An bhfuil cara agat ar mhaith leis Gaeilge a fhoghlaim? Cad iad na feidhmchláir is fearr chuige?

Caitheann ár léirmheastóir súil ar a bhfuil d’fheidhmchláir ann do dhaoine ar mhaith leo an Ghaeilge a fhoghlaim. An tseachtain seo: Babbel

babbel

Comhlacht is ea Lesson Nine GmbH atá lonnaithe sa Ghearmáin, agus dá réir sin, an modh ordaitheach den bhriathar Gearmáinise babbeln, labhair, is bun leis an ainm a baisteadh ar an bhfeidhmchlár a dheineadar, seachas an túr bíobalta úd a shamhlódh an chuid is mó de dhaoine, is dócha.

Níl an Ghaeilge ar cheann de na teangacha atá ar fáil ag an dream seo a d’eisigh físeán YouTube cúpla bliain ó shin mar chuid den fheachtas margaíochta inar labhair Maitiú Youlden, Gael-Shasanach, ar an tsuim atá aige sa teangeolaíocht agus an Ghaeilge mar theanga lárnach sa chur síos ilteangach a dhein sé air féin. Faoi bhun €6 sa mhí an praghas atá ar an bhfeidhmchlár seo, agus bíonn lacáiste i gceist má thugannn tú ort cúpla teanga a fhoghlaim le Babbel in aon seat amháin.

Agus mura mbíonn tú sásta tar éis an chéad fiche lá, íocfar do chuid airgid ar ais leat gan cheist. Ach sásta a bheifear, is dóigh liom. Is féidir Babbel a úsáid ar an nguthán cliste nó ar an ríomhaire, ach murab ionann agus Duolingo, is fuirist na haonaid a íoslódáil ar do ghléas le dul tríothu nuair nach mbeidh ceangal idirlín ar fáil duit. Is mór an áis é sin, mar shampla, nuair ba mhaith leat dul siar tapaidh a dhéanamh ar do chuid Spáinnise agus tú ar eitlit ghairid Ryanair ó Bhaile Átha Cliath go Barcelona Girona.

Is minic míniú soiléir foirmeálta acu ar phointí gramadaí na sprioctheanga, gan aon fhaillí á déanamh ach an oiread ar an ngnáthchaint a mhúintear trí dhialóga réadúla greannmhara. Cuirtear cabhair ar fónamah ar fáil ó thaobh foghraíochta, agus tugtar dúshlán an fhoghlaimeora le rabhlóga, agus córas um ghuth an fhoghlaimeora a thaifeadadh agus a thástáil. Fágtar faoin bhfoghlaimeoir rogha a dhéanamh maidir le leagan amach na foghlamtha, is é sin, gur féidir an sprioctheanga a fhoghlaim de réir na rannta cainte éagsúla, nó de réir téamaí seanchaite mar ‘teaghlach’ agus ‘taisteal’.

Tugtar blúiríocha eolais i dtaobh chultúr na teanga ó am go chéile chomh maith le comhairle ar litreacha grá a scríobh. Is é an ghné is fearr ar fad liom den fheidhmhclár seo ná pacáiste na n-amhrán; gabhann pacáiste amhrán leis an gcuid is mó de na sprioctheangacha, agus tugtar eolas fairsing ar gach amhrán ó thaobh comhthéacs cultúrtha, foghraíochta, gramadaí, srl. Tá luach airgid le fáil ó tháirge Babbel.

Busuu a bheidh faoi thrácht an tseachtain seo chughainn.

Fág freagra ar 'An bhfuil cara agat ar mhaith leis Gaeilge a fhoghlaim? Cad iad na feidhmchláir is fearr chuige?'

  • Sophie

    “An bhfuil cara agat ar mhaith leis Gaeilge a fhoghlaim?” – ansin alt faoi fheidhmchláir nach ndéanann an Ghaeilge?!

    -_-