Imní go dteipfidh ar chúrsa Ardteiste nua agus go dtréigfidh daltaí scoileanna Gaeilge

Tá foláireamh tugtha ag saineolaithe go dteipfidh ar an dara cúrsa Gaeilge don Ardteist mura mbeidh pointí breise ag dul leis

Imní go dteipfidh ar chúrsa Ardteiste nua agus go dtréigfidh daltaí scoileanna Gaeilge

Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Tá sé ina imní go bhfágfaidh daltaí scoileanna lán-Ghaeilge má thugtar isteach scrúdú nua Ardteiste gan aon mharcanna bónais a bheith ag dul leis.

Sin a deirtear i gceann de na haighneachtaí atá curtha faoi bhráid an NCCA i dtaca leis an athbhreithniú atá á dhéanamh acu ar an tsraith shóisearach.

Tá saineolaithe ag éileamh le fada an lá go dtabharfaí an dara siollabas Gaeilge Ardteiste isteach don chainteoir dúchais agus do chainteoirí líofa eile agus tá a leithéid de chúrsa le tosú faoi dheireadh i mí Mheán Fómhair na bliana seo.

Cé go bhfuil na saineolaithe ag áiteamh le fada go gcuirfeadh an dara cúrsa cor cinniúnach chun feabhais i ndán na teanga, tá siad buartha nach ndéanfaidh sé maitheas ar bith mura gcuirtear chuige i gceart.

De réir scata aighneachtaí atá feicthe ag Tuairisc.ie, is é seasamh na Roinne Oideachais nach mbeidh aon phointí breise á mbronnadh ar dhaltaí as an gcúrsa nua níos dúshlánaí a dhéanamh is mó atá ag cothú imní i measc na saineolaithe.

San aighneacht atá curtha faoi bhráid an NCCA ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaeilge, deirtear go bhfuil an baol ann chomh maith nach n-éireoidh leis an dara siollabas má thugtar isteach faoi dheifir é.

“Maidir leis an obair forbartha atá tosaithe ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta ar shonraíochtaí Gaeilge na hArdteistiméireachta, ní thuigimid cén fáth ar cuireadh tús leis seo agus an comhairliúchán ar siúl ag an am céanna.

“Ní shílimid go bhfuil machnamh ceart déanta ar impleachtaí tabhairt isteach sonraíochtaí T1 agus T2 agus gan an cur chuige seo neadaithe fós ag leibhéal na Sraithe Sóisearaí,” a deirtear in aighneacht COGG.

Deir COGG nach bhfuiltear sásta leis an gcur chuige nua mar nach mbeidh aon chúiteamh cóir le fáil ag cainteoirí líofa as an gcúrsa níos dúshlánaí a dhéanamh. Tá an baol ann, a deirtear, go bhfágfaidh daltaí scoileanna lán-Ghaeilge chun a leithéid de scrúdú a sheachaint mura bhfuil aon bhuntáiste CAO ag baint leis.

“Níl scoláirí ná múinteoirí sásta leis an bhforbairt seo sa tsraith shinsearach de bharr go meastar go mbeifear ag súil go leanfaidh scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge cúrsa níos dúshlánaí gan aon bhuntáiste ná luach saothair dá dtrioblóid.

“Más ionann líon na bpointí do na gráid chéanna ag an dá leibhéal, ní thabharfaidh scoláirí faoi shonraíocht T1 [an siollabas nua]. Má chuirtear brú ar scoláirí an rogha seo a dhéanamh, tá imní léirithe ag príomhoidí iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge go bhfágfaidh daltaí na scoileanna agus iad sa tSraith Shinsearach.”

San aighneacht atá curtha ag Sealbhú, Lárionad Taighde DCU um Fhoghlaim agus Teagasc na Gaeilge, faoi bhráid an NCCA, moltar go láidir go mbeadh dhá chúrsa sa tsraith shinsearach.

Ach deirtear nach mbacfaidh “formhór na ndaltaí” leis an gcúrsa níos dúshlánaí “mura bhfuil luach saothair ann dóibh”.

“D’fhéadfaí luach saothair a chur ar fáil trí phointí breise a bhronnadh mar a dhéantar sa mhatamaitic nó dhá ábhar a dhéanamh den Ghaeilge áit a mbeadh níos mó ábhar litríochta agus stair na teanga sa sonrúchán T1,” a deirtear in aighneacht Sealbhú.

Ina n-aighneacht siúd deir an eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta go bhfuil gá le dhá shiollabas éagsúla sa Ghaeilge ach go gcaithfear daltaí “a mhealladh” chun staidéar a dhéanamh ar an gcúrsa T1 agus lena chinntiú go mbeidh “meas” ag daltaí ar an nGaeilge mar ábhar scoile.

“Toisc go bhfuil gach dalta sa tír ag brath ar chóras na bpointí, caithfear luach dá réir a thabhairt don obair bhreise…Tá gá le curaclam dúshlánach téagartha a thabharfaidh dúshlán do na Gaeilgeoirí maithe ach nach bhfágfaidh faoi mhíbhuntáiste iad,” a deir Tuismitheoirí na Gaeltachta.

Tá foláireamh láidir tugtha ag Conradh na Gaeilge don NCCA go bhféadfaí dochar “fadtéarmach” a dhéanamh don Ghaeilge dá dtabharfaí an cúrsa nua isteach gan spreagadh breise a thabhairt do dhaltaí.

Deir Conradh na Gaeilge gur chóir polasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais ‘ón réamhscoil go dtí an ollscoil a fhorbairt’.

Bliain mhór a bheidh ann in 2020 do scrúduithe Gaeilge an Stáit.

Ag leibhéal na sraithe sóisearaí, beidh daltaí ag tabhairt sa bhfómhar faoi scrúdú ar leith do chainteoirí líofa den chéad uair agus tá geallta chomh maith go gcuirfear tús i mbliana leis an gcúrsa nua Ardteiste do chainteoirí dúchais agus cainteoirí líofa.

Cloisfear go leor mar sin i mbliana faoi scrúduithe ‘T1’, na scrúduithe do chainteoirí líofa, agus scrúduithe ‘T2’, na scrúduithe do chuile dhuine eile.

Tá saineolaithe oideachais éagsúla den tuairim go dteastaíonn dúshlán níos mó ó chainteoirí dúchais agus cainteoirí líofa eile má táthar chun forbairt a dhéanamh ar a scileanna teanga. 

Cúrsa atá á éileamh a mbeadh an dúshlán agus an fhorbairt phearsanta chéanna ag baint leis is a bhaineann, mar shampla, leis an siollabas ardleibhéil Béarla.

Ach tá go leor de na saineolaithe céanna den tuairim gurb é an teip a bheidh i ndán don chúrsa nua mura mbíonn marcanna breise ar fáil as tabhairt faoi.

Dúirt an tAire Oideachais Joe McHugh anuraidh, áfach, nach bhfuil marcanna breise san áireamh sa phlé atá á dhéanamh ar an gcúrsa nua.

Deirtear i dtaighde a rinne Lárionad Gaeilge Ollscoil Mhá Nuad faoi chúrsa Gaeilge na hArdteiste gur ceist mhór í ceist an éilimh a bheidh ar an gcúrsa nua Ardteiste do scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge.

“An féidir nach mbeidh fonn ar dhaltaí tabhairt faoin scrúdú is dúshlánaí mura bhfuil buntáiste breise ann dóibh?” a fhiafraítear sa tuarascáil Leasuithe ar Scrúdú Gaeilge na hArdteistiméireachta: Anailís ar a dTionchar.

Fág freagra ar 'Imní go dteipfidh ar chúrsa Ardteiste nua agus go dtréigfidh daltaí scoileanna Gaeilge'

  • Mairéad

    Thart ar sé bhliain ó shin chuir an cigire Seán Ó Foghlú ón Roinn Oideachias in iúl ag comhdháil go bhféadfadh fadhb a bheith le poinntí bónais CAO don chúrsa nua. Is léir anois go bhfuil fadhb leis an bónas ach nár míníodh riaimh dúinn cén fáth go bhfuil. Seans gur dearcadh na scoileanna Bhéarla agus an phobail fré chéile faoin bhónais an t-aon fhadhb a d’fhéadfadh a bheith ann. Ar fhiosraigh éinne dearcach an phobail faoi seo? Tá poinntí breise don Mhata agus níl fadhb leis sin.
    Níl an t-easpa bónais seo féireáilte dos na daltaí ná na múinteoirí ins na scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoleanna.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Tá réiteach simplí ar an bhfadhb, más amhlaidh ‘gur dearcadh na scoileanna Bhéarla agus an phobail fré chéile’ is cúis le drogall a bheith ann poinntí bónais breise a bheith ann do dhaltaí a roghnódh an cúrsa nua Ardteiste: bíodh na poinntí bónais ar fáil do dhaoine a dhéanamh an Ardchúrsa Béarla chomh maith! Ní fhéadfadh aon duine a bheith ag gearán ansin mar bheadh cothromaíocht idir an dá theanga náisiúnta.