Foilseofar aistriúchán Seicise de Cré na Cille an bhliain seo chugainn i bPrág.
Is é Radvan Markus, a d’fhoilsigh leagan Seicise de L’Attaque le hEoghan Ó Tuairisc roimhe seo, a rinne an t-aistriúchán.
Bhí Markus i mBaile Átha Cliath mar aoi de chuid na Féile Imram agus é mar dhuine den bhuíon idirnáisiúnta a chuir ‘Ó Bhaile Átha Cliath go Prág: Móroíche Litríochta na Gaeilge agus na Seicise’ i láthair Dé Luain.
Bhí Ambasadóir Phoblacht na Seice, Hana Hana Mottlová, i láthair nuair a cuireadh an seó i láthair Gaeil agus Seicigh i McGrattans i mBaile Átha Cliath. Tá bá ar leith ag an Ambasadóir Mottlovau leis an nGaeilge mar gur dhein sí féin freastal ar ranganna Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus í ina mac léinn.

Sa rang céanna léi an uair sin bhí Ondrej Pilny, atá anois ina Stiúrthóir ar Ionad an Léinn Éireannaigh in Ollscoil Sheárlais i bPrág agus ina chathaoirleach ar IASIL, an eagraíocht idirnáisiúnta a dhíríonn ar an Léann Éireannach. Ní hionadh, agus cairde mar seo sa chúirt aici, an Ghaeilge a bheith chun tosaigh i gclár Ollscoil Phrág. Tá an teanga á múineadh i bPrág le fada agus is é Radvan Markus féin an príomhléachtóir Gaeilge le blianta beaga anuas.
Tá aithne mhaith ar Markus in Éirinn agus sealanna caite aige ag déanamh taighde i mBaile Átha Cliath agus i gCarna. Chaith an Dr Pádraig Ó Liatháin, fear a’ tí na hoíche ceiliúrtha, seal mar léachtóir Gaeilge i bPrág chomh maith agus go deimhin is ann a bhuail sé lena bhean chéile Káťa Garcia, atá ina léachtóir le Spáinnis i gColáiste na Tríonóide. I measc na n-oirfideach eile a bhí i láthair ag ócáid na hoíche aréir, bhí céimí eile de chuid ranganna Gaeilge Phrág, Daniela Theinová, a bhfuil téacsanna ilchineálacha aistrithe go Gaeilge aici.
Deineadh sleachta as nuafhilíocht chomhaimseartha na Seicise a chur i láthair mar chuid d’imeachtaí an Luain chomh maith le sleachta as An Dea-Shaighdiúir Švejk de chuid an ainrialaí Jaroslav Hašek, saothar polaitiúil atá lán de ghreann.
Ba é Breandán Ó hEithir, a chaith seal i bPrág, a sholáthair an leagan Gaeilge.

Ba é an Dr Éamon Ó Cíosáin a chuir scríbhinn Uí Eithir ar fáil. Chomh maith lena mbua le teangacha tá bua an cheoil ag na Seicigh Ghaelacha agus a gcairde agus cuireadh ceol as Éirinn, as an mBoihéim agus as an Moráiv i láthair ag Garcia, Ó Liatháin, Markus agus a gcomhoirfidigh Jana Markusová, Síle Denvir agus Daniela Theinová.
Dúirt Liam Carson, Stiúrthóir na Féile Imram:
“Is cuid thábhachtach de mhisean Imram na hoícheanta idirnáisiúnta seo, mar a ndéantar litríocht na Gaeilge a chur i láthair i dteannta na litríochta idirnáisiúnta. Caithfear litríocht na Gaeilge a chur i láthair an phobail laistigh de fhráma nua-aoiseach, beoga, ilchultúrtha. Creidimid gur litríocht nua-aimseartha spreagúil cheannródaíoch í litríocht na Gaeilge a thuilleann ardán náisiúnta agus idirnáisiúnta.”
Is chun na críche sin a cuireadh Caitríona Pháidín ag caint Seicise i mBaile Átha Cliath aréir, agus ba léir ón taitneamh a bhain na Seicigh a bhí sa lucht éisteachta as cur i láthair bríomhar Shíle Denvir agus Kát’a Garcia go bhfuil macasamhail Chaitríona Pháidín ag baile ag na Seicigh.
Cífear a thuilleadh fós de Chaitríona Pháidín agus a cairde i bPrág i Meán Fómhair na bliana seo chugainn mar a mbeidh Radvan Markus agus a mheitheal ag eagrú comhdháil Ghaeilge: ‘Ar an Imeall i Lár an Domhain?: An tairseachúlacht i litríocht agus i gcultúr na hÉireann agus na hEorpa’.
Beidh raidhse imeachtaí eile ar siúl le linn na Féile Imram i mBaile Átha Cliath, ina measc, Lón Leningrad, an dráma is déanaí de chuid Aodha Uí Dhomhnaill, a bheidh ar siúl in Amharclann Smock Alley anocht, agus Víreas is ea Teanga, ceardlann idirghníomhach a bheidh ar siúl in Ionad na Scríbhneoirí tráthnóna.

Seán Mac Gearailt
Ba chóir a chur ar a súile do dhaltaí scoile na tíre seo go bhfuil meas ar an nGaeilge i bhfad i gcéin agus nach teanga don Ghaeltacht amháin atá inti. Dá dtuigfidís go bhfuil staidéar á dhéanamh ar an teanga agus go bhfuil meas ar an nGaeilge agus í á úsáid thar lear b’fheidir go dtabharfadh sin spreagadh dóibh í a fhoghlaim. Bhainfeadh sé siar fosta as na daoine a mhaíonn gur teanga mharbh í an Ghaeilge.
Tuirseach
Cinnte Seán. I mo thuairim tá líon an-ard de chainteoirí laethúil Gaeilge thar lear agus ba cheart bhféidir socruithe a dhéanamh chun na figiúirí sin a fhiosrú.