‘An bhfuil cead agam dul go dtí an leithreas?’ – fearg faoi fhreagra Ryanair ar cheist faoin nGaeilge 

Seachas leithscéal a ghabháil faoi tvuít Ghaeilge a chuir olc ar dhaoine dúirt Ryanair gur an ‘Irish language police’ agus daoine a bhíonn ag cur gothaí orthu féin a bhí ag gearán 

‘An bhfuil cead agam dul go dtí an leithreas?’ – fearg faoi fhreagra Ryanair ar cheist faoin nGaeilge 

Tá gearáin á ndéanamh ar na meáin shóisialta maidir le freagra “náireach” agus “drochbhéasach” a thug Ryanair ar iarratas go gcuirfí leagan Gaeilge dá suíomh gréasáin ar fáil.

Tugadh moladh ar Twitter d’Iarnród Éireann as a suíomh a bheith ar fáil i nGaeilge ach nuair a cuireadh in iúl do Ryanair go mbeadh tóir ar leagan Gaeilge dá suíomh féin chuir a bhfreagra olc ar mhórán. “Eh…an bhfuil cead agam dul go dtí an leithreas?” a dúradh ar chuntas oifigiúil an aerlíne.

Ní haon chúis gháire a bhí i bhfreagra Ryanair dar le go leor daoine agus cáineadh go láidir an freagra fánach a tugadh.

Seachas leithscéal a ghabháil, thug an aerlíne le fios nach raibh i gceist ach spochadh agus nach raibh cuid de na daoine a bhí ag gearán ach ag cur gothaí orthu féin. Tugadh na ‘Irish language police’ orthu siúd a bhí ag clamhsán.

Tá ráiteas iarrtha ag Tuairisc.ie ar Ryanair maidir leis an bhfreagra agus ceist curtha againn orthu an bhfuil aon phlean acu leagan Gaeilge dá suíomh gréasáin a chur ar fáil.

Fág freagra ar '‘An bhfuil cead agam dul go dtí an leithreas?’ – fearg faoi fhreagra Ryanair ar cheist faoin nGaeilge '

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Eitireacht

  • AnRógaire

    Ba cheart go mbeadh sé mar ghnáthnós ag comhluchtaí tráchtála atá ag feidhmiú in Éirinn a gcuid suíomhanna a bheith ar fáil sa dá theanga oifigiúil – cé mhéad teanga eile atá ar fáil ar shuíomh Ryanair agus Aer Lingus agus gan tásc ná tuairisc ar an ngaeilge? Agus cad faoi Eir, Banc na hÉireann agus araile………

  • m

    B’fheidir go bhfuil an ceart ag Ryanair; nil ann ach seafoid (ie. virtue-signalling).
    Aontaim leo

  • Michael

    Tá an ceart ag Ryanair.
    Níl san éileamh seo ach seafóid.
    Murach Ryanair ní bheadh praghsanna an eitilt chomh soar san.
    Sea, tá Iarnrod E go maith ag cur fógraí Ghaeilge suas ach cén saghas seirbhís an bhfuil á sholáthar acu.
    Geallaim nach seolfadh tú mo theactaireacht mar ní chuireann sé leis an ‘scéal’.

  • Michael

    Cén fáth go bhfuil sé á mheas !!
    Mar nach n-aontaíonn tú leis.
    Bíonn an fhírinne searbh.