An bhearna idir na Laighnigh agus Northampton méadaithe ón mbliain seo caite

Bhuaigh Cúige Laighean ar Northampton sna babhtaí leathcheannais de Chorn na gCuradh anuraidh agus ba cheart go mbeadh an toradh céanna ann tráthnóna i Staid Aviva

An bhearna idir na Laighnigh agus Northampton méadaithe ón mbliain seo caite

Is ar bhabhtaí leathcheannais Chorn na gCuradh a bheas aird lucht rugbaí an deireadh seachtaine seo.

Tabharfaidh dhá fhoireann a d’imir a chéile i gcluiche leathcheannais an tséasúir seo caite faoina chéile arís inniu i Staid Aviva in Áth Cliath. I bPáirc an Chrócaigh a d’imir Cúige Laighean agus Northampton a chéile anuraidh i gcoimhlint a rinne tástáil mhaith ar fhoireann Átha Cliath, cluiche a bhuaigh siad, ar éigean, le trí phointe 20-17. Is fiú a mheabhrú go raibh Cúige Laighean 20-3 chun cinn ag leath ama sa gcluiche sin ach thit a gcodladh orthu sa dara leath.

Chinntigh an bua sin áit i gcluiche ceannais Chorn na gCuradh do Chúige Laighean don tríú séasúr as a chéile. Dála an scéil, ba iad Toulouse, foireann a bheas ag imirt sa gcluiche leathcheannais eile amárach, an freasúra sa gcluiche ceannais sin.

Bhí súil ghéar ag Leo Cullen ar an gcluiche seo le cúpla seachtain anuas. Cian Healy an t-aon duine den chúigear déag atá ag tosnú inniu a thosaigh i mBabhta 16 den URC sa mBreatain Bheag an deireadh seachtaine seo caite, cluiche a chaill siad. B’in an dara cluiche a chaill Cúige Laighean ó thús an tséasúir seo. Is léir nach raibh Cullen ag tógáil seans ar bith. Theastaigh uaidh chuile imreoir chéad rogha a bheith iomlán folláin agus aclaí don choimhlint seo.

Tá an ceart ar fad ag Cullen. Níl seisean ná lucht leanúna Chúige Laighean ag iarraidh titim agus iad chomh gar seo don cheann scríbe. Teastaíonn uathu áit i gcluiche ceannais an chomórtais seo a aimsiú arís den cheathrú huair as a chéile. Mise i mbannaí duit, is deacair teacht ar mhórán duine ar bith a cheapann nach féidir leo é sin a chinntiú inniu. Go deimhin féin tá na geallghlacadóirí ag tuar go mbeidh bearna breis agus scór pointe i bhfabhar Chúige Laighean ach a gcríochnóidh an cluiche seo.

Níl mé cinnte faoin bhearna an scóir ach creidim go dtabharfaidh foireann Átha Cliath an lá leo ar chúpla cúis. Níl Northampton leath chomh láidir ná chomh bagrach agus a bhí siad anuraidh. San ochtú háit ar thábla an Gallagher Premiership atá siad suite faoi láthair agus ocht gcluiche as ceithre iarracht déag caillte acu. Ní hamháin sin ach tá na Laighnigh ar chaighdeán eile ar fad, iad níos airde agus i bhfad níos snasta ná mar a bhí siad ariamh. Tá painéal imreoirí bailithe ag Leo Cullen agus gan ach sprioc amháin acu, sin greim a fháil ar Chorn na gCuradh den cúigiú huair. Níl i gcoimhlint an lae inniu ach cluiche amháin eile ar an mbóthar chuig an gcraobhchluiche sin.

Sea, bua do Chúige Laighean agus deis eile leis an mórbheart a chríochnú.

Amárach, tabharfaidh curaidh reatha an chomórtais agus foireann a bhuaigh an chraobh sé huaire roimhe seo, Toulouse, faoi fhoireann eile ón bhFrainc, Bordeaux. Cé go bhfuil Bordeaux ar thóir áit sa gcraobhchluiche den chéad uair ariamh, ní siad gan seans. Is iad atá suite sa dara háit ar thábla an Top 14 faoi láthair, díreach taobh thiar de Toulouse atá ar a bharr.

Ní bheidh aon fhaitíos ar Bordeaux agus ní chuirfidh stair Toulouse sa gcomórtas seo as dóibh. Bhí an lámh in uachtar (32 – 26) ag Bordeaux ar Toulouse ag tús mhí an Mhárta agus is i Staid Matmut Atlantique in Bordeaux a bheas cluiche an lae amárach á imirt.

Feictear dom, má bhíonn bua ag Cúige Laighean inniu, gur dóigh gurbh fhearr leo Toulouse a sheachaint.

Feicfidh muid linn.

Dé Sathairn, 3 Bealtaine

Cúige Laighean v Northampton Saints – Staid Aviva, 17:30 (Beo ar RTÉ)

Dé Domhnaigh, 4 Bealtaine

Union Bordeaux-Bègles v Stade Toulousain – Matmut Atlantique, 15:00 (Beo ar Premier Sports)

Fág freagra ar 'An bhearna idir na Laighnigh agus Northampton méadaithe ón mbliain seo caite'