Deontas nach mór milliún euro fógartha d’Fhoras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise

Tá €680,000 le caitheamh ar earnáil na foilsitheoireachta agus na foclóireachta agus tá €150,000 le caitheamh ar chlár oideachais Ultaise agus ar bhannaí máirseála

Deontas nach mór milliún euro fógartha d’Fhoras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise

Tá deontais nach mór milliún euro fógartha ag Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O’Donovan d’Fhoras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise.

Rachaidh €680,000 den €910,000 atá fógartha ag O’Donovan go dtí earnáil na foilsitheoireachta agus na foclóireachta.

Caithfear €300,000 den mhaoiniú sin ar scéimeanna de chuid Chlár na Leabhar Gaeilge. Caithfear €300,000 eile ar chóras dáileacháin Áis, an Áisíneacht Dáileacháin Leabhar, agus ar straitéis mhargaíochta a fhorbairt d’fhoilsitheoirí na Gaeilge.

Tá maoiniú aon-uaire €80,000 ceadaithe don iris mhíosúil, Comhar, chun tacú le forbairt na scríbhneoireachta agus na litríochta agus tá €80,000 eile ceadaithe d’Oireachtas na Samhna le háiseanna cartlainne a bhunú i gcomhar le Fiontar agus Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU).

Tá €150,000 á chur ar fáil do Ghníomhaireacht na hUltaise le clár oideachais a fhorbairt “a thabharfaidh deis do dhaltaí idirbhliana foghlaim faoi fhéiniúlacht na hUltaise”. Caithfear an chuid eile den mhaoiniú ar chlár píolótach do bhannaí máirseála i gcontaetha na teorann.

“Cuideoidh an clár le hathbheochan a dhéanamh ar na bannaí seo agus an traidisiún a chaomhnú,” a dúirt Roinn na Gaeltachta.

Tagann fógra an Aire Stáit sna sála ar ráiteas a rinne Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge faoin imní atá air faoina bhfuil i ndán don eagraíocht trasteorainn.

Ábhar buartha d’Fhoras na Gaeilge na deacrachtaí atá á gcruthú dóibh ag an tsáinn pholaitíochta ó thuaidh.

Dúirt an tAire Stáit Patrick  O’Donovan go raibh “an-áthas” air an maoiniú a fhógairt do na forais teanga thuadh theas.

“Tabharfaidh an infheistíocht seo tacaíocht bhreise d’earnáil na foilsitheoireachta agus na scríbhneoireachta Gaeilge dul i ngleic leis na dúshláin atá san earnáil faoi láthair agus cinnteoidh sé go bhfuil áiseanna cartlainne agus foclóireachta á bhforbairt agus ar fáil do phobal na Gaeilge.

“Tá sé tábhachtach aitheantas a thabhairt don oidhreacht Ultaise sna contaetha cois teorann agus cuideoidh an tacaíocht seo le tionscnaimh nua a fhorbairt chun an oidhreacht sin a chaomhnú agus a leathnú.”

Fág freagra ar 'Deontas nach mór milliún euro fógartha d’Fhoras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise'

  • Aonghus

    Oidhreatch na hUltaise sna contaetha cois teorann!

    Cá bhfuil litríocht na hUltaise? Ca bhfuil logainmneacha na hUltaise?

    Go heol domsa níl inti ach patois gur chuma leis na haontachtaithe fhéin fúithi ach í a úsaid mar dhris sa chosán ar iarrachtaí rialtas Shasanna an Ghaeilge a chur ar chomhchéim le Gaidhlig agus Breatnais.

    Ach ná bac mise, bí cinnte gur fearr atá a fhios ag an Aire O’Donavan.

    Le do thoil a Aire, inis dhom cén áit ó thuaidh a labhaítear an tseoid luachmhar seo den chultúr aontachtach go gcloisfidh me í?

  • Antóin

    Shíl mise go raibh a wheen o wurds ag chuile dhuine.

  • Éamonn

    Tá an ceart ar fad agaibh.