An Bhrasaíl agus an Airgintín ag súil le haghaidh a thabhairt ar a chéile i gcluiche leathcheannais

Imreofar na chéad chluichí sna babhtaí ceathrú ceannais ag Corn an Domhain inniu, an Chróit ag tabhairt aghaidh ar an mBrasaíl agus an Airgintín agus an Ísiltír in aghaidh a chéile ina dhiaidh sin

An Bhrasaíl agus an Airgintín ag súil le haghaidh a thabhairt ar a chéile i gcluiche leathcheannais


3.00in

Léirigh foireann na Brasaíle a cumas arís an tseachtain nuair a bhain Neymar agus a chomrádaithe áit amach sna babhtaí ceathrú ceannais tar éis dóibh greadadh a thabhairt don Chóiré Theas. Bhí an Bhrasaíl 4-0 chun tosaigh théis 36 nóiméad agus cé nár scóráil siad arís sa chluiche, léiríodh sa leathuair an chloig sin cén fáth gurb iad rogha na coitiantachta don chomórtas.

Is é Neymar réalt na foirne ach seans gur tábhachtaí Richarlison agus Vinicius Jr. Scóráil Richarlison cúl dochreidte eile in aghaidh na Cóiré Theas agus is eisean a scóráil péire de na cúil is fearr a scóráladh sa Chatar. Tá Vinicius ag cur lena cháil i gcónaí chomh maith agus coisíocht agus gliceas iontach aige.

Dúshlán eile a bheidh rompu tráthnóna, áfach, agus iad in aghaidh ceann de na foirne is mó taithí ar domhan. Ar ndóigh, bhain an Chróit cluiche ceannais Chorn an Domhain amach ceithre bliana ó shin agus cé go bhfuil siad tite siar cuid mhaith ó shin, tá sé fós thar a bheith deacair an ceann is fearr a fháil orthu, mar a chonaic an tSeapáin i mBabhta an 16.

Tá an gearradh sin i measc na dtosaithe caillte ag an bhfoireann ó d’éirigh Mario Mandžukić ach fós féin tá siad láidir go maith sa chosaint. Tapaíonn an Chróit an deis scíth a ligean nuair a bhíonn seilbh na liathróide acu agus cé go bhfuil imreoirí na Brasaíle níos tapa, níos sciliúla agus níos fearr, is cinnte nach bhfaighidh siad an oiread céanna seilbhe is a fuair i gcluichí eile.

Beidh ar an mBrasaíl a beith níos foighní mar sin, rud a théann i gcoinne ghnáthstíl imeartha na foirne. Imreoirí iontacha iad Neymar, Richarlison, Vinicius agus Raphinha ach éiríonn siad corraithe go minic freisin. Beidh an Chróit ag iarraidh go gcaillfidh siad an cloigeann anocht

B’fhéidir nach cluiche a bheidh ann a thaitneoidh le himreoirí na Brasaíle ach dúshlán é a rachaidh chun leasa na foirne má éiríonn leo teacht tríd.


7.00in

Ní bheidh ceachtar den dá fhoireann seo thar a bheith sásta leis na taispeántais atá tugtha acu go dtí seo i gCorn an Domhain 2022 ach beidh a fhios ag imreoirí na hÍsiltíre agus na hAirgintíne go bhfuil deis iontach acu na babhtaí leathcheannais a bhaint amach anocht.

Cé gur bhuaigh siad dhá chluiche i nGrúpa A agus comhscór a bhí sa cheann eile, ní dheachaigh an Ísiltír i bhfeidhm ar mórán ag tús an chomórtais agus an scéal céanna a bhí ann in aghaidh Stáit Aontaithe Mheiriceá an deireadh seachtaine seo caite. Bhuaigh foireann Louis van Gaal 3-1 ach bhí an t-ádh orthu nár ghéill siad ach an t-aon chúl amháin sin agus bhíodar ag brath ar an-thaispeántas ó Denzel Dumfries chun an cluiche sin a bhuachan.

Beidh siad fós muiníneach go maith roimh an chluiche seo in aghaidh na hAirgintíne, áfach. Ní fhéadfá a bheith riamh cinnte ceard a tharlóidh le foireann Lionel Scaloni ag an gcomórtas seo.

In aghaidh na hAstráile Dé Sathairn seo caite, bhí a chluiche is fearr riamh ag Corn an Domhain ag Lionel Messi ach fós bhí an t-ádh ar an Airgintín an cluiche a bhuachan. Bhí ar an cúl báire Emi Martinez iarracht ó Garang Kuol ag fíordheireadh an chluiche chun déanamh cinnte nach mbeadh am breise ann.

Ba cheart go mbeadh an cluiche buaite i bhfad níos éasca ag an Airgintín i ndáiríre agus cuid mhaith deiseanna maithe cruthaithe acu. Ba cheart go dtabharfadh sé sin misneach dóibh, ar a laghad, agus ní chuirfidh foireann seo na hÍsiltíre aon fhaitíos orthu.

Beidh Messi i lár an aiscin arís, bíodh sé maith nó olc, agus súil aige ar a laghad cluiche amháin eile a bheith aige ag Corn an Domhain.

Fág freagra ar 'An Bhrasaíl agus an Airgintín ag súil le haghaidh a thabhairt ar a chéile i gcluiche leathcheannais'