Áit bainte amach ag banna buachaillí as Éirinn i mbabhta ceannais ‘Germany’s Got Talent’ – le hamhrán Gaeilge

Tá conradh le Sony faighte ag banna ceoil as Éirinn i ndiaidh dóibh áit a bhaint amach i mbabhta ceannnais ‘Germany’s got Talent’ le hamhrán as Gaeilge. Chuir Dúlamán, banna ceoil as Dún Búinne sa Mhí agus Mainistir Eimhín i gCill Dara, isteach ar an gcomórtas teilifíse agus iad ag súil le hábhairín poiblíochta a […]

Áit bainte amach ag banna buachaillí as Éirinn i mbabhta ceannais ‘Germany’s Got Talent’ – le hamhrán Gaeilge

Tá conradh le Sony faighte ag banna ceoil as Éirinn i ndiaidh dóibh áit a bhaint amach i mbabhta ceannnais ‘Germany’s got Talent’ le hamhrán as Gaeilge.

Chuir Dúlamán, banna ceoil as Dún Búinne sa Mhí agus Mainistir Eimhín i gCill Dara, isteach ar an gcomórtas teilifíse agus iad ag súil le hábhairín poiblíochta a fháil do chamchuairt a bhí beartaithe acu a dhéanamh sa Ghearmáin.

Ach is cosúil gur éirigh go seoigh le cinneadh an bhanna leagan Gaeilge d’amhrán de chuid duine de mholtóiri an chomórtais a chasadh. Bhí Dieter Bohlen, a bhí ina bhall den ghrúpa Modern Talking, beirt a thuill clú agus cáil sa Ghearmáin sna 198óidí, chomh tógtha sin leis an leagan Gaeilge dá amhrán ‘Brother Louie’ go mbeidh buachaillí na hÉireann á fhéachaint Dé Sathairn le 13 grúpa eile sa bhabhta ceannais de Das Supertalent.

Ag labhairt dó le The Irish Sun, dúirt Seán Kenny, duine den cheathrar amhránaithe sa ghrúpa Dúlamán, nach raibh aon choinne acu go rachaidís chomh fada sin sa chomórtas ach go ndeachaigh an leagan Gaeilge de ‘Brothar Louie’ i bhfeidhm go mór ar an lucht féachana.

Fág freagra ar 'Áit bainte amach ag banna buachaillí as Éirinn i mbabhta ceannais ‘Germany’s Got Talent’ – le hamhrán Gaeilge'