B’fhéidir go dtiocfaidh comhaltaí an choiste uilepháirtí atá ag plé ceist an uisce ar aon tuairim an tseachtain seo chugainn. Cá bhfios? Ní féidir eitilt na muc a chur as an áireamh ach oiread.
Thug foinsí i bhFine Gael agus i bhFianna Fáil le fios Déardaoin go ndéanfaidís iarracht eile chun teacht ar chomhréiteach an tseachtain seo chugainn. Ach níl ach dhá thoradh romhainn, mura dtarlóidh míorúilt:
1. Easaontas iomlán doleigheasta. Vóta mímhuiníne nó vóta éigin eile i nDáil Éireann ina mbuafar ar an rialtas. Olltoghchán.
2. Cur i gcéill a chuirfidh moill ar bheartas dáiríre go dtí go gcuireann Coimisiún nó Cúirt na hEorpa iachall ar Dháil Éireann an fhadhb a réiteach amach anseo.
Níl táillí uisce ná córas maoinithe de chineál ar bith á mholadh sa cholún seo. Ach ní féidir an breithiúnas a thuilleann an tslí inar láimhseáil na páirtithe go léir fadhbanna uisce go dtí seo a sheachaint.
“Praiseach” a thug an t-eacnamaí Colm McCarthy ar a ndearnadh agus ar a ndúirt na páirtithe ó thosaigh an díospóireacht faoi chúrsaí uisce. Is léir oiriúnacht a chur síos, má chuimhnítear ar an stair léanmhar thíos.
Is tromchúisí faillí na bpáirtithe toisc go bhfuil an riachtanas soiléir. Sa tuairisc ar an gcóras uisce a d’fhoilsigh an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil in 2015, dúradh go raibh camras neamhphróiseáilte (nó i nglanGhaeilge, cac) á dhoirteadh isteach in aibhneacha, nó sa bhfarraige i 43 ionad ar fud na tíre.
I measc na gceantar ina bhfuil truailliú leanúnach á dhéanamh agus géarghá le scéimeanna próiseála, dar leis an nGníomhaireacht, tá Baile Átha Luain, Bun Dobhráin, Baile Átha Cliath, Caisleán an Bharraigh cathair Chorcaí, cathair na Gaillimhe, Durlas, Inis Córthaidh, Inis Díomáin (Co an Chláir), An tInbhear Mór (Co Chill Mhantáin) agus Mala. Tá an liosta iomlán anseo.
Polaitíocht Uisciúil 2010-2017
2010. Geallúint tugtha ag comhrialtas Fhianna Fáil agus an Chomhaontais Ghlais go gcuirfí táillí uisce i bhfeidhm, mar choinníoll sa mhargadh tarrthála a rinneadh leis an troika.*
2011. Cháin Páirtí an Lucht Oibre táillí uisce roimh an olltoghchán. Thugadar le fios ina dhiaidh sin, agus iad i mbun comhrialtais le Fine Gael, go nglacfaidís le táillí.
2012. D’fhógair an t-aire comhshaoil Phil Hogan go gcuirfí tús le lonnú méadar uisce taobh amuigh de thithe in 2013, agus go ngearrfaí táillí ó 2014.
2013 Thosaigh lonnú na méadar uisce. Cuireadh tús le feachtas ina gcoinne.
2014. Bealtaine. D’fhógair Hogan go gairid roimh an toghchán áitiúil go mbeadh táille €250 sa bhliain le n-íoc. Sa toghchán, chaill scata comhairleoirí ó Fhine Gael agus ón Lucht Oibre a suíocháin.
2014. D’fhógair an t-aire comhshaoil nua Alan Kelly go dtairgfí ‘deontas caomhnaithe uisce’ €100 do gach sealbhóir tí. Thug sé le fios freisin nach mbeadh caiteachas ar chaomhnú riachtanach chun deontas a iarraidh.
2015. Chuir Uisce Éireann tús le seoladh billí uisce. Rialaigh foras staidrimh an Aontais Eorpaigh nach mbreathnófaí ar Uisce Éireann mar ghnáthchomhlacht margaidh, agus go n-áireofaí fiacha an chomhlachta mar sin mar fhiacha stáit.
2016. Cuireadh córas na dtáillí ar fionraí mar chuid den mhargadh a rinne Fine Gael le Fianna Fáil tar éis an olltoghcháin. Cuireadh coiste uilepháirtí ar bun chun polasaí nua a mholadh i gcomhair mhaoiniú an chórais uisce.
2017. Easaontas faoi dhréacht-thuairisc an choiste. Tuilleadh cainteanna beartaithe idir Fine Gael agus Fianna Fáil.
Tá sé ionann agus cinnte go mbeidh Fianna Fáil agus Fine Gael toilteanach teacht ar shocrú éigin chun olltoghchán a sheachaint. Ach beidh ar na páirtithe go léir déileáil le breithiúnas faoi dhlí na hEorpa sula i bhfad.
Is cuma cén dearcadh atá ag páirtí ar bith faoin tslí inar chóir treoracha Eorpacha a chur i bhfeidhm. Is in oifig an Ard-Aighne, nó sa Chúirt Eorpach, a shocrófar cén polasaí a chuirfear i bhfeidhm. Sin go dtí go mbeidh Angela Merkel (nó a comharba) agus ballstáit eile an AE toilteanach an polasaí Eorpach uisce a leasú.
Coinnigh súil ar na muca. Ar fhaitíos nach bhfeicfeá iad ag eitilt.
Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a Aon.
Aonghus Ó hAlmhain
Thosaigh an praiseach le deireadh le rátaí tí ins na 1970í.
De bharr gan teacht isteach ceart ag comhairlí áitiúla rinneadh faillí i gcothabháil agus infheistíocht.
Gach céim a thóg an rialtas ó shin is níos doimhne sa chac a thug sé muid.
Murach cigireacht agus srianta ón AE is dócha go mbeadh cúrsaí níos measa.
Conchubhar Ó D
Cur i gcéill cinnte a thiocthas amach mar réiteach ghearrthréimhseach ar an gceist sin arís an tseachtain seo.
Is cosúil nach bhfuilimid dáiríre – mar phobal – faoin bprionsabal ‘Go n-íoca an truaillitheoir’ – prionsabal a tháinig ón OECD sa 1970í ar an gcéad dul síos agus atá luaite go sonrach sa ‘Treoir 2000/60/CE – creat i gcomhair gnímh ag an gComhphobal sa réimse a bhaineann le beartas uisce’ agus aistrithe ina dhiadh go dlí na hÉireann mar S.I. No. 722/2003 – European Communities (Water Policy) Regulations 2003. Féach ar alt 11: Cost Recovery (1) The relevant local authorities shall —
(a) in accordance with Article 9 of the Directive, take account of the principle of recovery of the costs of water services including environmental and resource costs, having regard to the economic analysis carried out according to article 7, and in accordance in particular with the polluter pays principle,
“PRÍOMHPHOINTÍ na Treorach (a bhí le corprú ag tíortha AE sa dlí náisiúnta faoin 22 Nollaig 2003, rud a rinneamar…)
Cuirtear freagrachtaí soiléire ar údaráis náisiúnta faoin reachtaíocht. Ní mór dóibh:
…a chinntiú go ndéantar costas seirbhísí uisce a fháil ar ais ionas go mbainfear úsáid éifeachtach as acmhainní agus go n-íocann na truaillitheoirí”
Ach muna mbeidh na méadair uisce ag teasteáil a thuilleadh, ach amhain ar bhonn deonach [!] (mar atá aontaithe anois is cosúil ag FG, FF srl.), conas is féidir breith orthu siúd atá “ag caitheamh uisce amú”?
“Muna féidir leat é a thomhas, ní féidir leat é a bhainistiú”, mar a deir Peter Drucker fadó.
Tá freagra ar mo cheist féin agam daoibh, a chairde: ní féidir! Is ag bleadracht atá siad – iad siúd a mhaíonn a mhalairt!
“Constructive ambiguity” [débhrí chuiditheach] a thugtar ar sin – go moltach, ag daoine airithe, ar ndóigh. Ach is cinnte gur seachaint na ceiste atá ann, na cinntí tábhachtacha a chur ar athlá arís, agus muid i bhfolach arís ar chúl scéithe …