Amhras mór faoi cé chomh ‘dáiríre’ is a bhí CLG Raonaithe na Croise maidir le réiteach le hArm na Breataine

Dúirt Séamus Mallon go magúil gur beag suim a bheadh ag muintir Choirs Mhic Lionnáin i dtuilsoilse a chrochadh sa pháirc. ‘They would be ill-met by moonlight!’ ar sé

Amhras mór faoi cé chomh ‘dáiríre’ is a bhí CLG Raonaithe na Croise maidir le réiteach le hArm na Breataine

Bhí iar-LeasChéad-Aire Thuaisceart Éireann, Séamus Mallon, go mór in amhras 30 bliain ó shin faoi cé chomh dáiríre is a bhí Cumann Lúthchleas Gael Raonaithe na Croise teacht ar réiteach le hArm na Breataine in aighneas binbeach a bhí ar bun eatarthu.

Ó thús na seachtóidí ghlac an t-arm seilbh ar chuid dá bpáirc imeartha – Páirc Oilibhéir Pluincéid – a bhí buailte ar a mbunáit mhíleata. Bhíothas á húsáid mar stráice tuirlingthe dá gcuid héileacaptar. Dhiúltaigh Cumann Lúthchleas Gael léas a thabhairt don arm agus i 1974 deineadh foréileamh ar an talamh go hoifigiúil trí cheannach éigeantach. Bhí fadhbanna leanúnacha ann faoi cheart slí ina dhiaidh sin.

Rinne CLG stocaireacht thar na blianta ar rialtais na hÉireann agus deineadh gearán oifigiúil chuig Príomh-Aire na Breataine faoi. Mar thoradh air seo, tugadh leath den talamh a deineadh foréileamh air ar ais don chlub i Meán Fómhair 1980 ach dhiúltaigh an t-arm leathacra eile a thabhairt ar ais de bharr cúinsí slándála.

Deineadh socrú taobh amuigh den chúirt leis an chlub in éileamh ar chúiteamh ar an damáiste a rinne trucailí troma agus héileacaptair an airm do shealúchas an chlub. Léiríonn comhaid de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha ó 1987 gur £150,000 a bronnadh ar an chlub mar chúiteamh.

Ach leanadh leis an aighneas. Rinne iar-Uachtarán CLG, Con Murphy, gearán chuig Rialtas na hÉireann i 1986 gur ghearr an t-arm cuid den sconsa a bhí thart ar an pháirc agus gur chuir patról de chuid an UDR moill uair go leith ar an fhoireann agus iad ar a slí go cluiche peile. Rinne ionadaithe na hÉireann ar an Rúnaíocht Angla-Éireannach gearán leis an taobh eile faoi na heachtraí sin. 

I 1987, bhí iarratas istigh ag an chlub le haghaidh deontas a fháil ó Fheidhmeannas Tithíochta agus ó Roinn Oideachais an Tuaiscirt le forbairt a dhéanamh ar an chlubtheach ach bhí Arm na Breataine ag cur in éadan cead pleanála a bhronnadh siocair go mbeadh sé ag teacht salach ar a gcearta slí. Díol spéise é gur léirigh teachtaireacht chódaithe gur thug Comhairle Uladh den CLG le fios d’idirghabhálaí nach raibh tógáil an chlubthí úir go hard ar a liosta tosaíochta mar go raibh na háiseanna a bhí ag na Raonaithe sách maith ag an am!

Ar an 28 Deireadh Fómhair, 1987 chas toscaireacht ó CLG leis an Tánaiste, Brian Lenihan, chun an fhadhb a phlé. I láthair bhí Uachtarán CLG, an Dr. Mick Loftus, Ard-Stiúrthóir CLG, Liam Mulvihill, iar-Uachtarán CLG agus Con Murphy agus Eugene Larkin agus Peter Quinn ón chlub. Thug an Tánaiste le fios don toscaireacht go raibh díomá ar an rialtas faoi dhearcadh Arm na Breataine i leith na forbartha. Tá dearcadh an rialtais beachtaithe i meamram rúnda ón am:

“Our view on the security argument (constantly postulated by the British) is that it is self-defeating, in that the retention of the land causes tension locally, provides propaganda material for subversives and thereby exacerbates the existing security problem.”

Bhí an chosúlacht ar an scéal go raibh fonn ar Arm na Breataine teacht ar chomhréiteach faoin cheist. Chas a n-ionadaí sibhialta, W. R. Watson, le feidhmeannach ón Rúnaíocht agus thug sé le fios go mbeidís i bhfách le hiarratas an chlub ach roinnt leasuithe a bheith déanta air.

Bheadh air Rúnaí Stáit an Tuaiscirt, Tom King, an t-ordú foréilimh don stráice talún a raibh sé i gceist an clubtheach a thógáil air a chur ar ceal agus ceann úr a eisiúint a thabharfadh cearta slí don arm in áit éigin eile ar an pháirc le go bhféadfadh trucailí móra dul isteach ina mbunáit. Bhíothas ag iarraidh a chinntiú fosta go dtógfaí balla nó sconsa idir an clubtheach úr agus na beairicí lena chinntiú nach mbeadh lucht leanta na gcluichí ábalta dul ar an pháirc. Bhíothas buartha go mbeadh buamadóir ábalta é fhéin a cheilt i measc an tslua agus diúracán a chaitheamh i dtreo na beairice.

Thug Gene Larkin ó Raonaithe na Croise le fios nach mbeadh aon fhadhb le formhór mholtaí an airm ach nach mbeadh aon ghlacadh a bheag nó a mhór le balla a thógáil chun srian a chur ar an lucht féachana dul ar an pháirc. Mhaígh go raibh sé tábhachtach go nglacfadh sé seasamh láidir go poiblí ar an cheist lena chinntiú nach dtiocfadh an club faoi thionchar na Sealadach.

Bhí taobh na hÉireann den Rúnaíocht Angla-Éireannach den tuairim go mbeadh deacrachtaí ag baint leis an bhalla seo:

“Its construction will only serve to continue to exacerbate relations between the GAA and the Army.”

Thug Uachtarán CLG, an Dr Mick Loftus, le fios don Rúnaíocht go discréideach go raibh an eagraíocht den tuairim go raibh an cheist ag dul chun fadála de bharr nach raibh fonn réitithe ar bhaill áirithe den chlub teacht:

“the whole issue could be solved if more reasonable minds were put to work on the subject.”

Chuir taobh na hÉireann den Rúnaíocht moladh ar chomhréiteach chun cinn chuig a gcomhghleacaithe ó thuaidh. Bhí suíomh in aice na páirce ar díol ag Coiste Míchumais Chrois Mhic Lionnáin. D’fhéadfadh an t-arm é seo a úsáid mar bhealach isteach chun na beairice seachas dul tríd an pháirc peile.

Thuig an Rúnaíocht, áfach, na deacrachtaí a bhainfeadh lena dhíol leis an arm:

“In a place like Crossmaglen, any attempt by the committee for the handicapped to sell the plot to the British Army could have very serious consequences for the popularity and fund-raising potential of the Committee,” a dúradh i meamram rúnda ar an ábhar.

Mheas feidhmeannaigh na Rúnaíochta, áfach, nach mbeadh an Coiste róbhuartha dá bhfaigheadh an t-arm seilbh éigeantach ar an talamh (cé go mbeadh orthu cur ina éadan go poiblí.) 

Ach thug an Feisire Parlaiminte, Séamus Mallon, le fios i gcruinniú rúnda a bhí aige le feidhmeannach ón Rúnaíocht go raibh sé in amhras faoi cé chomh dáiríre is a bhí an club maidir le teacht ar réiteach ar an cheist:

“He was sceptical of the real intentions of the Club. He felt there was an element of doing their bit for Ireland by keeping the problem going and that they had no strong interest in solving it.”

Dúirt Mallon go magúil gur beag suim a bheadh ag muintir na háite i dtuilsoilse a chrochadh sa pháirc: “they would be ill-met by moonlight!”

Fág freagra ar 'Amhras mór faoi cé chomh ‘dáiríre’ is a bhí CLG Raonaithe na Croise maidir le réiteach le hArm na Breataine'

  • Samuel

    Breathnaigh na líomhaintí atáthar a chur i leith Adams/ McGuinness sna comhaid sin mar leis an sléacht a rinneadh i Loch Gaill (?)etc. Aon rud le rá ag Tuairisc.ie fúthu sin cuir i gcás?

  • leitheoir

    ‘Don’t worry be happy’……a squaddy?