Stiúrthóir Ealaíne nua ceaptha ar Amharclann Náisiúnta na Gaeilge

Tá Muireann Kelly, as Maigh Eo, ceaptha in Stiúrthóir Ealaíne ar Fíbín atá i bhfeighil na Taibhdheirce, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge

Stiúrthóir Ealaíne nua ceaptha ar Amharclann Náisiúnta na Gaeilge

Tá Stiúrthóir Ealaíne nua ceaptha ar Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, An Taibhdhearc.a

Tá Muireann Kelly, as Maigh Eo, a bhí ina stiúrthóir ar chomhlacht amharclannaíochta in Albain roimhe seo, ceaptha in Stiúrthóir Ealaíne ar Fíbín atá i bhfeighil na Taibhdheirce.

Bhunaigh Muireann Kelly Theatre Gu Leòr i nGlaschú agus bhí sí gceannas an chomhlachta sin, ar éirigh leis cuid mhaith gradam a bhuachan.

I measc na ngradam a bhuaigh sí féin, bhí gradam aisteoireachta Fringe First agus roinnt gradam Gaelic Arts and Culture do sheónna a stiúir sí.

Rinne sí staidéar ar an drámaíocht ag an Royal Conservatoire of Scotland agus rinne sí staidéar ar an Ghàidhlig i Sabhal Mòr Ostaig.

Dúirt Muireann Kelly go raibh sí “paiseanta” maidir le forbairt na drámaíochta i nGaeilge agus i mionteangacha eile agus go raibh sí ag súil go mór lena post nua mar Stiúrthóir Ealaíne ar Fíbín sa Taibhdhearc.

“Tá súil agam, sna blianta amach romhainn, go mbeidh Fíbín sa Taibhdhearc ina spás cruthaitheach agus go deimhin mar bhaile ag na healaíontóirí ar fad atá ag obair in amharclannaíocht na Gaeilge, áit a bhféadfaidh a gcuid oibre forbairt agus fás.”

Tá Fíbín, atá lonnaithe i gConamara, ag ceiliúradh 20 bliain ar an bhfód agus dúirt Príomhfheidhmeannach an chomhlachta, Darach Ó Tuairisg, go raibh sé ar bís faoin gceapachán.

“Tá meas mór agam ar obair Mhuireann le fada an lá agus tá mé ag súil go mór le bheith ag obair léi,” ar sé.

Dúirt Ó Tuairisg gur cinnte gur “ré spreagúil” atá ann d’amharclannaíocht na Gaeilge.

Ghabh sé buíochas le Philip Doherty “as an tsár-obair” a rinne sé le Fíbín mar Stiúrthóir Ealaíne le ceithre bliana anuas.

Rachaidh Muireann Kelly i mbun oibre le Fíbín ar an 1 Bealtaine.

Cuirfear tús san oíche amárach leis an léiriú is déanaí ag Fíbín sa Taibhdhearc sa Ghaillimh, Wáltsáil Abhaile le hAntoine Ó Flathartha.

Dráma osréalach é Wáltsáil Abhaile faoi Mhicheál Mac Liammóir, an fear amharclainne a bhí ar an gcéad stiúrthóir ealaíne ar an Taibhdhearc.

Beidh Wáltsáil Abhaile ar siúl sa Taibhdhearc go dtí an 1 Aibreán.

Fág freagra ar 'Stiúrthóir Ealaíne nua ceaptha ar Amharclann Náisiúnta na Gaeilge'

  • Áine Moynihan

    Comhghairdeas ó chroí le Muireann!
    Agus le Fibín as an gceapachán.
    Gach rath oraibh go léir! Scéal iontach d’amharclannaíocht na Gaeilge!!