Amhras faoina bhfuil i ndán don phlean dhá shiollabas Gaeilge a thabhairt isteach don Ardteist

Níl an Roinn Oideachais ábalta a rá cathain a thabharfar isteach siollabais Ghaeilge nua na hArdteiste agus tá imní ar shaineolaithe gurb é an teip a bheidh i ndán don chúrsa nua don chainteoir líofa ceal marcanna breise

Amhras faoina bhfuil i ndán don phlean dhá shiollabas Gaeilge a thabhairt isteach don Ardteist

Tá amhras mór faoina bhfuil i ndán do phlean na Roinne Oideachais dhá shiollabas Gaeilge a thabhairt isteach don Ardteist, ceann don chainteoir dúchais nó líofa, agus ceann do dhaltaí eile.

Cé go raibh sé i gceist na dréachtsiollabais a fhoilsiú anuraidh agus tús a chur an fómhar seo leis na siollabais nua, meastar anois go bhféadfadh gur 2022 nó fiú 2023 a bheidh ann faoin am a dtabharfar an dara siollabas don Ghaeilge isteach.

Thug urlabhraí ó Roinn Oideachais le fios do Tuairisc.ie an tseachtain seo nach fios go fóill cathain a chuirfear tús leis na scrúduithe nua.

Dúirt an t-urlabhraí go rabhthas ag súil na dréachtsiollabais a fhoilsiú “go luath” agus go gcuirfí próiseas comhairliúcháin ar bun ina dhiaidh sin. 

Is nuair a bheadh an próiseas comhairliúcháin sin curtha i gcrích a leagfaí amach na “céad chéimeanna eile” maidir leis an dá shiollabas a chríochnú agus maidir le cathain a thabharfaí isteach iad, a dúirt an t-urlabhraí ón Roinn Oideachais le Tuairisc.ie.

Tá an dá shiollabas ann cheana féin ag leibhéal na sraithe sóisearaí agus beidh an chéad dream ag tabhairt faoi na scrúduithe sin an samhradh seo.

Fágann sin nach mbeidh cúrsa Gaeilge Ardteiste ar leith ann do na cainteoirí líofa Gaeilge a bhfuil trí bliana caite acu i mbun an chúrsa a dearadh go speisialta dóibh sa tsraith shóisearach.

Meastar go bhféadfadh go mbeadh an cúrsa Gaeilge a chríochnóidh na daltaí sin i mbliana níos dúshlánaí ná an cúrsa a bheidh le déanamh acu don Ardteist. 

Bhí sé i gceist go mbeadh na dréachtsiollabais nua do Ghaeilge na hArdteiste, ceann do scoileanna a bhíonn ag teagasc trí Bhéarla agus ceann eile do scoileanna a bhíonn ag teagasc trí Ghaeilge, ar fáil roimh dheireadh na bliana seo caite agus go gcuirfí i bhfeidhm iad tar éis babhta comhairliúcháin.

Gealladh an méid sin i bPlean Gnímh Oideachais an Rialtais do 2019.

Idir an dá linn, tá saineolaithe go leor den tuairim gurb é an teip a bheidh i ndán don chúrsa nua Gaeilge do chainteoirí líofa mura mbíonn marcanna breise ar fáil as tabhairt faoi.

Ach thug an tAire Oideachais Joe McHugh le fios i bhfreagra ar cheist Dála anuraidh nach raibh marcanna breise san áireamh sa phlé atá á dhéanamh ar an gcúrsa nua.

Dúirt McHugh gurb amhlaidh go mbeadh aon spreagadh a thabharfaí do dhaltaí tabhairt faoin gcúrsa nua ag teacht leis an méid atá luaite leis sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta.

Ní luaitear marcanna bónais a bheag nó a mhór sa pholasaí sin, locht a fuarthas ar an gcuid sin den pholasaí nuair a foilsíodh é.

Deirtear sa pholasaí go gcuirfear ceangal ar scoileanna Gaeltachta an cúrsa nua a chur ar fáil dá gcuid scoláirí agus spreagadh a thabhairt dóibh tabhairt faoi.

Meastar nach leor sin mar spreagadh chun a chur ina luí ar scoláirí tabhairt faoi chúrsa Gaeilge níos dúshlánaí go háirithe nuair atá pointí arda le fáil go héasca ag cainteoirí líofa ar an gcúrsa mar atá.

Deirtear i dtaighde a rinne Lárionad Gaeilge Ollscoil Mhá Nuad faoi chúrsa Gaeilge na hArdteiste gur ceist mhór í ceist an éilimh a bheidh ar an gcúrsa nua Ardteiste do scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge.

“An féidir nach mbeidh fonn ar dhaltaí tabhairt faoin scrúdú is dúshlánaí mura bhfuil buntáiste breise ann dóibh?” a fhiafraítear sa tuarascáil Leasuithe ar Scrúdú Gaeilge na hArdteistiméireachta: Anailís ar a dTionchar.

Tá an dara siollabas Gaeilge don Ardteist á éileamh le fada an lá agus saineolaithe oideachais éagsúla den tuairim go dteastaíonn dúshlán níos mó ó chainteoirí dúchais agus cainteoirí líofa eile má táthar chun forbairt a dhéanamh ar a scileanna teanga. 

Cúrsa atá á éileamh a mbeadh an dúshlán agus an fhorbairt phearsanta chéanna ag baint leis is a bhaineann, mar shampla, leis an siollabas ardleibhéil Béarla.

Ach tá sé ina imní i measc lucht an ghaeloideachais go ráineodh gur mhó dochar ná maitheas a dhéanfadh an dara siollabas sa chás go mbeadh sé éigeantach ach gan aon mharcanna breise le fáil as.

De réir an Polasaí don Oideachas Gaeltachta, beidh dualgas ar gach iarbhunscoil Ghaeltachta an siollabas nua T1 a chur ar fáil.

Chomh maith leis sin, deir an Roinn Oideachais go bhfuil na hathruithe seo á meá mar chuid den athbhreithniú atá á dhéanamh ar an tsraith shinsearach go léir, athbhreithniú atá ina údar imní ag daoine ar cás leo stádas na Gaeilge sa chóras oideachais.

De réir scata aighneachtaí atá feicthe ag Tuairisc.ie, is é seasamh na Roinne Oideachais nach mbeidh aon phointí breise á mbronnadh ar dhaltaí as an gcúrsa nua níos dúshlánaí a dhéanamh is mó atá ag cothú imní i measc na saineolaithe ar an ngaeloideachas.

Cé go bhfuil na saineolaithe ag áiteamh le fada go gcuirfeadh an dara cúrsa cor cinniúnach chun feabhais i ndán na teanga, tá siad buartha nach ndéanfaidh sé maitheas ar bith mura gcuirtear chuige i gceart.

Deir COGG nach bhfuiltear sásta leis an gcur chuige nua mar nach mbeidh aon chúiteamh cóir le fáil ag cainteoirí líofa as an gcúrsa níos dúshlánaí a dhéanamh. Tá an baol ann, a deirtear, go bhfágfaidh daltaí scoileanna lán-Ghaeilge chun a leithéid de scrúdú a sheachaint mura bhfuil aon bhuntáiste CAO ag baint leis.

San aighneacht atá curtha ag Sealbhú, Lárionad Taighde DCU um Fhoghlaim agus Teagasc na Gaeilge, faoi bhráid an NCCA, moltar go láidir go mbeadh dhá chúrsa sa tsraith shinsearach, ach deirtear nach mbacfaidh “formhór na ndaltaí” leis an gcúrsa níos dúshlánaí “mura bhfuil luach saothair ann dóibh”.

Fág freagra ar 'Amhras faoina bhfuil i ndán don phlean dhá shiollabas Gaeilge a thabhairt isteach don Ardteist'

  • Sibéal

    Ní mór An Teastas Eorpach Gaeilge a thógaint isteach sna scoileanna Gaeilge anois toisc gur jóc atá sa chúrsa Ardteiste.