Albam nua ó Ghaeltacht na nDéise seolta 120 bliain ó rinneadh na chéad taifeadtaí sa gceantar

Labhair an ceoltóir Tomás Ó Gealbháin, a bhí ar dhuine de mheitheal an albaim nua, S Teampall Geal na nDéise, le Tuairisc faoina saothar

Albam nua ó Ghaeltacht na nDéise seolta 120 bliain ó rinneadh na chéad taifeadtaí sa gceantar

Ann Mulqueen agus Cór Fear na nDéise

Taifead de cheoltóirí agus amhránaithe Ghaeltacht na nDéise sa lá atá inniu ann atá i Teampall Geal na nDéise. Ach cothrom na bliana seo, 120 bliain ó shin a rinneadh a leithéid de thaifeadadh ar amhránaithe an cheantair den chéad uair. Bhí an ceoltóir Tomás Ó Gealbháin,  ar dhuine de mheitheal an albaim nua.

“Bheartaíomar go raibh sé thar am cuid den ghlúin óg a thaifeadadh,” a deir sé agus é ag caint ar Teampall Geal na nDéise atá tugtha le chéile aige in éineacht le pobal Ghaeltacht na nDéise agus Comhlucht Forbartha na nDéise.

Sheol an craoltóir Helen Ní Shé an t-albam ag ócáid i Halla Colmán sa Sean-Phobal an deireadh seachtaine seo caite. An aidhm a bhí ag lucht an albaim ceiliúradh a dhéanamh ar shaibhreas an cheoil sa gceantar agus é a chaomhnú don chéad ghlúin eile.

Is liosta le háireamh iad na ceoltóirí agus amhránaithe as Gaeltacht na nDéise atá le cloisteáil ar an albam nua idir Chór Fear na nDéise, grúpa ceoil na meánscoile, Ann Mulqueen agus a beirt iníonacha Odí agus Sorcha Ní Chéilleachair, Áine Uí Fhoghlú agus go leor eile. Rinneadh go leor den taifeadadh i Meánscoil San Nioclás i Rinn Ó gCuanach agus an chuid eile i stiúideo an bhoscadóra Benny McCarthy in An Dún.

Leanann an t-albam nua an traidisiún a leagadh síos leis an taifead Cois Mara Thoir sa Rinn a rinneadh i 1998. Is áis luachmhar é an t-albam sin i gcónaí do mhuintir na háite, a deir Tomás, agus iad ag éisteacht siar agus ag foghlaim na n-amhrán a taifeadadh beo ag an am. Amhránaithe aonair ar fad a bhí air.

“Ar an taifead sin bhí daoine atá imithe ar shlí na fírinne, nach bhfuil linn a thuilleadh.”

Imíonn an t-albam nua ó mhúnla Chois Mara Thoir sa Rinn sa mhéid is go bhfuil meascán den cheol aonair agus ceol grúpa air. Shocraigh siad ar an gcur chuige seo, a deir Tomás, le blaiseadh a thabhairt d’éagsúlacht cheol an cheantair. Tógann an t-albam ar thraidisiún láidir ceoil an cheantair agus is togra caomhnaithe agus ceiliúrtha atá ann.

“Tá an dá rud ann, tá tú ag iarraidh an traidisiún a chaomhnú agus ar an taifead seo tá amhráin áitiúla ar nós ‘Sliabh Geal gCua na Féile’ agus ansin tá cinn ann nach mbeadh an t-aitheantas céanna acu. Beidh sé mar chnuasach tagartha amach anseo don dream óg.”

Níor thuig siad é nuair a thosaigh siad ag obair ar an albam seo, a deir Tomás, ach tharla gur seoladh an t-albam nua cothrom is 120 bliain ó rinneadh na chéad taifeadtaí ceoil agus amhrán sa gceantar. Ba é an Dr Risteárd de Hindeberg, sagart agus scoláire sa Léann Ceilteach as ceantar Phort Lách i gCo. Phort Láirge ó dhúchas, a rinne na taifeadtaí úd.

Tháinig de Hindeberg go dtí an Rinn i mí Iúil na bliana 1905 agus thaifead sé 14 amhrán ó sheisear amhránaithe áitiúla i rith an ama sin. Tá na taifeadtaí sin ar fáil ar shuíomh idirlín Thaisce Cheol Dúchais Éireann (ITMA).

D’fhoghlaim Tomás féin an ceol ar an teallach sa mbaile agus tá ardmheas agus ómós aige ar an traidisiún atá le fáil i nGaeltacht na nDéise.

“Tá an ceol ana-láidir sa dúthaigh faoi láthair, níl ann ach go bhfuil muid ag tógaint ar an méid a rinne na daoine a chuaigh romhainn. Bhí ana-chuid deiseanna agam le linn m’óige agus tá muid ag iarraidh cuid de na deiseanna sin a chur ar fáil agus a chur ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile.”

Fág freagra ar 'Albam nua ó Ghaeltacht na nDéise seolta 120 bliain ó rinneadh na chéad taifeadtaí sa gceantar'