Táimid ó-a-Thiarna-na Glóire-breathnaigh-cén-t-am-é-deireanach!

Ní bhíonn am ag ár gcolúnaí ar maidin a bheith ag sodar i ndiaidh na gceiliúrán sa mband

Táimid ó-a-Thiarna-na Glóire-breathnaigh-cén-t-am-é-deireanach!

‘Léim isteach sa ghluaisteán, lig do scíth go hiomlán, o-bhó-oooo.’

Chuala mé an Babaí amuigh sa halla ag gabháil fhoinn.

Bíonn trí chineál ‘deireanach’ ann ar maidin – ‘ruainne deireanach’, ‘an-deireanach’ agus ‘ó-a-Thiarna-na Glóire-breathnaigh-cén-t-am-é-deireanach’. Chuala mé trácht ar chineál eile cur chuige ar maidin. A bheith ‘in am’ nó rud éicint craiceáilte mar sin a thug siad air, ach níl a fhios agam an ann dáiríre dá leithéid.

Lean sé air leis an amhrán, an leagan Gaeilge de Shotgun le George Ezra (mura bhfuil an bunleagan i mBéarla cloiste agat, seans nár éist tú leis an raidió le bliain anuas). Is iad Coláiste Lurgan a rinne an leagan i nGaeilge agus tá sé ar YouTube acu.

Bhí fuaim na gcarrannaí taobh amuigh den teach laghdaithe agus bhí barúil agam, sular bhreathnaigh mé ar an gclog, nach raibh muid ruainne deireanach níos mó, ná an-deireanach ach an oiread. I bhfocail eile, ní raibh aon am againn don ghabháil fhoinn.

‘Cuir ort do chóta, maith an fear, tá sé thar am againn bóthar a bhualadh,’ a d’impigh mé ar George Ezra beag agus stáitse aimsithe aige leath bealaigh suas an staighre.

‘Dhá chéad ciliméadar, tar liom b’fhéidir, buail an bóóóóóóthar, buail an bóóóthar,’ a chas sé mar fhreagra.

Ní duine mé ar nós liom a bheith ag sodar i ndiaidh na gceiliúrán. ‘Seo leat!’ a dúirt mé sa deireadh. ‘Éirigh as an ngabháil fhoinn, féadfaidh tú é a chasadh arís nuair a thiocfaidh tú abhaile.’

‘Ach Mamaí,’ ar sé liom agus an chuma air go raibh sé den tuairim nach raibh aon tuiscint agam ar shaol an ealaíontóra, ‘tá mé sa mband!

Ba é seo an chéad chaint a chuala mé ar an ‘mBand’. ‘Tá sé sin go hálainn, féar plé, ok ná bac leis an gcóta, amach, amach, amach!’

Cúpla lá ina dhiaidh sin bhí an cleachtadh ar bun arís. ‘Beidh muid ag dul ar tour go gairid,’ a dúirt sé. ‘Tá na hamhráin uilig ar eolas againn anois.’

‘Céard?’ a dúirt mé agus beagán imní ag teacht orm. ‘Cé a bheidh ag dul ar tour?’

‘An band, Mamaí,’ a d’fhreagair sé, agus ba léir go raibh sé den tuairim go raibh mé aineolach ar fad ar chúrsaí an tsaoil. Bhí an ceart ar fad aige, ach níor cheap mé go bhfaigheadh sé amach é sin baileach chomh luath seo.

‘Cén band atá i gceist agat?’ a d’fhiafraigh mé agus amhras orm go mb’fhéidir go raibh saol eile ag dul ar aghaidh i ngan fhios dom.

‘Mise, Sammy, Billy, Cuan agus Éanna,’ a deir sé go lom díreach amach. ‘Tá an cúigear againn ann,’ a mhínigh sé.

B’fhéidir nach caint san aer a bhí sa gcleachtadh seo ar fad, agus bhuail imní mé… drochsheans go mbeadh cead ag Mamaithe a ghabháil ‘ar an mbóthar’ leis an mband.

Ansin chuimhnigh mé ar leaidín beag eile a mbíonn trácht air go minic aige. ‘Is mór an t-ionadh nach bhfuil Pádraic sa mband,’ a dúirt mé leis.

‘Ó, tá,’ a deir sé, ‘sin é an manager.’

Fág freagra ar 'Táimid ó-a-Thiarna-na Glóire-breathnaigh-cén-t-am-é-deireanach!'

  • Niall na Naoi bPiontaí

    An-phíosa é seo 7 é ag tabhairt gáire dom fiú chomh moch ar maidin! Mo cheol thú a hiníona :-)

  • Risteárd

    Greannmhar ar fad.