Amú san aistriúchán…(44)

Le cúnamh ónár gcuid léitheoirí, cuirtear ar fáil cuid de na samplaí is ‘fearr’ de dhroch-aistriúchán Gaeilge ar chomharthaí poiblí

Amú Aonghus

Go raibh maith agaibh as ucht na bpictiúr a cuireadh chugainn le cúpla seachtain anuas. Ó Aonghus Ó hAlmhain a tháinig íomhá na seachtaine seo.

An Áit: Anaclann Dúlra, Ghleann an Chláraigh, Cill Mhantáin

An Béarla: Keep clear for large emergency vehicles

An Ghaeilge: Soiléir a choinneáil le haghaidh feithiclí móra éigeandála

Focal ó na moltóirí:
Ba cheart fáil réidh láithreach leis an ‘soiléir a choinneáil’ sin, agus ba cheart fáil réidh láithreach chomh maith leis an nós mínáireach dul i muinín innill aistriúcháin nuair atá fógraí poiblí á n-aistriú go dtí chéad teanga oifigiúil an stáit. Fan glan orthu, a oifigigh stáit! Fan amach uathu! Seachain iad! Ná bain díobh! Ná leag smut orthu!

Soiléir a dhóthain?

An leagan ceart: Fan glan ar an áit seo ar le haghaidh feithiclí móra éigeandála é nó Is d’fheithiclí móra éigeandála an áit seo, fan glan air

Fág freagra ar 'Amú san aistriúchán…(44)'