Amú san aistriúchán…(35)

Le cúnamh ónár gcuid léitheoirí, cuirtear ar fáil cuid de na samplaí is ‘fearr’ de dhrochaistriúcháin Ghaeilge ar chomharthaí poiblí

Amu

Tháinig pictiúr chomh fada linn an tseachtain seo ó léitheoir de chuid Tuairisc.ie a chonaic an comhartha seo ar sheilf i siopa leabhar i mBaile Átha Cliath.

Agus an oiread sin ratha ar leithéid Making a Murderer ar Netflix faoi láthair, tá an seánra ‘True Crime’ go mór i mbéal an phobail, ach cén Ghaeilge atá ar ‘True Crime’?

An áit: Hodges Figgis, Baile Átha Cliath

An Béarla: True Crime

An Ghaeilge: Coir ceart

Focal ó na moltóirí: Céard is féidir a rá ach gur coir cheart i gcoinne na teanga ab ea é an comhartha sin a chrochadh an chéad lá?

An leagan ceart: Coirscéalta Fírinneacha

-Tá fáilte i gcónaí roimh phictiúr do Amú san Aistriúchán. Seol bhur samplaí le bhur dtoil chuig nuacht@tuairisc.ie faoin gceannlíne ‘Amú san aistriúchán’.

 

Fág freagra ar 'Amú san aistriúchán…(35)'

  • Seoirsinn

    Coir cheart, fiú?

  • Seathrún Mac Éin

    Dearmad amaideach, b’fhéidir – ach ní coir!