Aitheantas speisialta le tabhairt ag Ollscoil na Gaillimhe do bheirt as an nGaeltacht

Tá Rónán Ó Domhnaill ó Choimisiún na Meán agus an Dr Ríona Ní Ghriallais, bunaitheoir comhlachta leighis, i measc ochtar iarchéimithe a mbronnfar gradaim alumni orthu

Aitheantas speisialta le tabhairt ag Ollscoil na Gaillimhe do bheirt as an nGaeltacht

Tá aitheantas speisialta le tabhairt ag Ollscoil na Gaillimhe do bheirt ó Ghaeltacht Chonamara mar chuid de Ghradaim Alumni 2025 na hollscoile.

Tá Rónán Ó Domhnaill ó Choimisiún na Meán agus an Dr Ríona Ní Ghriallais, bunaitheoir comhlachta leighis, i measc an ochtair iarchéimithe a mbronnfar gradaim orthu an mhí seo chugainn.

Déanann Gradaim Alumni Ollscoil na Gaillimhe ceiliúradh ar dhaoine eisceachtúla i measc 133,000 alumnus na hollscoile trí aitheantas a thabhairt dá gcuid oibre i réimsí éagsúla.

Tá an Gradam Alumni don Ghaeilge le bronnadh ar Rónán Ó Domhnaill, atá ina Choimisinéir um Fhorbairt na Meán le Coimisiún na Meán. Chaith Ó Domhnaill, ar as an gCeathrú Rua dó, nach mór naoi mbliana ina Choimisinéir Teanga sular éirigh sé as an ról sin in 2023 agus chaith sé 16 bliana mar iriseoir agus mar chomhfhreagraí polaitíochta le TG4 agus RTÉ roimhe sin.

Mar Choimisinéir um Fhorbairt na Meán, coinníonn Ó Domhnaill súil ar thionscnaimh mhaoinithe d’earnáil na meán in Éirinn. Tá sé freagrach freisin as go leor de na moltaí i dTuarascáil Choimisiún Thodhchaí na Meán a chur i bhfeidhm, athbhreithniú cuimsitheach ar sholáthar na Gaeilge sna meáin in Éirinn ina measc.

Is as Indreabhán i gCois Fharraige don Dr Ríona Ní Ghriallais, a bhfuil an Gradam Alumni do Cheannairí Nua le bronnadh uirthi. Tá Ní Ghriallais ina comhbhunaitheoir agus ina Príomhoifigeach Teicneolaíochta le ProVerum, cuideachta as Éirinn a dhéanann fearais leighis, a bhunaigh sí in 2016 leis an Dr Conor Harkin.

Déanann sí obair chomh maith chun mná óga a spreagadh le gairmeacha san innealtóireacht agus sa nuálaíocht a bhaint amach.

Is iad Deirdre Sullivan, úrscéalaí a bhfuil gradaim buaite aici; Anne O’Riordan, iIarstiúrthóir an Ghrúpa Dhigitigh ag Jardine Matheson Limited; Geoffrey Shannon, Breitheamh de chuid na Cúirte Cuarda; an Dr Fiona Grant, Ceannaire na gClár Idirnáisiúnta in Foras na Mara; An Dr Elizabeth Whalen, Stiúrthóir Leighis na hOifige Sláinte Poiblí do Stát Nua-Eabhrac; agus Kevin Dinneen, Cathaoirleach Rugbaí Tríú Leibhéal agus Bhord Achomharc an IRFU, na daoine eile a bhfuil na Gradaim Alumni do 2025 le bronnadh orthu ag Ollscoil na Gaillimhe.

Dúirt Uachtarán Eatramhach Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Peter McHugh gur mhór an phribhléid a bhí ann aitheantas a thabhairt don ochtar.

“Bíonn tionchar mór ag gach duine acu ar an saol ar a mbealach féin agus tá súil agam go mbeidh a gcuid éachtaí ina n-eiseamláir dár mic léinn reatha agus dár gcéimithe,” a dúirt sé.

Cuireadh tús le Gradaim Alumni na hollscoile sa mbliain 2000 agus bronnfar gradaim 2025 ag ócáid bhronnta san ollscoil an mhí seo chugainn, Dé hAoine an 23 Bealtaine.

Fág freagra ar 'Aitheantas speisialta le tabhairt ag Ollscoil na Gaillimhe do bheirt as an nGaeltacht'