Tá síneadh ar an gcomhaontú soláthair agus muiníne idir Fine Gael agus Fianna Fáil á phlé i gcónaí ag ionadaithe an dá pháirtí.
Beidh an margadh trí bhuiséid a rinne said lena chéile as feidhm an 31 Nollaig, ach is léir cheana féin nach mbeidh margadh eile á fhógairt roimhe sin. Leanfar leis an bplé idir an dá linn, ach ní idirbheartaíocht dháiríre a bheas ann. Ní oireann sé do cheachtar páirtí díriú isteach fós ar shonraí polasaí.
Tá údar faoisimh thar a bheith oiriúnach tugtha do gach Teachta Dála ag an ngéarchéim Breatimeachta i Londain. Tá a fhios ag Leo Varadkar agus ag Micheál Martin gur lán-aird agus aireachas a theastaíonn ón bpobal i dtaobh na faidhbe sin go mbeidh an cinneadh a dhéanfar thall faoi dheireadh soiléir. Bheadh vótóirí beag beann ar cheannaire a spreagfadh olltoghchán roimhe sin.
Is mar gheall ar éiginnteacht an Bhreatimeachta a thairg Micheál Martin faoiseamh ó thoghchán, dar leis féin, ach ar ndóigh tá súil aige go rachaidh an faoiseamh chun tairbhe dó féin agus dá pháirtí. Is léir faoin am seo go n-oireann sé do Leo Varadkar freisin ar chúiseanna eile. Is olc an ghaoth nach séideann do bheirt.
Níl aon chinnteacht ann go ndéanfaidh Fine Gael agus Fianna Fáil margadh eile lena chéile roimh an olltoghchán. Ach beidh leithscéal nó cúis acu araon mura bhfógraíonn siad comhshocrú éigin go gairid tar éis lá an Bhreatimeachta ar an 29 Márta, nó tar éis don Bhreatain moill a chur ar an mBreatimeacht ar dhóigh éigin.
‘Mholamar beartais réasúnta chun déileáil leis na fadhbanna atá ag cur imní ar an bpobal, ach ní raibh toil réitigh ar an taobh eile,’ a déarfaidh Fianna Fáil agus Fine Gael.
Agus mar sin de.
Beidh a leagan féin den scéal ag an dá pháirtí, ach tá an cúrsa soiléir anois. Faoiseamh ó thoghchán go tús an earraigh, agus fógairt toghcháin faoi cheann cúpla mí ina dhiaidh sin.
Fearacht gach tairngreacht a chloistear maidir le cúrsaí Breatimeachta i Londain, ní féidir brath go hiomlán ach oiread ar thuar olltoghcháin abhus. Faoi láthair áfach, is léir an tslí a mbeadh cathú ar an Taoiseach olltoghchán a ghairm roimh lár na bliana seo chugainn.
Is léir cúis imní áfach nach féidir a chur as an áireamh agus an cheist toghcháin seo á meá. Tá Fine Gael mórtasach as a stuaim maidir le cúrsaí airgeadais. Ní leasc le hairí rialtais ná le gnáthchomhaltaí an pháirtí tagairt don saothar dian gan bhuíochas a rinne siad le caoi a chur ar riar airgeadais an stáit ó 2011 i ndiaidh mhífhreagracht Fhianna Fáil roimhe sin.
Bhí macallaí ón tréimhse léanmhar sin le cloisteáil le linn chruinniú an Choiste um Mhaoirseacht Buiséid i dTeach Laighean Dé Céadaoin. Dúirt cathaoirleach an fhorais a bunaíodh mar chuid den leigheas ar an tubaiste a tharla idir 2008 agus 2010 leis an gCoiste go raibh caiteachas rialtais ag dul ó smacht agus go raibh na botúin a rinneadh roimhe seo á ndéanamh arís.
Bhí Séamus Coffey ón gComhairle Fhioscach Chomhairlitheach ag cur síos ar an tuairisc a d’eisigh an Chomhairle seachtain ó shin inar dúradh go raibh an caiteachas atá beartaithe ag an Rialtas an bhliain seo chugainn €1.1 billiún níos mó ná an caiteachas a bheadh stuama, dar leo. Bhí an dainséar Breatimeachta i measc na bhfáthanna a thug an Chomhairle mar thaca lena dtuairim.
Chuir an Chomhairle fainic nua faoin mBreatimeacht ar an rialtas le linn an chruinnithe. Dúirt comhalta eile den Chomhairle, an t-eacnamaí Martina Lawless, leis an gcoiste nach raibh meastacháin an rialtais maidir leis an dochar a dhéanfadh an Breatimeacht sa Ríocht Aontaithe ag teacht le meastacháin Bhanc Shasana.
Ní mar sin a labhair sí, ach bhí éirim na bhfocal soiléir. Ní shíltear i mBaile Átha Cliath go mbeidh an dochar a dhéanfar thall mar gheall ar an mBreatimeacht chomh dona agus a shíltear i Londain. Níl an chontúirt atá ag bagairt ar Éirinn mar sin á meá i gceart. D’fhéadfadh dochar níos mó a bheith romhainn ná mar atá i meastacháin an rialtais.
‘Don’t ask me what I think is going to happen, because I haven’t a clue, and neither does anybody else,’ a dúirt iriseoir Sasanach an tseachtain seo. Tá cúis na héiginnteachta chomh soiléir céanna ar an taobh seo de Mhuir Éireann, agus an chúis imní freisin.
An bhfuil tuairim chruinn ag duine ar bith cé chomh trom agus a bheidh an buille a bhuailfidh an Breatimeacht ar gheilleagar na hÉireann in 2019, mura dtagann ár gcomharsana ar athrú éigin intinne?
Eoin Ó Murchú
Fiafraíonn Cathal an bhfuil a fhios ag éinne dáiríre cén dochar – mar deir sé – a dhéanfaidh Breatimeacht dúinn. Sé freagra na ceiste sin ar ndóigh na “Níl”. Ní chuireann sé sin aon drogall ámh ar thráchtairí is díograiseóirí na hEorpa Fiontar an Fhjaitís a chur chun cinn go láidir. Ach b’fhéidir go bhfuil an ceart ag an rialtas abhus gan móran aird a thabhairt ar an gcaibidil is deireannaí den Fhiontar Fhaitís sin ó Bhanc Shasana. Fake news?