An ‘absolute legend’ – an Gael as Béal Feirste a neartaigh seaimpíní na hÉireann

Ba é Liam Sheedy a thug Cairbre Ó Cairealláin isteach mar chóitseálaí nirt agus aclaithe do shéasúr 2019 agus é mar aidhm acu craobh iomána na hÉireann a bhuachan

An ‘absolute legend’ – an Gael as Béal Feirste a neartaigh seaimpíní na hÉireann

Cairbre Ó Cairealláin agus Pádraic Maher i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh seo caite

Is beag duine i dTiobraid Árann nár ghabh Séamus Callanan buíochas leo agus é thuas ar Ardán Uí Ógáin Dé Domhnaigh seo caite.

Agus an micreafón beagnach seacht nóiméad ina ghlac aige, luaigh captaen buacach Thiobraid Árann an obair a bhí déanta ag gach duine – teaghlaigh, urraithe, suathairí agus fiú na maoir i bPáirc an Chrócaigh.

Thug sé ómós do dhuine de laochra iomána an chontae, Eoin Kelly, a bhí ag obair leis an bhfoireann agus, ar ndóigh do bhainisteoir iomráiteach na foirne Liam Sheedy, ach i rith na hóráide uile níor thug Callanan “absolute legend” ach ar aon fhear amháin.

B’in Gael as Béal Feirste ar ball é de cheann de theaghlaigh mhóra na Gaeilge sa chathair sin, cóitseálaí nirt agus aclaithe Thiobraid Árann, Cairbre Ó Cairealláin.

Feirsteach nach raibh aon bhaint aige leis an bhfoireann an t-am seo anuraidh, is léir go ndeachaigh Ó Cairealláin i bhfeidhm go mór ar imreoirí Thiobraid Árann agus is cinnte go ndeachaigh siadsan, Callanan ach go háirithe, i bhfeidhm airsean.

“An sásamh is mó a bhain mé as an bhua ná na himreoirí a fheiceáil ag ceiliúradh, agus go háirithe Seamie,” a deir Ó Cairealláin.

Tá nasc ar leith idir an bheirt mar tá Ó Cairealláin anois ina chónaí in Inse, fód dúchais Callanan, sé mhíle siar ó thuaidh de Dhurlas.

“Is laoch é Seamie sa cheantar seo ó bhí sé cúig bliana d’aois,” arsa Ó Cairealláin. “Chuir sé iarracht mhór isteach i mbliana. Bhí bliain measartha dian aige anuraidh leis an ngortú droma a bhain dó. Sheas sé suas i mbliana, fíorchinnire é, agus bhí mé iontach sásta go raibh an deis sin aige dul suas agus glacadh leis an chorn.”

Ní hé Callanan an t-aon fhear ar an bhfoireann a bhfuil ardmheas aige ar Ó Cairealláin. Bhí Brendan Maher ag teacht chuige féin ó dhrochghortú glúine ag tús an tséasúir agus thug sé suntas den chabhair a fuair sé ón gcóitseálaí nua, an bheirt ag bualadh lena chéile ag 7.30 ar maidin chun seisiún a dhéanamh sula mbeadh ar Maher dul ag obair.

“Na leaids atá ar comhaois liomsa, bhí caidreamh speisialta agam leo,” arsa Ó Cairealláin. “Seamie, Paudie [Maher], Noel McGrath, Brendan Maher.

“Tá siad thart chomh fada sin, níl de dhíth ormsa a rá leo céard atá le déanamh ach bhí mé ann chun an tacaíocht sin a thabhairt. Tá na leaids sin inspioráideach, ní hamháin mar lúthchleasaithe ach mar dhaoine agus mar cheannairí.”

Agus obair chrua le déanamh acu, deir Ó Cairealláin go raibh sé tábhachtach go réiteodh sé leis na himreoirí agus an ceangal pearsanta sin a chothú.

“Tá sé simplí go leor clár traenála a chur le chéile, níl aon draíocht ag baint leis, ach is é an caidreamh leis na himreoirí an rud is tábhachtaí, an rud is mó a dhéanann difear.

“Nuair a thagann tú isteach agus gan aithne ag daoine ort, tá sé tábhachtach go mbeadh tacaíocht na n-imreoirí agat agus muinín acu asat. Go mbeadh tú in ann labhairt leo ar bhonn pearsanta agus a rá leo go gcaithfidh siad obair a dhéanamh ar rud amháin nó ar rud eile.”

Tá a fhios ag gach duine na híobairtí a dhéanann imreoirí idirchontae chun barr a maitheasa a bhaint amach ach rinne Ó Cairealláin iarracht ar leith a chinntiú go mbeadh sé ar fáil do na himreoirí chomh maith.

Nuair a thosaigh sé sa ról, bhíodh sé ag taisteal ó Luimneach do gach seisiún ach ag tús na bliana shocraigh sé bogadh níos gaire d’ionad traenála na foirne i nDurlas.

“Nuair a bhog mé chun na hInse mí an Mhárta, bhíodh na seisiúin foirne againn trí lá in aghaidh na seachtaine agus cúpla seisiún sa giom,” arsa Ó Cairealláin. “Bhí deis agam ansin bualadh leis na leaids ar bhonn aonair do sheisiúin sa giom, sa linn snámha nó ar an bpáirc. Cibé rud a bhí le déanamh. An rud is mó a bhí ann domsa ná bheith ann chun tacaíocht a thabhairt dóibh.”

Tá Ó Cairealláin sáite san iomáint le fada. Nuair a bhí sé ag staidéar in Ollscoil Luimnigh, d’imir sé d’fhoireann na hollscoile agus le cumann na bPiarsach i gCorcaigh. Tar éis dó an ollscoil a fhágáil, chaith sé seal ag obair le hAcadamh Luimnigh chomh maith.

Bhí air an iomáint a fhágáil ina dhiaidh nuair a chuaigh sé ag obair le hacadamh agus foireann ban Arsenal ach tar éis dó trí bliana a chaitheamh i Londain, bhí a dhóthain aige den chathair agus shocraigh Ó Cairealláin filleadh abhaile, cé nach raibh mórán de phlean aige. Nuair a tháinig an deis oibriú le foireann Thiobraid Árann, áfach, bhí a fhios aige go raibh an cinneadh ceart déanta.

“Sin an rud a bhfuil mo chroí ann agus a bhí ar intinn agam i gcónaí. Go mbeadh mé in ann dul isteach le foireann iomána agus an taithí atá agam féin ar an iomáint a chur le mo thaithí sa réimse nirt agus aclaithe.

“Bhí an sacar go breá ach ní raibh mé in ann an liathróid a chiceáil! Bhí sé deas teacht ar ais agus a bheith ag pocáil timpeall leis na leaids.”

Seaimpíní na hÉireann anois iad na fir a mbíonn sé ag pocáil timpeall leo agus gach uile dhuine acu buíoch as an obair atá déanta ag Ó Cairealláin dóibh.

Fág freagra ar 'An ‘absolute legend’ – an Gael as Béal Feirste a neartaigh seaimpíní na hÉireann'