‘Aisteach’ go bhfuil Roinn na Gaeltachta ag maoiniú bannaí máirseála 

D’fhógair an tAire Stáit Patrick O’Donovan go raibh €150,000 á chur ar fáil ag a Roinn do Ghníomhaireacht na hUltaise 

‘Aisteach’ go bhfuil Roinn na Gaeltachta ag maoiniú bannaí máirseála 

Deir Seanadóir de chuid Shinn Féin go bhfuil sé “aisteach” go bhfuil Roinn na Gaeltachta ag cur maoiniú ar fáil do bhannaí máirseála ó thuaidh tráth a bhfuil eagraíochtaí Gaeilge “gann” ar airgead.

D’fhógair an tAire Stáit Patrick O’Donovan an tseachtain seo go raibh €150,000 á chur ar fáil ag a Roinn do Ghníomhaireacht na hUltaise agus go mbeadh cuid den mhaoiniú sin á chaitheamh ar chlár píolótach do bhannaí máirseála i gcontaetha na teorann “le tacú le riachtanas fearais san earnáil”.

Dúirt an Roinn go gcuideodh an clár le hathbheochan a dhéanamh ar bhannaí máirseála agus “an traidisiún a chaomhnú”.

Deir an Seanadóir Niall Ó Donnghaile gur deacair ciall a bhaint as cinneadh na Roinne maoiniú a chur ar fáil do bhannaí máirseála agus go raibh  “tuilleadh eolais” de dhíth ón Roinn faoin chúis go ndearnadh an cinneadh sin.

“An é gur tháinig athrú ar threoirlínte nó ar choinníollacha maoinithe na Roinne. An bhfuil sé anois faoi Roinn na Gaeltachta agus an Foras maoiniú a chur ar fáil do bhannaí máirseála?”

“Tá cuid de na bannaí máirseála sáite i gconspóid agus bíonn deacrachtaí leo. Tá ar an Fhoras agus ar an Roinn míniú ceart a thabhairt ar an dóigh a chaithfear an t-airgead,” a dúirt Ó Donnghaile le Tuairisc.ie.

Dúirt Ó Donnghaile go raibh “brú” ar eagraíochtaí Gaeilge mar gheall ar na deacrachtaí maoinithe atá ag Foras na Gaeilge de dheasca na sáinne polaitiúla..

“Tráth a bhfuil eagraíochtaí Gaeilge ag dul gann, tá sé deacair mar sin a oibriú amach cén fáth a ndearnadh an cinneadh seo,” a dúirt Ó Donnghaile.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, le déanaí gur ábhar buartha d’Fhoras na Gaeilge na deacrachtaí atá á gcruthú dóibh ag an tsáinn pholaitíochta ó thuaidh agus go raibh imní air faoina bhfuil i ndán don eagraíocht trasteorann.

An Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas [CATT] a cheadaíonn buiséad an Fhorais agus ní féidir maoiniú breise a cheadú mar nach ann don Fheidhmeannas faoi láthair.

De ghnáth, cuireann Roinn na Gaeltachta 75% de  mhaoiniú an Fhorais ar fáil  agus tagann an 25% eile ón Roinn Pobal ó thuaidh. I gcás Ghníomhaireacht na hUltaise tagann 75% den  mhaoiniú ón Roinn Pobal ó thuaidh agus tagann an 25% eile ó Roinn na Gaeltachta.

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O’Donovan deontais nach mór milliún euro  d’Fhoras na Gaeilge agus do Ghníomhaireacht na hUltaise.

Ceadaíodh na deontais taobh amuigh den ghnáthstruchtúr maoinithe a bhaineann leis an Fhoras trasteorann.

I ráiteas a chuir Roinn na Gaeltachta ar fáil do Tuairisc faoin mhaoiniú do na bannaí máirseála dúradh gur chuir Gníomhaireacht na hUltaise in iúl don Roinn go raibh “gá” le hinfheistíocht a dhéanamh sna bannaí máirseála i gcontaetha Dhún na nGall, an Chabháin agus Mhuineacháin.

“Is bannaí beaga iad go príomha agus a mballraíocht ídithe tar éis na paindéime agus drochthionchar ar dheiseanna taispeántais chomh maith le deiseanna airgead a bhailiú, tráth a bhfuil ardú ar chostais reáchtála ag cur brú orthu,” a dúirt urlabhraí na Roinne.

Dheimhnigh an Roinn go mbeadh an t-airgead á chaitheamh ar dhrumaí agus ar uirlisí ceoil eile, ar chultacha agus ar ranganna ceoil i scoileanna agus ag oifigí na Gníomhaireachta i Rath Bhoth, Co. Dhún na nGall.

Fág freagra ar '‘Aisteach’ go bhfuil Roinn na Gaeltachta ag maoiniú bannaí máirseála '

  • Aonghus

    Maoiniú dá ‘gcultúr’ is don Ultais fhad is atá eagraíochtaí Gaeilge ar an ngannchuid?

    Sin go díreach an sprioc a bhí ag na haontachtaithe nuair a chonaiceadar go gcaithfeadh rialtas Londain an Ghaeilge a chur ar chomhchéim le Breatnais agus Gaedhilg.

    Tugadh léargas dúinn ar ‘chultúr’ seo na bhfear buí leis an bhfíseán gránna uatha as halla Oráisteach anuraidh á dtaispeáint ag magadh faoi bhás Michaela McAreavey.

  • Criostóir Ó Maonaigh, Melbourne, Na hAstráile

    Nach maith an rud é gur dheimhnigh An Roinn ná bheadh an deontas úd á chaitheamh ach ar dhrumaí agus uirlisí ceoil nua, agus ní haon diobháil é dá mbeadh cúpla Euro a chur le saiseanna deasa bándhearga a cheannach chomh maith.