An bhfuil cara agat ar mhaith leis Gaeilge a fhoghlaim? Cad iad na feidhmchláir is fearr chuige?

Sa tsraith nua seo, caitheann ár léirmheastóir súil ar a bhfuil d’fheidhmchláir ann do dhaoine ar mhaith leo an Ghaeilge a fhoghlaim. An tseachtain seo: Rosetta Stone

rosetta Stone

Is é seo an feidhmchlár is daoire amuigh. €300 ar a laghad a chosnóidh cóip den CD-ROM ort, nó timpeall ar €35 sa mhí don leagan ar líne. Níl aon aip iomlán acu fós. Ach más trí mheán an Bhéarla amháin is féidir teangacha a fhoghlaim ar Transparent, is é an nuálaíocht a bhaineann le Rosetta Stone ná an brú a chuireann sé ar an bhfoghlaimeoir ciall a bhaint as na focail a chuirtear os a chomhair, maille leis na ceangail ghramadúla eatarthu, gan chabhair ó theanga idirmheánach ar bith.

Ar nós an linbh, is ag brath ar íomhánna agus ar fhuaimeanna agus ar an tslí a gcuirtear i láthair iad a bhíonn an foghlaimeoir. Ag deireadh gach aonaid, bíonn ar an bhfoghlaimeoir páirt a ghlacadh in eachtra spraíúil idirghníomhach a insítear trí shraith grianghraf agus dialóg bunaithe ar fhriotal an aonaid sin. Is cleas iontach é sin chun comhthéacs réadúil úsáide a sholáthar don fhoghlaimeoir aonair a bheadh i mbun staidéir gan teagmháil aige le pobal a labhartha.

Íomhánna deasa taitneamhacha le fuaimeanna soiléire a bhíonn i gceist i gcónaí, ach feictear dom gurb é an bunachar íomhánna céanna a úsáidtear, a bheag nó a mhór, do gach ceann de na pacáistí teanga atá forbartha acu. Fágann sé sin gur teaghlach idirchiníoch Meiriceánach i mbun béile Síneach a ithe a bheadh le feiscint agam, mar shampla, agus mé ag iarraidh cur le mo stór focal Tuircise do shainréimse an bhia.

Ní mór d’fhoghlaimeoirí léargas a fháil ar chomhthéacs labhartha na sprioctheanga mar chuid den phróiseas foghlamtha, agus ar an mbonn sin, b’fhearr teaghlach traidisiúnta Turcach a léiriú i mbun ‘pide’ a ithe seachas íomhá leamh idirnáisiúnta faoi mar atá luaite agam.

Is é sin le rá, bheadh sé chomh maith acu iarracht níos fearr a dhéanamh leis na híomhánna, go háirithe agus an cur chuige oideachasúil ar fad ag brath go hiomlán ar na híomhánna, agus an méid sin airgid á lorg acu ar an bpacáiste.

Is é Babbel an chéad fheidhmchlár eile a phléifear sa tsraith seo.