An bhfuil Muineachán réidh chun na boic mhóra a cheansú?

Casfaidh Muineachán agus Tír Eoghain ar a chéile i gCraobh Uladh san Ómaigh i gcluiche mór peile an deireadh seachtaine

An bhfuil Muineachán réidh chun na boic mhóra a cheansú?

Tír Eoghain v Muineachán, An Ómaigh, 4.00p.m.

Is cinnte nach raibh an cluiche an deireadh seachtaine seo caite idir Gaillimh agus Maigh Eo chomh maith lena rabhthas ag súil. Is cinnte go bhfuil daoine áirithe fós ag fanacht ar chath mór chun tús ceart a chur leis an gcraobh pheile agus b’fhéidir go bhfaighidh siad a leithéid tráthnóna nuair a chasfaidh Tír Eoghain agus Muineachán ar a chéile ar an Ómaigh. B’fhéidir eile nach bhfaighidh.

Ach oiread leis an gcluiche Dé Domhnaigh seo caite i gCaisleán an Bharraigh, ní bheidh aon easpa nirt ná díograis i gceist le himreoirí Thír Eoghain agus Mhuineacháin ach dála chluiche na seachtaine seo caite, is beag seans go mbeidh cluiche breá oscailte againn. Sa seacht gcluiche a imríodh idir na foirne seo sa tsraith agus sa chraobh le cúig bliana anuas, níor aimsíodh ach dhá chúl.

Ba iad Muineachán a bhuaigh an cluiche sraithe idir na foirne mí Feabhra, 0-15 in aghaidh 0-14. Ba é Conor McManus duine de laochra Mhuineacháin an lá sin agus fuair sé trí chúilín tar éis dó teacht isteach mar ionadaí. Beidh sé lárnach ó thús tráthnóna, mar a bhíonn sé i gcónaí d’fhoireann Malachy O’Rourke.

Tá dea-scéala faighte ag Mickey Harte agus Colm Cavanagh agus Tiernan McCann ainmnithe ar fhoireann an lae inniu cé go raibh gortuithe ag cur as dóibh. Mar sin féin, níl cluiche imeartha ag McCann ó bhris sé caipín a ghlúine i dtús na sraithe agus ní fios cén chuma a bheidh air.

Bhí feachtas sraithe maith ag Muineachán, iad ag críochnú sa tríú háit i Roinn 1. Ceann de na laigí is mó a bhí acu le roinnt blianta anuas ná an scuad beag imreoirí a bhí acu, ach d’úsáid siad 31 imreoir i rith na sraithe agus rinne imreoirí ar nós Conor McCarthy, Dessie Ward agus Ryan McAnespie an-dul chun cinn.

Dúshlán mór é Tír Eoghain, seaimpíní Uladh le cúpla bliain anuas, a shárú ar a bhfód féin ach má tá Muineachán ag iarraidh a chruthú go bhfuil sé iontu anois na boic mhóra a chloí, b’fhearr dóibh an méid sin a léiriú inniu.

Rogha Tuairisc.ie: Muineachán

Fág freagra ar 'An bhfuil Muineachán réidh chun na boic mhóra a cheansú?'