Amhrán nua dátheangach curtha amach ag KNEECAP in éineacht le hamhránaí Fontaines D.C

Amhrán dátheangach é ‘Better Way To Live’, an chéad singil atá eisithe ag na rapairí as Béal Feirste ar an lipéad Heavenly Recordings

Amhrán nua dátheangach curtha amach ag KNEECAP in éineacht le hamhránaí Fontaines D.C

Tá Grian Chatten, príomhamhránaí an bhanna  Fontaines D.C le cloisteáil ar amhrán nua Kneecap.

Amhrán dátheangach é ‘Better Way To Live’, an chéad singil atá eisithe ag na rapairí as Béal Feirste ar an  lipéad Heavenly Recordings.

Tá lucht KNEECAP ag obair ar a gcéad albam, a bheas á chur amach ar an lipéad céanna an bhliain seo chugainn.

 

Is é Peadar Ó Goill, a bhíonn le feiceáil ar chláracha ar nós Is Eolaí Mé agus Fleadh TV ar TG4, a thaifead an físeán agus tá drumadóir Fontaines D.C Tom Coll páirteach ann fosta. Ní hé seo an chéad uair ar léirigh Fontaines D.C, ceann de na bannaí rac Éireannacha is mó rath le fada, suim sa Ghaeilge.

Bhain ‘Inár gCroíthe go deo, amhrán ar a n-albam deireanach, le scéal Margaret Keane, ar throid a muintir le go mbeadh cead teachtaireacht ómóis i nGaeilge amháin a chur ar a leac uaighe i Sasana

Dúirt lucht an bhanna cheoil ag an am gur chuir cás Margaret Keane alltacht orthu nuair a chonaic siad an leithcheal a bhí á dhéanamh ar an chlann agus iad ag iarraidh teachtaireacht i nGaeilge a chur ar uaigh a máthar.

‘Bheadh áthas an domhain ar mham’ – amhrán faoi chás cearta teanga Gaeilge curtha amach ag Fontaines DC

Fág freagra ar 'Amhrán nua dátheangach curtha amach ag KNEECAP in éineacht le hamhránaí Fontaines D.C'