Albam den scoth ó Cholm Mac Séalaigh

Is léir ar a shaothar nua go bhfuil Colm Mac Séalaigh fós faoi gheasa ag an gceol agus ag an gcumadóireacht

Albam den scoth ó Cholm Mac Séalaigh

Albam
1967 – Colm Mac Séalaigh

“Bhí mé óg is bhí mé amaideach

‘S gan splanc agam i mo cheann…”

‘Cóilín’ We4 (1969)

...

1967 atá ar an albam seo ach is i 1973 a theastaíonn uaimse tús a chur leis an léirmheas seo.

I mí Lúnasa na bliana úd, agus gan splanc aige ina cheann, ghluais Colm agus a chairde Gearóid Ó Murchú (úinéir An Spailpín Fánach ar an Spidéal) agus Cionnaith Mac Diarmada trasna na dtonnta soir chuig Eisteddffod na Breataine Bige – slógadh mór bliantúil amhránaíochta, ceoil, ceiliúrtha, spraoi agus craic.

Bhí seastán eolais eagraithe don bhféile ag Donnchadh Ó Súilleabháin (ón Oireachtas) agus bhí cuireadh tugtha aige dos na leads seinnt ann. Bhíodar ag tnúth le spraoi, craic agus an saghas pleidhcíochta a fhaightear ag gach aon féile ach ní rabhadar ag dréim le Dayffd Iwan, (Bob Dylan na Breataine Bige a chan d’fhoireann sacair na Breataine Bige i gCorn an Domhain le gairid), a chuir fé gheasa iad lena chuid amhrán agus a chuid amhránaíochta as Breatnais.

Bhí sé ar nós an cliché – las bolgán solais ina gceann. D’fhéadfaidís a leithéid a dhéanamh as Gaeilge! Agus mar sin d’fhilleadar ar Éirinn lán le smaointe, lán le spleodar na féile, lán le spreagadh, lán le splancacha inspioráide.

Sula raibh bliain caite bhí albam taifeadta acu, Téanam Ort.  Ty Bach (Tigh Beag!) a bhaisteadar orthu féin agus chaitheadar deich mbliana nó mar sin ag seinnt ceolchoirmeacha timpeall na tíre.

Sna hochtóidí agus Ty Bach curtha i leataobh, bhraith Colm an ceol ag brúchtaíl ina chorp athuair agus bhunaigh sé féin agus Gearóid an racbhanna, Na Fíréin. Chuireadar ana-chuid daltaí sna Coláistí Gaeilge Samhraidh ar mire lena gcuid foncaíochta!

Mar cheoltóir nó mar chumadóir is gá ana-chuid splancacha a bheith id cheann ach ar shlí eile is gá a bheith gan splanc is a bheith soineanta, saonta. Is gá cleachtadh a dhéanamh ar an bhfaiceachas le spás a chruthú don chruthaitheacht! Is gá a bheith gan splanc le spás a fhágáil dos na splancacha! Is é sin an ní diamhair a bhaineann le ceol.

Tá sé soiléir go mbíonn Colm i mbun cumadóireachta an t-am ar fad. Is é an t-albam seo 1967 an dara halbam aonair uaidh agus tá an tsoineantacht chéanna le brath ar a shaothar is a bhí riamh. Agus ní le drochmheas a deirim sin. Tá réimse leathan ábhar sna hamhráin, tá réimse leathan stíleanna ann, tá réimse leathan guthanna ann – rud a chuir ionadh orm. Mar shampla, tá dhá amhrán ráite seachas canta – leagan de dhán an fhile L.S. Gógán, ‘Na Coisithe’ agus an t-amhrán is ansa liom ‘An Fear Dorcha’.  Deirtear go n-éiríonn ár nguthanna níos doimhne agus muid ag éirí níos sine agus i gcás Choilm cuidíonn an doimhneacht go mór leis níos mó dathanna a chur ina chuid amhránaíochta sa bhailiúchán seo.

Nuair a casadh cailín deas orm

Agus phóg mé í mar ghreann.

‘Cóilín’ We4 (1969)

Ag breathnú siar ar eachtraí le cailíní (An raibh? An mbeidh? Cén fáth nach raibh?) atá an chéad chúpla amhrán ar 1967, ‘1969’ agus ‘Cailín as Inse Cór’. Tá na hamhráin beagáinín níos boige ná na hamhráin i lár an albaim, cinn ar nós ‘Go nÉirí an tÁdh Leat’ agus ‘Airgead’. Beidh tú ag canadh dhá churfá na n-amhrán seo tar éis éisteacht leo. Amhráin fhíorthaitneamhacha.

Rud a chuidíonn go mór leis na hamhráin agus fuaim an albaim tríd síos ná saothar giotáir Eoin Smith, col ceathrar Choilm. Bhí Eoin ina bhall de Na Fíréin agus giotáraí den scoth é. Tá rian an cheoltóra oilte seo fágtha aige tríd síos ar an albam úrnua seo, mar a bhíodh i gcónaí ar amhráin Na Fíréin.

An é seo an tús? An é seo an deireadh? An é seo an briseadh tríd? Is cuma i ndáiríre. Sé an ní is tábhachtaí ná go bhfuil Colm fós fé gheasa ag sprid an Eisteddfod agus Dayffd Iwan, go bhfuil sé fós fé gheasa ag an gceol, go bhfuil sé fós fé gheasa ag an gcumadóireacht, go bhfuil sé fós fé gheasa ag an ndiamhracht ar fad a bhaineann leis an gceol, go bhfuil sé fós gan splanc aige ina cheann ag cleachtadh an fhaiceachais le spás a fhágáil don chruthaitheacht.

Albam fíorthaitneamhach. Albam den scoth.

Is féidir 1967 a cheannach anseo. Agus beidh sé ar fáil ar iTunes go luath.

Fág freagra ar 'Albam den scoth ó Cholm Mac Séalaigh'