Amharclann Náisiúnta na Gaeilge gan stiúrthóir ealaíne arís

Tá Muireann Kelly, a ceapadh mar stiúrthóir ealaíne ar Fíbín, atá i bhfeighil na Taibhdheirce, imithe as a post i ndiaidh tréimhse ghearr

Amharclann Náisiúnta na Gaeilge gan stiúrthóir ealaíne arís

Tá stiúrthóir ealaíne na Taibhdheirce imithe as a post i ndiaidh tréimhse trí mhí.

D’fhág Muireann Kelly a post mar stiúrthóir ealaíne ar Fíbín, atá i bhfeighil na hamharclainne náisiúnta Gaeilge, mí ó shin agus léiriú nua á fhorbairt d’Fhéile Ealaíon Idirnáisiúnta na Gaillimhe.

Cuireadh ar ceal an dráma Dathanna Geala Amháin, a tharraing go leor poiblíochta agus a bhí á léiriú den chéad uair i nGaeilge.

Is í Pauline Goldsmith a scríobh an dráma agus tuigtear nár thug sí cead do Fíbín an dráma a léiriú gan Muireann Kelly a bheith ina stiúrthóir air.

Tá an dráma Grindr, Saghdar agus Cher a léiríodh ag féilte eile anuraidh á léiriú ag Fíbín sa Taibhdhearc in áit Dathanna Geala Amháin mar chuid d’Fhéile Ealaíon na Gaillimhe.

Bhí ceithre seachtaine ag Fíbín dráma Gaeilge eile a aimsiú le bheith san fhéile ealaíon atá ar siúl faoi láthair i nGaillimh.

I ráiteas a foilsíodh ar shuíomh na Taibhdheirce, gabhadh “leithscéal” faoin athrú léiriúcháin a bhain le “cúiseanna nach raibh súil leo”, a dúradh.

Ba scéal mór a bhí ann nuair a ceapadh Muireann Kelly ina stiúrthóir ealaíne ar Fibín sa Taibhdhearc. Bhunaigh sí an comhlacht Theatre Gu Leòr i nGlaschú, comhlacht ar éirigh leis cuid mhaith gradam a bhuachan.

Nuair a fógraíodh a ceapachán, dúirt Muireann Kelly go raibh sí “paiseanta” maidir le forbairt na drámaíochta i nGaeilge agus go raibh sí ag iarraidh go mbeadh Fíbín sa Taibhdhearc ina spás cruthaitheach do na healaíontóirí ar fad atá ag obair in amharclannaíocht na Gaeilge.

“Ré spreagúil” a bheadh ann d’amharclannaíocht na Gaeilge, a dúirt Príomhfheidhmeannach an chomhlachta Fíbín, Darach Ó Tuairisc.

Níl aon mhíniú tugtha ag Muireann Kelly ná ag Fíbín faoin chúis gur bhfuil An Taibhdhearc ag feidhmiú gan stiúrthóir ealaíne.

Tá dhá bhord – Bord Fíbín agus Bord na Taibhdheirce – ag plé le cúrsaí in Amharclann Náisiúnta na Gaeilge ó bronnadh conradh in 2021 ar an chomhlacht drámaíochta Fíbín chun an Taibhdhearc a reáchtáil.

Conradh trí bliana atá i gceist agus tá maoiniú bliantúil €320,000 á chur ar fáil ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán don Taibhdhearc.

I ráiteas a chuir Bord na Taibhdheirce ar fáil do Tuairisc dúradh nach raibh aon bhaint acu le ceapachán Mhuireann Kelly ná lena himeacht.

“Tá cinntí fostaíochta Fíbín sa Taibhdhearc go hiomlán neamhspleách ar Bhord An Taibhdhearc. Guímid chuile rath ar Grindr, Saghdar agus Cher ag Féile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe,” a dúradh sa ráiteas.

Ag labhairt dó le Tuairisc, dúirt Príomhfheidhmeannach an chomhlachta Fíbín, Darach Ó Tuairisg, go raibh “an-díomá” air go raibh an Taibhdhearc gan stiúrthóir ealaíne faoi láthair agus nach bhféadfaí Dathanna Geala Amháin a léiriú mar a bhí beartaithe.

“Tá an-díomá orainn nár oibrigh Dathanna Geala Amháin amach agus [díomá] faoi Mhuireann. Ach is olc an ghaoth. Tá muid thar a bheith sásta go bhfuil an deis againn oibriú le nua-scríobh i nGaeilge, scríbhneoireacht thar a bheith comhaimseartha ó thaobh drámaíocht na Gaeilge de,” a dúirt Darach Ó Tuairisg.

Beidh folúntas do stiúrthóir ealaíne ar Fíbín sa Taibhdhearc á fhógairt go luath.

Fág freagra ar 'Amharclann Náisiúnta na Gaeilge gan stiúrthóir ealaíne arís'

  • Seosamh Ó Beirgin

    “Tá rud éigin lofa i stát na Danmhairge” mar a dúirt Hamlet agus é ag “cainéalú” Shakespeare, fear a bhí an-éirimiúil i scileanna bainistíochta chúrsaí amharclannaíochta.

  • Áine Moynihan

    Dhá bhórd!? Macalla de phraiseach RTÉ anso!! Beirt bhan cumasach caillte ag an dTaibhdhearc le blianta beaga anuas, Anne McCabe agus anois Muireann Kelly. Dhá dheis iontach caillte ag amharclannaíocht na Gaeilge. An bhfuil ábhar dhráma eile ‘sna scéalta nach bhfuil á n-insint? Tragóid, dár ndóigh.

  • Nóra Mharcuis Bhig

    Tá an chosúlacht air nach bhfuil an drámaíocht is spéisiúla ag tarlú ar an stáitse ar chor ar bith, Tá sé ag tárlú sa sheomra boird. Céard sa diabhal a tharla? Is mór an trua go bhfuil duine chomh cumasach le Muireann Kelly caillte ag an Taibhdhearc.

    Cén fheidhm atá ag bord na Taibhdheirce mura bhfuil siad freagrach as bainistiú nó clár ealaíona na hamharclainne? Is struchtúr neamhghnách agus thar a bheith aisteach é. Dhá bhord stiúrtha?!

    I mo thuairim, is ‘tragóid ‘Shakespearean’ é scéal na Taibhdheirce le scór bliain anuas.

    “This wide and universal theatre
    Presents more woeful pageants than the scene
    Wherein we play in”.
    ‘(As you Like it’ le Shakespeare)

  • Áine Rua Ní C.

    Is follasach go bhfuil scéal ar chúl an scéil, mar a déarfá.
    Tuige nach bhfuil smid as Fibin sa Taibhdhearc nó bord na hamharclainne? Níl gíog nó míog astu, amhail is nár tharla rud ar bith. Tá sé de cheart ag pobal na Gaeilge, lucht drámaíochta na Gaeilge agus cáin-íocóirí na tíre fios a bheith acu céard a tharla.

  • Seán O B.

    Is mór an trua é. Ní híomhá maith do dhrámaíocht na Gaeilge ná do phobal na Gaeilge é an scéal .

  • Marina Ní Dhubháin

    I mo thaithíse, is déantóir amharclainne sárchumasach agus eisceachtúil í Muireann Kelly a bhfuil blianta caite aice ag cruthú obair dhúshlánach ar chaighdeán nach bhfuil flúirseach sa tír seo, in aon teanga. Deis luachmhar scaoilte le sruth ag bord agus foireann na Taibhdheirce. Is truamhéalach an mhaise é d’éinne a cheapann go bhfuil tábhacht ag baint leis an amharclann i nGaeilge.

  • Colm Hefferon

    Cé gur airgead poiblí é a thacaíonn don dá chompántas seo, bheinn ag súil go géar go mbeadh cur amach freagrach is soiléir d’fhostóirí an dá chompántais i.e. muidne, cáin ioncaim íocóirí na tíre seo.
    Cé’n fáth? Tá an cinneadh seo dothuigthe , cé gur stiúrthóir de’n scoth í Muireann Kelly , intleachtúil, paiseanta,fuinneamhach le dea-ghiúmar i gcónaí measc a comhghleacaithe. Agus rud mór do stiúrthóir amharclainne- fís.
    Óm thaithí phearsanta is proifisiúntaí í le fios a ceirde go barr a méireanna aici.
    Impím ar bhoird an dá chompántais smaoineamh ar mhaitheas phobal na Gaeilge agus luachanna an bhunaitheora Mícheál Mac Liammóir. Thóg seisean riosc as an togra seo a bhunú. Bíodh mar sin a Bhoird, is absurd linn céard atá ar siúl.

  • Colm Hefferon

    “Absurd“ b’fhéidir botún chló atá anseo. Ní hé sin ar mhian liom a rá. Ach fásann mímhuinín sa dorchadas. Soiléireacht mar chéim tosaigh. Le bhur dtoil.