhliain ar leith a dhéanamh sna meáin Ghaeilge. Bheadh dualgas reachtúil ar chomhlachtaí poiblí aon ábhar margaíochta a scaipeann siad ar an bpobal a bheith i nGaeilge nó i mBéarla agus i nGaeilge agus bheadh ar chomhlachtaí poiblí a bheith in ann déileáil leis an síneadh fada in ainmneacha daoine, cé go bhfuil éiginnteacht ann faoi cén uair a tharlódh sin.

Cuirfear tús le Céim an Choiste sa Seanad faoi cheann coicíse, an 24 Samhain, agus tuigtear go mbeidh Céim na Tuarascála ann luath i mí na Nollag.

Fág freagra ar 'An Bille Teanga le plé sa Seanad agus a aistear ag teacht chun críche'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Nuair atá go leor d’obair an stáit á chuir chuig comhlachtaí príobháideacha agus gan dualgas ar bith orthusan aitheantas a thabhairt don Ghaeilg, an mbeidh ‘comhlachtí poiblí’ ar bith fágtha leis an 20% cainteoirí Gaeilge agus 20% fógraíocht a chuir i bhfeidhm iontu?? An mbeidh an ‘NDLS’ (national driver licence service) agus an ‘RSA’ (road safety authority) agus ‘Fáilte Ireland’ ag teacht faoin reachtaíocht úr seo??

    Agus ansin tá ná heagraíochtaí deonacha agus carthanachtaí uilig a bhíonn ag brath ar mhaoiniú ón stáit. An mbeidh dualgas orthusan cainteoirí Gaeilge a earcú agus an mbeidh orthu a gcuid fógraíocht a dhéanamh i nGaeilge nó go dátheangach? Caidé faoin eagraíocht ‘Pobal’? Tá achan rud á bhogadh ar líne anois agus níl faic aitheantais á thabhairt ag na heagraíochtaí stáit ná ag na heagraíochtaí deonacha don Ghaeilg sna fógraí a chuirtear amach ar líne ná ar ríomhphoist!! ‘RTÉ supporting the Arts’ nó ‘supported by the government of Ireland/brought to you by the government of Ireland’ a chluintear ar na meáin. An raibh ‘Oíche Chultúr’ luaite nó scríofa áit ar bith i mbliana?? Cha bhfaca mé ach fógraí Béarla sna nuachtaín áitiúla anseo i dTír Chonaill agus póstaeirí móra Béarla thart ar Leitir Ceanainn ag déanamh fógraíocht ar ‘Culture Night’!