Amú san Aistriúchán…(15)

Le cúnamh ónár léitheoirí, cuirtear ar fáil gach seachtain cuid de na samplaí is ‘fearr’ den drochaistriúchán Gaeilge ar chomharthaí in áiteanna poiblí

Amú 15

Chuir sibh an-spéis go deo san eagrán deiridh – bhain muid áit amach ar an liosta ag ‘Ag cur do Thuairisce’ de na scéalta is mó léamh an tseachtain seo caite. Onóir mhór dúinn gan amhras! Ní mór dúinn a rá freisin go dtuigtear dúinn go bhfuil an comhartha lochtach sin i mBaile Átha Cliath bainte anuas agus ceann breá soiléir curtha ina áit ata iomlán cruinn.

Ó dheas linn arís go bruacha na Laoi an tseachtain seo. Míle buíochas le Pádraig Ó Maoláin a chuir chugainn an pictiúr seo ó Chorcaigh.

An áit: Bóthar Sarsfield, Corcaigh

An Béarla: End

An Ghaeilge: Croich

Focal ó na moltóirí:

Tá an dá léamh ann ar an gceann seo. Is cinnte go bhféadfadh sé gur botún uafásach cló é seo agus gur ceart é a bhaint anuas agus ‘críoch’ a chur ina áit. Ach ar an lámh eile, b’fhéidir go bhfuil an lámh láidir in úsáid ag Comhairle Cathrach Chorcaí agus go ndéantar rothaithe nach ngéilleann do rialacha an bhóthair a dhaoradh chun báis – ‘Tar anuas den bhadhscacal sin nó cuirfear chun croiche thú’.

Cá bhfios?

An leagan ceart: Críoch.

Fág freagra ar 'Amú san Aistriúchán…(15)'

  • Stilla Mellis

    Bainimse oiread spraoi as áiféis na ndroch-aistriúchán le duine. Ach cuireann siad brón orm chomh maith. Is minic gur “duine dinn féin” is ciontaí agus a náirítear.

    Arbh fhiú leat, a Eagarthóir, nua-shamplaí de dhea-chomharthaíocht i nGaeilge a lorg ó léitheoirí agus a mhór a dhéanamh díobhsan.

  • padraig

    Sea bítear ag gáirí féna leithéid ach is truamhéileach, cloíteach an scéal é ar a lán slite. Ní ghlacfaí lena leithéid in aon tír eile ná ní lú mar a tharlódh a leithéid. Is féinmhagadh agus féinaithisiú a bhíonn ar siúl anseo againn agus tá sé sin amhlaidh maidir le comharthaí Gaeilge-Béarla freisin .i. na logainmneacha. Ach ní dhéantar aon trácht orthu sin, glactar leo, ní dhéantar aon iontas den ghibris lofa Béarla, ní huafás linn iad, ní liobarnach linn iad, is cuid dár bhfo-aigne thláth,iarchóilíneach iad le fada an lá. Nach mór an seó sinn! Nach mór an seó a bhí ag an státseirbhíseach Sasanach agus é ag ransú a aigne d’iarraidh cuimhneamh ar leagan Béarla……seoigh. Níor chás daoibh comórtas a thosnú anois maidir leo sin. Féach an logainm álainn ceolmhar ‘Sceichín a’ Rince’ (Canúint na nDeise) arna thiontú go Skeheenaranky!

  • padraig

    ‘Cathair Bhó Sine’ (Ceanntrá, Contae Chiarraí) (City Cow Titty=an leagan Béarla)
    Státseirbhíseach an Ordanáis ag caint leis féin agus leaganacha Béarla de na logainmneacha dúchais á gceapadh aige……..
    Cor blimey…. (bhí salacharáil Ghaeilge acu a bhí an-mhaith i gcomparáid le ‘salacharáil’ an lae inniu) …….Á tugaimís …..cahairboshiny air (hee,hee,hee)….bíodh deoch eile againn……á…….cahairboshitty……bíodh deoch eile againn…….á……cahairboshittysnotty….deoch an dorais…….cahairboshinyshittysnottyfucky…………….tá ár ndóthain ólta againn anois!

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    B’fhéidir gur teachtaireacht rúnda é seo do rothaíthe – má théann siad níos faide, beidh “croak” ann dóibh.