Ba le linn bheo-chraoladh RTÉ Raidió na Gaeltachta ar thorthaí na dtoghchán áitiúil agus Eorpach i mbliana a thagair Eoghan Ó Neachtain don tionchar a bhíonn ag an ‘áitiúlacht’ ar thoghcháin.
Ní aimseoidh tú ‘áitiúlacht’ i bhfoclóir ar bith ach ba léir an bhrí. Níor iarr an láithreoir Máirín Ní Ghadhra ar iarPhreas-Rúnaí an rialtais é a mhíniú toisc gur thuig ár bhformhór mór cad a bhí i gceist aige.
Íocann iarrthóirí toghcháin praghas ard polaitiúil uaireanta má thugann siad neamhaird ar ábhar imní áitiúil. Nó má chuireann siad róbhéim ar pholasaí náisiúnta gan a éifeacht áitiúil a chur san áireamh.
Tháinig an áitiúlacht agus a tionchar polaitiúil chun cuimhne arís le linn comhrá le duine de na seanfhondúirí a d’fhág a suíocháin Dála den uair dheireanach Déardaoin agus críoch á cur leis an gcruinniú deireanach den 33ú Dáil.
“Tá an tseineafóibe forleathan sa tír,” a dúirt sé, “ach ní bhaineann an chuid is mó di le daoine ó thíortha eile.”
“Scaití nuair a chuireann daoine caidéis orm is léir nach ag smaoineamh ar thíortha eile atá siad. Ná ar áiteanna eile in Éirinn ná fiú sa Dáilcheantar uaireanta. Is mó a spéis i gcúrsaí a bhaineann lena gceantair féin nó lena sráideanna féin fiú amháin.”
Beidh tionchar nach beag ag an meon sin, nó an áitiúlacht mar a thug Eoghan Ó Neachtain air, ar an gcoimhlint a bheas ar bun idir seo agus lá na vótála, an 29 Samhain. Is dá bharr a chaithfear a bheith cúramach agus an toradh iomlán á thuar.
Ní foláir a bheith aireach ag tús an fheachtais freisin maidir le trí chúinse eile nach féidir a thuar ná a thomhas roimh ré:
Aontacht
Ní mar chomhrialtas a iarrfaidh na páirtithe a bhí i mbun rialtais le ceithre bliana tacaíocht san olltoghchán.
Ní chuirfidh an tarraingt le chéile ó 2020 as don Chomhaontas Glas ó tharla gur léir do chách go bhfuil dearcadh polaitiúil ar leith ag an Chomhaontas. Is treise an fhadhb áfach a bheidh ag Fianna Fáil agus Fine Gael agus iad i mbun iomaíochta lena chéile.
Dúisíonn an iomaíocht sin ceist ar deacra ná riamh í a fhreagairt tar éis dóibh a bheith ag comhoibriú lena chéile ar bhealaí éagsúla le hocht mbliana anois: cad é an difríocht eatarthu?
Amhras
Dúirt an Taoiseach agus an toghchán á fhógairt aige Dé hAoine go raibh sé de cheart ag an bpobal dea-riar agus díograis a fháil ón rialtas. Tarraingíonn caint dá leithéid aird ar chumas an rialtais agus airgead an stáit á chaitheamh, agus ar chaiteachas lochtach, go háirithe.
Ní chabhróidh an €336,000 a caitheadh ar phálás na rothar i dTeach Laighean, ná an droch-chonradh a ceadaíodh i gcomhair Ospidéal Náisiúnta na Leanaí (dáta oscailte is deireanaí: 2026), le cás an rialtais.
Ní foláir a rá chomh maith gur dúshlán do Shinn Féin agus don fhreasúra é a chur ina luí ar vótálaithe go mbeadh dea-riar níos fearr againn fúthu féin. Maidir le tithíocht go háirithe.
Is léir nach bhfuil dóthain tithe/árasán le ceannach nó ar chíos réasúnta curtha ar fáil ag an rialtas, ach an mbeadh Sinn Féin ábalta an soláthar iomlán a fheabhsú agus a bhrostú?
Éiginnteacht
Athraíonn go leor vótálaithe a dtuairimí idir gairm olltoghcháin agus lá na vótála, mar is léir ónar tharla in 2020.
Thug pobalbhreith sa Sunday Times le fios ag tús an fheachtais go mbeadh sciar Fhianna Fáil de na vótaí céad rogha (32%) i bhfad chun cinn ar Fhine Gael (20%) agus ar Shinn Féin (19%). Níor léirigh comhaireamh na vótaí aon athrú ar thacaíocht Fhine Gael ach bhí céatadán céad rogha Fhianna Fáil (22.5%) deich bpointe beagnach níos ísle agus céatadán Shinn Féin (24.5%) cúig phointe níos airde agus iad chun cinn ar na príomhpháirtithe eile.
Tá gach cosúlacht ar gach pobalbhreith faoi láthair gur dócha go mbeidh Fianna Fáil agus Fine Gael i mbun rialtais le cabhair ó neamhspleáigh nó ó pháirtí éigin tar éis an toghcháin. Ach ní chuirfeadh duine ciallmhar ar bith athrú meoin as an áireamh, ná ní chuirfeadh sé as an áireamh an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag cúrsaí inimirce ar an bhfeachtas, ná conspóid gan choinne a tharlódh roimh lá na vótála ar an 29 Samhain.
Rud eile: ní bhíonn vótálaithe buíoch de rialtas de ghnáth. Roimh olltoghchán 2020 rinne Fine Gael mór is fiú de láimhseáil an Bhreatimeachta agus socruithe a bhí oiriúnach don oileán á gcur chun cinn ag Leo Varadkar mar Thaoiseach.
Léirigh a ndearna Varadkar roimh an olltoghchán “dea-riar agus díograis”, faoi mar a mhol Simon Harris Dé hAoine, ach níor bhain Fine Gael aon tairbhe as sin ceithre bliana ó shin.
Ceacht: molann gach rialtas a shaothar féin ach ní thuilleann féinmholadh mórán vótaí de ghnáth.
Ceacht eile: molann gach iriseoir ceacht do pholaiteoirí ó am go ham ach ní thuilleann ceacht aird.
Fág freagra ar 'Áitiúlacht, aontacht agus amhras – fáilte go dtí Olltoghchán 2024'